| |

|
Abhcóide
|
Seasann an tAbhcóide do dhaoine i gcúirt ach a gcás a chur roimh bhreitheamh agus ghiúiré. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Achtúire
|
Úsáideann Achtúire modhanna matamaitice agus staitistice chun dóchúlachtaí airgeadais a mheas i dtionscadail a fhaightear sa tionscal árachais den mhórchuid. |
Céim agus Dámhachtain Ghairmiúil |
|
| |

|
Aigéaneolaí
|
Déanann Aigéaneolaí staidéar ar aigéin agus fharraigí an domhain, ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus ar a ndéanann siad. |
Céim san Eolaíocht |
|
| |

|
Ailtire
|
Déanann Ailtire foirgnimh a dhearadh, a phleanáil agus stiúrann sé/sí tógáil na bhfoirgneamh sin. |
Céim + Dámhachtain Ghairmiúil |
|
| |

|
Ainéistéisí
|
Is dochtúir cáilithe é/í Ainéistéisí le hoiliúint speisialaithe agus oibríonn sé/sí i rannóg mháinliachta ospidéil. Cinntíonn an t-ainéistéisí go bhfuil othair ullmhaithe d’obráid, go bhfuil siad compordach lena linn agus go ndéantar maoirseacht orthu ina dhiaidh. |
Céim sa Leigheas |
|
| |

|
Aisteoir
|
Glacann Aisteoir páirt carachtair i ndrámaí, léiriúcháin agus fógraí do scannáin, don teilifís, raidió agus don stáitse. |
Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann. |
|
| |

|
Aistritheoir
|
Aistríonn an tAistritheoir téacs agus doiciméid scríofa ó theanga amháin go teanga eile. |
Céim |
|
| |

|
Altra Déadach/Cúntóir Lialainne
|
Oibríonn an tAltra Déadach/Cúntóir Lialainne mar chúntóir le fiaclóir in ospidéil dhéadacha agus i saotharlanna déadacha. |
Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise |
|
| |

|
Altra Obrádlainne
|
Comhordaíonn an tAltra Obrádlainne soláthar seirbhísí cúraim othair agus tacaíochta laistigh d’aonad máinliachta. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Altra Síciatrachta
|
Cabhraíonn an tAltra Síciatrachta le daoine a meabhairshláinte a fheabhsú agus a chothabháil agus is féidir ról oideachais a bheith aige/aici maidir le cosc ar thinneas síciatrach. |
Céim |
|
| |

|
Altra Tréidliachta
|
Cabhraíonn an tAltra Tréidliachta le Tréidlia i gcóireáil ainmhithe breoite agus gortaithe. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Altra – Ginearálta
|
Oibríonn an tAltra Ginearálta in ospidéal nó i gclinic ag déanamh cúraim d’othair agus ag cabhrú le dochtúirí agus máinlianna. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Altra – Míchumas Meabhrach
|
Freastalaíonn an tAltra seo ar riachtanais speisialta daoine meabhair-éislinneacha, ag obair i seirbhísí cónaithe nó seirbhísí pobail. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Amhránaí
|
Canann Amhránaí le grúpa, le cór nó leis/léi féin, ag taifeadadh amhrán agus ag cur siamsaíochta ar fáil do dhaoine le taibhiú beo. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Anailísí Córas TF
|
Déanann Anailísí Córas TF anailís ar riachtanais úsáideoirí deiridh ríomhairí agus scríobhann tuairiscí do ríomhchláraitheoirí agus do theicneoirí. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Anailísí Gnó
|
Dearann Anailísí Gnó córais ghnó agus déanann anailís orthu chun a n-éifeachtúlacht a optamú. |
Céim nó níos airde |
|
| |

|
Ateangaire
|
Aistríonn Ateangaire focail labhartha ó theanga amháin go teanga eile. |
Céim (Nuatheangacha) + Iarchéim |
|
| |

|
Báicéir/Milseogaire
|
Bácálann an Baicéir/Milseogaire arán agus milseogra de gach sórt agus déanann iad a mhaisiú. |
Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Teastas nó Dioplóma |
|
| |

|
Bainisteoir - Turasóireacht
|
Tugann an Bainisteoir Turasóireachta eolas do thurasóirí faoin gceantar nó ionad. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Bainisteoir Bainc/Airgeadais
|
Pleanálann, stiúrann agus comhordaíonn an Bainisteoir Bainc/Airgeadais gníomhaíochtaí oibrithe i mbanc/láthair airgeadais. Bunaíonn agus déanann sé/sí cothabháil ar chaidrimh le cliaint, forbhreathnaíonn an sreabhadh airgid agus ionstraimí airgeadais. |
Bheadh cáilíochtaí tríú leibhéil ag an mhórchuid de bhainisteoirí. |
|
| |

|
Bainisteoir Beáir
|
Bíonn Bainisteoir Beáir freagrach as oibriú iomlán an bheáir, stoc, airgead, earcaíocht agus oiliúint foirne san áireamh. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Bainisteoir Bialainne/Lónadóireachta
|
Déanann an Bainisteoir Bialainne/Lónadóireachta maoirseacht ar reáchtáil bialainne, nó seirbhís lónadóireachta, agus iad a bhainistiú. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Ceannaigh
|
Déanann an Bainisteoir Ceannaigh pleanáil, stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí ceannaitheoirí, oifigigh cheannaigh agus oibrithe bainteacha a bhfuil ról acu i gceannach ábhar, táirgí agus seirbhísí. |
Ardteistiméireacht nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Córas Faisnéise
|
Úsáideann an Bainisteoir ar Chórais Faisnéise eolas ar chórais ríomhaire chun riachtanais TF eagraíochta a bhainistiú. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Bainisteoir Cuntas Corparáideach
|
Bíonn an Bainisteoir Cuntas Corparáideach freagrach as bainistíocht, anailís agus forbairt punainne do chliaint chorparáideacha. |
Is buntáiste é oideachas tríú leibhéal. |
|
| |

|
Bainisteoir Fáilteachais
|
Déanann an Bainisteoir Fáilteachais maoirsiú agus rialú ar reáchtáil óstáin nó comhlachta fóillíochta/fáilteachais agus cinntíonn go bhfuil na custaiméirí sásta. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Feirme
|
Déanann an Bainisteoir Feirme maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú na feirme. |
Ardteistiméireacht + printíseacht feirme |
|
| |

|
Bainisteoir Feirme Éisc
|
Déanann an Bainisteoir Feirme Éisc maoirsiú agus bainistiú ar fheidhmiú feirme éisc. |
Ardteistiméireacht + oiliúint bhreise |
|
| |

|
Bainisteoir Fógraíochta/CP
|
Déanann an Bainisteoir Fógraíochta/CP feachtais fógraíochta a chruthú do chliant. Déanann sé/sí margaíocht agus pacáistiú ar tháirgí, taighde margaíochta, taispeántais agus cuireann seirbhísí caidrimh phoiblí eile ar fáil. |
Ardteistiméireacht chomh maith le dámhachtain ghairmiúil. |
|
| |

|
Bainisteoir Fóillíochta
|
Déanann an Bainisteoir Fóillíochta maoirsiú agus bainistíocht ar reáchtáil áiseanna caithimh aimsire éagsúla. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha agus Cumarsáide
|
Bíonn an Bainisteoir seo freagrach as íomhá chorparáideach agus iompar gach cumarsáide seachtraí. |
Gnó nó margaíocht ag an Tríú Leibhéal |
|
| |

|
Bainisteoir Gortóireachta
|
Déanann an Bainisteoir Gortóireachta maoirsiú agus bainistiú ar ionaid gharraíodóireachta nó úlloird. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Iniúchta Slándála
|
Déanann an Bainisteoir Iniúchta Slándála measúnú ar thuairiscí ó fhoirne oibrithe agus imscrúdaitheoirí agus aimsíonn athruithe i gcórais agus i bpróisis atá riachtanach chun sábháilteacht a fheabhsú. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Léiriúcháin Scannán
|
Cabhraíonn an Bainisteoir Léiriúcháin Scannán le léiritheoir, ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannán, teilifíse nó stáitse. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Bainisteoir Lóistín
|
Oibríonn an Bainisteoir Lóistín in óstán, déanann forbhreathnú ar an nglanadh agus na dualgais chothabhála go léir, eagraíonn fostaíocht foirne agus a sceidil oibre. |
Ardteistiméireacht + oiliúint bhreise |
|
| |

|
Bainisteoir Margaíochta / Cumarsáide
|
Bíonn an Bainisteoir Margaíochta/Cumarsáide freagrach as feachtais mhargaíochta a reáchtáil chomh maith le fógraíocht nua a fhorbairt do chuideachta. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Margaíochta Táirge
|
Bíonn an Bainisteoir Margaíochta Táirge freagrach as pleanáil gnó agus soláthar eolais ar tháirgí chomh maith le tacaíocht don fhoireann díola. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Miondíola
|
Déanann an Bainisteoir Miondíola maoirseacht agus bainistiú ar asraon miondíola nó ar shiopa. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Bainisteoir na Deisce Cabhraí TF
|
Déanann an Bainisteoir seo banistiú ar an deasc chabhrach TF in eagraíocht. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde (réimse TF) |
|
| |

|
Bainisteoir Pearsanra
|
Déanann an Bainisteoir Pearsanra pleanáil, stiúradh agus comhordú ar ghníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní daonna in eagraíocht. Is féidir leo bheith i gceannas ar chúrsaí amhail cúiteamh fostaithe, earcaíocht, polasaithe pearsanra agus géilliúntas rialála. |
Céim chomh maith le cáilíocht ghairmiúil bhreise in acmhainní daonna. |
|
| |

|
Bainisteoir Rannóige
|
Bíonn an Bainisteoir Rannóige freagrach as gach cuid den rannóg - bainistíocht foirne, a chinntiú go bhfuil caighdeáin arda de sheirbhís chustaiméara á soláthar agus ag comhlíonadh buiséid. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Bainisteoir Rannóige, Tógáil
|
Déanann an Bainisteoir Rannóige - Tógáil maoirseacht dhíreach ar ghníomhaíochtaí oibrithe tógála nó bainteacha, agus iad a chomhordú. Scrúdaíonn agus imscrúdaíonn sé/sí dul chun cinn oibre, trealamh, agus suímh thógála chun sábháilteacht a dheimhniú agus chun a chinntiú go gcomhlíontar sonraíochtaí. |
Is féidir dul leis an ngairm seo ach Printíseacht FÁS nó cúrsa coláiste a dhéanamh chomh maith le ho |
|
| |

|
Bainisteoir Seirbhísí do Custaiméirí
|
Déanann an Bainisteoir seo maoirseacht agus bainistíocht ar an rannóg seirbhísí do chustaiméirí i gcuideachta nó in eagraíocht. |
Ardteistiméireacht + oiliúint bhreise |
|
| |

|
Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt
|
Déanann an Bainisteoir Siamsaíochta/Spóirt eagrú, bainistíocht agus riarachán ar gach ócáid a bhaineann le siamsaíocht agus spórt. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Siopa
|
Bíonn an Bainisteoir Siopa freagrach as oibriú iomlán siopa, seirbhís chustaiméirí, brabúis agus forbairt scileanna na foirne san áireamh. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta
|
Bíonn an Bainisteoir Sláinte agus Sábháilteachta freagrach as measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionscadail agus cásanna a aithint ina bhfuil seans nach gcomhlíonfaidh an dearadh na cóid chleachtais riachtanacha. |
Céim leibhéil 7 nó 8 |
|
| |

|
Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh
|
Déanann an Bainisteoir Sóisearach Oifige Tosaigh maoirsiú ar obair fostaithe riaracháin oifige nó seirbhíse chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí le caighdeáin cháilíochta, le spriocdhátaí agus le nósanna imeachta cearta. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Stáitse
|
Déanann an Bainisteoir Stáitse maoirseacht agus bainistiú ar reáchtáil an stáitse le linn taibhiú amharclannach. |
Níl aon riachtanais fhoirmiúla ann |
|
| |

|
Bainisteoir Stórais
|
Déanann an Bainisteoir Stórais pleanáil, stiúradh agus comhordú ar oibríochtaí stórais agus ar dháileacháin laistigh d’eagraíocht. |
Ardteistiméireacht chomh maith le taithí bhainteach sa phost féin. Seans go mbeidh céim de dhíth ar |
|
| |

|
Bainisteoir Stórais
|
Freagrach as bainistiú agus reáchtáil laethúil trádstórais. |
Teastas Sóisearach + taithí bhainteach |
|
| |

|
Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin
|
Bíonn an Bainisteoir Teicniúil Ilmheáin freagrach as comhordú teicniúil na gcodanna éagsúla den tionscadal ilmheáin. |
Céim nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir TF
|
Déanann an Bainisteoir TF maoirsiú agus bainistiú ar reáchtáil na rannóige ríomhaireachta. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde (TF nó Gnó) |
|
| |

|
Bainisteoir Tionscadail
|
Comhordaíonn an Bainisteoir Tionscadail gach gné de thionscadal agus cinntíonn sé/sí go gcríochnaíonn sé de réir an sceidil. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Tionscadail TF
|
Bainistíonn an Bainisteoir Tionscadail TF córais ríomhaireachta in eagraíocht agus déileálann le haon fhadhb a thagann chun cinn. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bainisteoir Tionscadail, Dearadh Bogearraí
|
Comhordaíonn an Bainisteoir Tionscadail - Dearadh Bogearraí forbairt agus dearadh bogearraí mar chuid d’fhoireann. Forbraíonn, cruthaíonn agus mionathraíonn sé/sí bogearraí feidhmchláir ríomhaire ginearálta nó sainchláir áirge. |
Céim sa ríomheolaíocht chomh maith le taithí bhreise oibre agus oiliúint sa phost féin. |
|
| |

|
Bainisteoir Tógála
|
Déanann an Bainisteoir Tógála pleanáil, eagrú agus stiúradh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil agus cothabháil foirgneamh, áiseanna agus córas. Bainistíonn sé/sí an obair ó thús deireadh. |
Ardteistiméireacht chomh maith le cáilíocht tríú leibhéal |
|
| |

|
Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra
|
Bíonn Bainisteoirí Acmhainní Daonna & Pearsanra freagrach as earcaíocht foirne, forbairt inmheánach foirne, oiliúint agus forbairt fostaithe. |
Céim (Disciplíní éagsúla) |
|
| |

|
Bainisteoirí Córas Ríomhaireachta
|
Déanann an Bainisteoir Córas Ríomhaireachta pleanáil, stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí i réimsí amhail próiseáil sonraí leictreonacha, córais faisnéise, anailís chóras agus ríomhchlárú. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Bainisteoirí Iompair
|
Bíonn an Bainisteoir Iompair freagrach as sceidil agus bealaí a eagrú, a chinntiú go bhfuil gluaisteáin sábháilte agus go gcomhlíonann siad riachtanais dhlíthiúla, a chinntiú go bhfuil tiománaithe ar an eolas maidir lena ndualgais, agus nósanna imeachta maidir le cliseadh a eagrú.maidir le cliseadh a eagrú. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Beochantaóir
|
Tugann an Beochantóir beatha do bheochan agus chartúin i scannáin agus fístéipeanna ach clár scéalta réamhphleanáilte a leanúint. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Bithcheimiceoir
|
Déanann an Bithcheimiceoir staidéar ar cheimic ainmhithe agus phlandaí agus anailís ar a gcealla agus ar a bhfíocháin. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Bitheolaí/Micribhitheolaí
|
Déanann an Bitheolaí/Micribhitheolaí staidéar agus anailís ar bheatha plandaí agus ainmhithe agus bailíonn siad eolas fúthu. |
Céim san Eolaíocht |
|
| |

|
Bláthadóir
|
Eagraíonn agus dearann an Bláthadóir taispeántais agus crobhaingí bláthanna ag úsáid bláthanna agus plandaí. |
Níl aon riachtanas oideachais foirmiúil ann. |
|
| |

|
Bríceadóir
|
Oibríonn an Brídeadóir ar láithreán tógála ag tógáil ballaí agus struchtúr eile ag úsáid brící, bloc nó ábhar eile. |
Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + printíseacht FÁS |
|
| |

|
Bróicéir Árachais
|
Socraíonn Bróicéir Árachais árachas do dhaoine agus do ghnóthaí agus cuireann comhairle orthu maidir le cúrsaí árachais. |
Ardteistiméireacht + cáilíochtaí gairmiúla |
|
| |

|
Búistéir
|
Oibríonn Búistéir i siopa búistéara ag ullmhú feola le díol leis an bpobal. |
Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht 3 bliana |
|
| |

|
Cartlannaí
|
Eagraíonn an Cartlannaí taifid chartlainne agus forbraíonn córais aicmithe ionas go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar ábhar cartlainne. |
Céim + cáilíocht iarchéime |
|
| |

|
Ceangaltóir Leabhar (Ceird)
|
Bíonn baint ag an gCeangaltóir Leabhar le gach cuid den phróiseas clódóireachta tar éis priontála, ag úsáid teicnící láimhe agus uathoibríocha. |
Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann |
|
| |

|
Ceann Foirne TF
|
Bíonn an Ceann Foirne TF freagrach as foireann daoine, á spreagadh chun spriocanna sástachta custaiméirí a chomhlíonadh. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde (TF nó Gnó) |
|
| |

|
Ceannaí/Oifigeach Ceannacháin
|
Ceannaíonn an Ceannaí/an tOifigeach Ceannacháin táirgí agus stoc do shiopa nó do chuideachta mhiondíola. |
Ardteistiméireacht + taithí bhainteach |
|
| |

|
Ceannaire Foirne Cuntas
|
Cabhraíonn an Ceannaire Foirne Cuntas le tosaíocht bainistíochta agus dáileadh oibre i rannóg na gcuntas. |
Leibhéal 6 nó níos airde. |
|
| |

|
Ceantálaí
|
Luachálann Ceantálaí réadmhaoin agus eagraíonn díolacháin trí cheant. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Ceardaí Uirlise
|
Déanann an Ceardaí Uirlise cothabháil, seirbhísiú agus deisiú ar ghléasanna amhail méadair a úsáidtear i dtrealamh tionsclaíochta agus déantúsaíochta. |
Teastas Sóisearach/Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS |
|
| |

|
Ceardaí Cuisniúcháin
|
Suiteálann agus deisíonn an Ceardaí Cuisniúcháin córais chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin i bhfoirgnimh tís agus tráchtála. |
Teastas Sóisearach/Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS |
|
| |

|
Ceimiceoir
|
Déanann an Ceimiceoir taighde agus anailís ar ábhair agus ar dhéanmhas substaintí ceimiceacha. |
Céim san Eolaíocht. |
|
| |

|
Ceoltóir Gairmiúil
|
Seinneann agus taifeadann Ceoltóir Gairmiúil le grúpaí ceoil, le healaíontóirí agus ceolfhoirne ag seinm ar uirlis cheoil. |
Níl aon riachtanais fhoirmiúla ann |
|
| |

|
Cigire Cánach
|
Déanann an Cigire Cánach measúnú ar cháin agus bailíonn cáin ó ghnóthaí agus ó dhaoine gairmiúla. |
Céim |
|
| |

|
Cigire Talmhaíochta
|
Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht, bia agus foraoiseacht. |
Céim le taithí oibre |
|
| |

|
Círichleachtóir
|
Déanann an Círichleachtóir cúram d’othair le fadhbanna sa mhuineál, sa droim agus ailt eile gan leigheas nó máinliacht a úsáid. |
Céim agus Cáilíocht Iarchéime |
|
| |

|
Cléireach (Ginearálta)
|
Oibríonn an Cléireach Ginearálta in oifig riaracháin i ngnó, ag tabhairt faoi dhualgais oifige laethúla. |
Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann |
|
| |

|
Cléireach Árachais
|
Oibríonn an Cléireach Árachais do chomhlacht árachais ag déileáil le cliaint agus ag freastal ar a n-éilimh. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Cléireach Comhdúcháin/Taifead
|
Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá. |
Teastas Sóisearach + cáilíocht chuí |
|
| |

|
Cléireach Dlí
|
Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí. |
Teastas Leibhéal 6 nó níos airde |
|
| |

|
Clódóir
|
Oibríonn an Clódóir le trealamh clódóireachta ag forbairt teicnící agus próisis chlódóireachta. |
Teastas Sóisearach/Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS |
|
| |

|
Cnáimhsí
|
Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Cócaire faoi Oiliúint
|
Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú, cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne. |
Teastas Sóisearach chomh maith le Printíseacht |
|
| |

|
Cógaiseoir
|
Oibríonn an Cógaiseoir i gcógaslann ag ullmhú cógas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an gcóir leighis is oiriúnaí. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Cógaseolaí
|
Déanann an Cógaseolaí staidéar ar na héifeachtaí ag ceimicí agus cóireálacha leighis ar ainmhithe agus ar dhaoine. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Coigeartóir Árachais
|
Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist. |
Ardteistiméireacht + oiliúint bhreise |
|
| |

|
Coimeádaí (Iarsmalann/Gailearaí Ealaíne)
|
Bíonn an Coimeádaí freagrach as cothabháil ghinearálta agus bainistíocht iarsmalainne nó gailearaí. |
Céim nó Dámhachtain Iarchéime |
|
| |

|
Coimeádaí Páirce
|
Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige. |
Teastas leibhéal 6 sa Ghortóireacht nó níos airde |
|
| |

|
Cóimeálaithe Trealaimh Leictreonaice
|
Oibríonn Cóimeálaithe Trealaimh ar líne tháirgthe i monarcha ag cur trealamh leictreonach le chéile de láimh. |
Níl aon riachtanas oideachais foirmiúil ann. |
|
| |

|
Coincréiteoir
|
Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit. |
Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt
|
Traenálann agus cóitseálann an Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt lúthchleasaithe agus lucht spóirt, ag cabhrú leo a dteicnící agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Comhairleoir
|
Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta, chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo. |
Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise |
|
| |

|
Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais
|
Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh, ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh. |
Ardteistiméireacht |
|
| |

|
Comhairleoir Airgeadais
|
Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais. |
Céim |
|
| |

|
Comhairleoir Bainistíochta
|
Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn. |
Céim + Scrúdú Gairmiúil |
|
| |

|
Comhairleoir Cánach
|
Tugann an Comhairleoir Cánach comhairle do ghnóthaí agus do dhaoine maidir le ceisteanna faoi cháin. |
Ardchéim Leibhéal 8 |
|
| |

|
Comhairleoir Custaiméirí
|
Bíonn an Comhairleoir Custaiméirí freagrach as seirbhísí custaiméara agus as forbairt agus cur i ngníomh pleananna chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna cuideachta. |
Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise |
|
|