CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Cuardaitheoir Gairme – Cuardaigh de réir Réimse Spéise

I ngairmeacha an Réadaí bíonn gníomhaíochtaí oibre i gceist ina bhfuil fadhbanna agus réitigh phraiticiúla theagmhálacha. Go minic déileálann siad le hábhair fíorshaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra. I gcás roinnt mhaith de na gairmeacha seo bítear ag obair lasmuigh.  
I ngairmeacha an Iniúchóra bíonn sé i gceist oibriú le smaointe, agus bíon gá le han-chuid smaointeoireachta. Go hiondúil bíonn fíricí a lorg agus fadhbanna a réiteach le meabhair chinn i gceist leis na gairmeacha seo.  
I gcás gairmeacha an Nádúraí go minic bítear i mbun gníomhaíochtaí a áiríonn fadhbanna agus réitigh theagmhálacha phraiticiúla. Go minic bítear ag déileáil le plandaí, le hainmhithe agus le hábhair fhíorsaoil amhail adhmad, uirlisí agus innealra.
I ngairmeacha an Riarthóra bítear ag obair le sonraí seachas le smaointe agus le daoine. Is maith leis na daoine seo gnáthaimh agus treoracha soiléire, agus is maith leo fíricí agus figiúirí a sheiceáil.
I ngairmeacha an Fhiontraí bíonn sé i gceist tionscadail a chur ar bun agus a chur i gcrích. Is féidir go mbeadh sé i gceist sna gairmeacha seo daoine a threorú agus cinntí a dhéanamh. Uaireanta bíonn gá dul sa fhiontar agus go minic bíonn cúrsaí gnó i gceist.
I ngairmeacha Cruthaitheacha bítear ag obair le foirmeacha, dearthaí agus pátrúin éagsúla. Go minic bíonn féinléiriú i gceist agus is féidir an obair a dhéanamh gan cloí le sraith shoiléir rialacha.
I gcás na ngairmeacha an duine Shóisialta bíonn sé i gceist oibriú le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh leo agus iad a mhúineadh. Go minic bítear ag soláthar seirbhísí do dhaoine eile sna gairmeacha seo.  
I gcás gairmeacha Teangeolaíochta go minic bítear ag obair le teanga agus leis na cineálacha éagsúla cumarsáide trí mheán an fhocail scríofa agus na meán ó bhéal.

spacer Thorthaí spacer
                   Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Tuairimí
  AR
Bainisteoir Lóistín
Oibríonn an Bainisteoir Lóistín in óstán, déanann forbhreathnú ar an nglanadh agus na dualgais chothabhála go léir, eagraíonn fostaíocht foirne agus a sceidil oibre. Ardteistiméireacht + oiliúint bhreise
  AEI
Saineolaithe Cuntasaíochta & Cánach
Déanann an Saineolaí Cuntasaíochta agus Cánach cothabháil ar eolas maidir le hathruithe sa chód cánachais agus nósanna imeachta agus teoiric chuntasaíochta chun luacháil cheart a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais. Déanann sé/sí tuairisceáin chánach a ullmhú thar ceann na gcliant. Ardteistiméireacht móide dámhachtain ghairmiúil. High level niche areas
  A
Teicneoir Cuntasaíochta
Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais. Teastas leibhéal 6 + Cáilíocht ghairmiúil
  ASE
Riarthóir Cuntas
Bíonn an Riarthóir Cuntas freagrach as próiseáil laethúil sonrasc agus idirbheart airgeadais eile. Ardteistiméireacht chomh maith le Dámhachtain Ghairmiúil (Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta nó cúrsa Gná
  A
Cúntóir Cuntas
Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh. Leibhéal 6 nó níos airde.
  EAS
Ceannaire Foirne Cuntas
Cabhraíonn an Ceannaire Foirne Cuntas le tosaíocht bainistíochta agus dáileadh oibre i rannóg na gcuntas. Leibhéal 6 nó níos airde.
  C
Aisteoir
Glacann Aisteoir páirt carachtair i ndrámaí, léiriúcháin agus fógraí do scannáin, don teilifís, raidió agus don stáitse. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  AIR
Achtúire
Úsáideann Achtúire modhanna matamaitice agus staitistice chun dóchúlachtaí airgeadais a mheas i dtionscadail a fhaightear sa tionscal árachais den mhórchuid. Céim agus Dámhachtain Ghairmiúil
  SI
Snáthaidpholladóir
Tugann Snáthaidpholladóir cóir leighis do dhaoine breoite trí shnáthaidí a chur i bpáirteanna speisialta den chorp chun faoiseamh a thabhairt ó phian agus ó thinneas. Ardteistiméireacht chomh maith le Cáilíocht Leighis iomlánaíoch.
  ECA
Bainisteoir Fógraíochta/CP
Déanann an Bainisteoir Fógraíochta/CP feachtais fógraíochta a chruthú do chliant. Déanann sé/sí margaíocht agus pacáistiú ar tháirgí, taighde margaíochta, taispeántais agus cuireann seirbhísí caidrimh phoiblí eile ar fáil. Ardteistiméireacht chomh maith le dámhachtain ghairmiúil.
  ECL
Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta
Caitheann an Stiúrthóir Ealaíne Fógraíochta a h(am)ag tobsmaointeoireacht, ag pleanáil agus ag eagrú smaointe d’fhógraí nua. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde.
  SI
Teagascóir Aeraclaíochta
Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol, chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint. Ardteistiméireacht chomh maith le teastas NCEF.
  RI
Innealtóir Aerloingseoireacht
Oibríonn an tInnealtóir Aerloingseoireachta d’aerlínte, do dhéantúsóirí aerárthach, do chomhlachtaí léasúcháin aerárthaigh agus do chomhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cothabháil, deisiú agus forchóiriú aerárthaigh. Céim Innealtóireachta
  RNI
Innealtóir Talmhaíochta
Bíonn baint ag an Innealtóir Talmhaíochta le dearadh agus tógáil innealra talmhaíochta, córas agus foirgneamh. Céim
  NIA
Cigire Talmhaíochta
Déanann an Cigire Talmhaíochta maoirseacht ar fhoirne rannóige agus monatóireacht ar chur i ngníomh scéimeanna éagsúla rialtais ag baint le talmhaíocht, bia agus foraoiseacht. Céim le taithí oibre
  R
Meicneoir Talmhaíochta
Deisíonn, seirbhísíonn agus déanann an Meicneoir Talmhaíochta cothabháil ar innealra talmhaíochta. Seachas oibriú ar ghluaisteáin agus rothair gluaiste sainfheidhmíonn na meicneoirí seo in obair ar innealra feirmeoireachta. Ardteistiméireacht/Teastas Sóisearach + Printíseacht FÁS
  A
Oifigeach Talmhaíochta
Cabhraíonn an tOifigeach Talmhaíochta le monatóireacht ar cur i ngníomh scéimeanna éagsúla Rialtais ag baint le Talmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht. Ardteistiméireacht + dámhachtain ghairmiúil (.i. Teagasc) nó cáilíocht 3ú leibhéal i dTalmhaíocht
  R
Printíseach san Aerchór
Bíonn Printíseach san Aerchór fostaithe le hAerchór na hÉireann chun scil speisialaithe nó ceird bhainteach le reáchtáil éifeachtúil an Chóir a fhoghlaim. Teastas Sóisearach /Ardteistiméireacht
  R
Dalta san Aerchór
Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic. Ardteistiméireacht. Is céimithe iad go leor iarratasóirí ar éirigh leo.
  ARE
Rialathóír Aerthráchta
Maor tráchta na spéartha atá sa Rialtóir Aerthráchta, atá freagrach as comhordú agus stiúradh na n-aerárthach ar bhealaí eitilte. Ardteistiméireacht
  R
Meicneoir/Innealtóir Aerárthaí
Déanann an Meicneoir/tInnealtóir Aerárthaí deisiúcháin, seiceanna sábháilteachta agus cothabháil ar aerárthaigh. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde.
  AS
Gníomhaire ag Seiceáil Isteach an Aerfoirt
Forbhreathnaíonn an Gníomhaire seo paisinéirí ar a sroicheadh ag deasc ‘seiceáil isteach’ aerlíne. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  IRS
Ainéistéisí
Is dochtúir cáilithe é/í Ainéistéisí le hoiliúint speisialaithe agus oibríonn sé/sí i rannóg mháinliachta ospidéil. Cinntíonn an t-ainéistéisí go bhfuil othair ullmhaithe d’obráid, go bhfuil siad compordach lena linn agus go ndéantar maoirseacht orthu ina dhiaidh. Céim sa Leigheas
  C
Beochantaóir
Tugann an Beochantóir beatha do bheochan agus chartúin i scannáin agus fístéipeanna ach clár scéalta réamhphleanáilte a leanúint. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  IR
Seandálaí
Cuardaíonn an Seandálaí eolas ar an am a chuaigh thart trí staidéar a dhéanamh ar dhéantáin ársa agus tochailt faoina gcoinne. Céim nó níos airde
  CRI
Ailtire
Déanann Ailtire foirgnimh a dhearadh, a phleanáil agus stiúrann sé/sí tógáil na bhfoirgneamh sin. Céim + Dámhachtain Ghairmiúil
  CRI
Teicneoir Ailtireachta
Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála. Ardteistiméireacht chomh maith le cáilíocht tríú leibhéal
  A
Cartlannaí
Eagraíonn an Cartlannaí taifid chartlainne agus forbraíonn córais aicmithe ionas go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar ábhar cartlainne. Céim + cáilíocht iarchéime
  R
Printíseach san Arm
Bíonn Printíseach san Arm fostaithe le hArm na hÉireann chun scil speisialaithe nó ceird bhainteach le reáchtáil éifeachtúil an Airm a fhoghlaim. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann, ach tá srianta aoise agus airde ann.
  AE
Dalta san Arm
Liostálann an Dalta seo le hArm na hÉireann chun oiliúint a fháil mar Oifigeach. Ardteistiméireacht.
  R
Earcach san Arm
Liostálann an tEarcach le hÓglaigh na hÉireann chun oiliúint a fháil mar shaighdiúir. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  R
Díolamóir/Oibrí Líne i Monarcha
Comhordaíonn agus cuireann an Díolamóir/tOibrí Líne i Monarcha le chéile táirgí/earraí líne de réir nósanna imeachta réamhshocraithe. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  ASI
Oifigeach Cúnta Foirne – Pleanáil
Próiseálann an tOifigeach Cúnta Foirne sa Phleanáil iarratais phleanála agus gach ábhar bainteach, taifeadann dul chun cinn agus déileálann le fiosrúcháin. Ardteistiméireacht + cáilíocht ghairmiúil
  IRA
Réalteolaí
Déanann Réalteolaí staidéar ar spás agus ar an gcruinne agus déanann léarscáileanna díobh, ag úsáid eolais ó theileascóip agus shatailítí. Ardchéim Leibhéal 8
  SCE
Teiripeoir Ealaíne
Is comhairleoir an Teiripeoir seo a speisialaíonn in ealaíona amhail na meáin sloinnte. Céim + cáilíocht ghairmiúil bhreise
  EAS
Ceantálaí
Luachálann Ceantálaí réadmhaoin agus eagraíonn díolacháin trí cheant. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  AIE
Iniúchóir
Is é is Iniúchóir é ná Cuntasóir Gairmiúil a fuair oiliúint sa bhreis tar éis cáiliúcháin. Céim Leibhéal 8
  NRE
Báicéir/Milseogaire
Bácálann an Baicéir/Milseogaire arán agus milseogra de gach sórt agus déanann iad a mhaisiú. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Teastas nó Dioplóma
  RC
Cúntóir Grúpaí Ceoil ar Thuras
Cabhraíonn an Cúntóir seo le leagan amach teicniúil grúpa rac-cheoil nó popcheoil agus iad ar thuras. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  AE
Bainisteoir Bainc/Airgeadais
Pleanálann, stiúrann agus comhordaíonn an Bainisteoir Bainc/Airgeadais gníomhaíochtaí oibrithe i mbanc/láthair airgeadais. Bunaíonn agus déanann sé/sí cothabháil ar chaidrimh le cliaint, forbhreathnaíonn an sreabhadh airgid agus ionstraimí airgeadais. Bheadh cáilíochtaí tríú leibhéil ag an mhórchuid de bhainisteoirí.
  AES
Oifigeach Bainc
Oibríonn an tOifigeach Bainc ar chúl cuntair i mbrainse bainc ag cur i bhfeidhm dhualgais ghinearálta an bhainc. Ardteistiméireacht + taithí oibre. Bíonn cáilíochtaí tríú leibhéal de dhíth go minic.
  ERS
Bainisteoir Beáir
Bíonn Bainisteoir Beáir freagrach as oibriú iomlán an bheáir, stoc, airgead, earcaíocht agus oiliúint foirne san áireamh. Ardteistiméireacht + taithí bhainteach
  RSA
Foireann i mBeár
Déanann an Fhoireann i mBeár freastal ar riaradh deochanna i dtithe leanna, i dtolglanna, in óstáin agus in ionaid fóillíochta. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  LEA
Abhcóide
Seasann an tAbhcóide do dhaoine i gcúirt ach a gcás a chur roimh bhreitheamh agus ghiúiré. Céim Leibhéal 8
  CSE
Sciamheolaí
Tairgeann Sciamheolaí cóireáil scéimhe don aghaidh agus don chorp do chliaint agus tugann comhairle dóibh maidir le cúram scéimhe. Ardteistiméireacht + Cúrsa Iar-Ardteistiméireachta
  AL
Rúnaí Dátheangach nó Trítheangach
Aistríonn, scríobhann agus déanann an Rúndaí Dátheangach nó Trítheangach ateangaireacht ar dhoiciméid i dteanga iasachta i dtimpeallacht oifige. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  NIR
Bithcheimiceoir
Déanann an Bithcheimiceoir staidéar ar cheimic ainmhithe agus phlandaí agus anailís ar a gcealla agus ar a bhfíocháin. Céim Leibhéal 8
  NIR
Bitheolaí/Micribhitheolaí
Déanann an Bitheolaí/Micribhitheolaí staidéar agus anailís ar bheatha plandaí agus ainmhithe agus bailíonn siad eolas fúthu. Céim san Eolaíocht High level R&D
  R
Ceangaltóir Leabhar (Ceird)
Bíonn baint ag an gCeangaltóir Leabhar le gach cuid den phróiseas clódóireachta tar éis priontála, ag úsáid teicnící láimhe agus uathoibríocha. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  A
Leabharchoimeádaí / Cléireach Uimhríochta
Láimhseálann an Leabharchoimeádaí/Cléireach Uimhríochta idirbhearta laethúla airgeadais an ghnó nó na heagraíochta. Ardteistiméireacht
  NIR
Grúdaire
Comhordaíonn, pleanálann agus reáchtálann Grúdaire an próiseas iomlán i ndéanamh beorach. Céim san Eolaíocht + dámhachtain ghairmiúil
  R
Bríceadóir
Oibríonn an Brídeadóir ar láithreán tógála ag tógáil ballaí agus struchtúr eile ag úsáid brící, bloc nó ábhar eile. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + printíseacht FÁS
  LCS
Iriseoir Craolacháin
Déanann an tIriseoir Cralacháin anailís, ateangaireacht agus craoladh ar nuacht a fhaightear ó fhoinsí éagsúla. Ardteistiméireacht + Taithí Bhainteach
  RAE
Tógálaí / Conraitheoir Tógála
Pleanálann, eagraíonn agus stiúrann an Tógálaí/Conraitheoir Tógála gníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil agus cothabháil foirgneamh, áiseanna agus córas. Ceardaí cáilithe + taithí bhainteach
  RAE
Bainisteoir Tógála
Déanann an Bainisteoir Tógála pleanáil, eagrú agus stiúradh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil agus cothabháil foirgneamh, áiseanna agus córas. Bainistíonn sé/sí an obair ó thús deireadh. Ardteistiméireacht chomh maith le cáilíocht tríú leibhéal
  R
Innealtóir Seirbhísí Tógála
Oibríonn an tInnealtóir Seirbhísí Tógála ar dhearadh, shuiteáil, chothabháil agus dhéantúsaíocht córas a bhfuil baint acu le foirgnimh agus an timpeallacht tógtha. Céim Leibhéal 7 nó níos airde
  RIE
Suirbhéir, Tógála/Mianadóireachta
Déanann an Suirbhéir Tógála/Mianadóireachta measúnú ar na deisiúcháin agus athruithe atá ag teastáil ar gach cineál foirgneamh agus struchtúr. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  R
Tiománaí Bus
Tiomáineann an Tiománaí seo bus ar bhealach seasta, ag bailiú paisinéirí ar an mbealach. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  AES
Anailísí Gnó
Dearann Anailísí Gnó córais ghnó agus déanann anailís orthu chun a n-éifeachtúlacht a optamú. Céim nó níos airde High level expertise
  NRE
Búistéir
Oibríonn Búistéir i siopa búistéara ag ullmhú feola le díol leis an bpobal. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht 3 bliana
  ESA
Ceannaí/Oifigeach Ceannacháin
Ceannaíonn an Ceannaí/an tOifigeach Ceannacháin táirgí agus stoc do shiopa nó do chuideachta mhiondíola. Ardteistiméireacht + taithí bhainteach
  R
Déantóir Caibinéad
Speisialaíonn an Déantóir Caibindéad i ndéanamh píosaí troscán, amhail leabhragáin, cupaird agus vardrúis. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS
  CRI
Teicneoir DRC
Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  R
Dalta, Fórsaí Cosanta
Faigheann Dalta Airm oiliúint chun dul sna céimeanna coimisiúnta mar oifigeach Airm, atá ina cheannaire laistigh de na Buan-óglaigh. Soláthraíonn siad ceannasaíocht agus bainistíocht sa champa. Ardteistiméireacht + oiliúint oibre
  CR
Oibrí Ceamara
Oibríonn an tOibrí Ceamara an trealaimh ceamara atá ag teastail chun scannáin, fístéipeanna agus cláir theilifíse a dhéanamh. Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise. Beidh céim ag roinnt mhaith iarratasóirí.
  ESA
Díoltóir Gluaisteán
Oibríonn an Díoltóir Gluaistán i ngaráiste nó i seomra taispeána gluaisteán ag díol gluaisteán leis an bpobal. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  SR
Cúntóir Cúram Leanaí
  SCE
Gairmthreoraí
Tugann an Gairmthreoraí treoir agus comhairle do dhaoine óga agus iad ag roghnú slí bheatha. Céim + Dámhachtain iarchéime
  R
Siúinéir/ Saor Adhmaid
Úsáideann an Siúinéir/Saor Adhmaid uirlisí láimhe agus innealra gearrtha chun feistis agus troscán a dhéanamh as adhmad. Teastas Sóisearach + Printíseacht FÁS
  R
Feisteoir Cairpéad /Vinile
Gearrann, dealbhaíonn, cuireann an Feisteoir Cairpéad/Vinile síos agus feistíonn clúdaigh urlár in aon sórt foirgnimh. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  R
Déantóir Cartán
Déanann gach cineál de chartáin agus de phacáistiú le húsáid i dtrádáil agus tionscail. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS
  NSR
Lóndadóir
Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Lónadóir bia, deoch agus siamsaíocht d’ócáidí speisialta. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  ASE
Oibriú ag an gCuntar Amach
Oibríonn an tOibrí seo ag pointe díolacháin airgid i siopa nó in ollmhargadh ach airgead a ghearradh ar chustaiméirí do na hearraí ba mhaith leo a cheannach. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  NEC
Príomhchócaire
Oibríonn an Príomhchócaire i gcistin ag ullmhú bia, ag eagrú soláthair agus ag maoirseacht foirne. Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise
  IR
Innealtóireacht Cheimiceach & Phróiseas
Tá innealtóirí próiseála gléasra ceimiceach freagrach as córais ard-uathoibríocha a rialaíonn gléasra ceimiceach. Céim san Innealtóireacht Cheimiceach nó in ábhar bainteach High level expertise
  IRA
Ceimiceoir
Déanann an Ceimiceoir taighde agus anailís ar ábhair agus ar dhéanmhas substaintí ceimiceacha. Céim san Eolaíocht. High level R&D
  SRC
Cúntóir Cúraim Leanaí
Cabhraíonn an Cúntóir Cúraim Leanaí le cúram leanaí i láithreáin chúraim leanaí éagsúla, cabhraíonn chomh maith le heagrú gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus le monatóireacht ar leas ginearálta an linbh. Teastas Sóisearach chomh maith le cáilíochtaí molta agus ceadú na nGardaí
  IES
Coslia
Speisialaíonn an Coslia i gcúram agus i gcóireáil ionfhabhtuithe agus ghalair na gcos. Céim sa Chosliacht
  IES
Círichleachtóir
Déanann an Círichleachtóir cúram d’othair le fadhbanna sa mhuineál, sa droim agus ailt eile gan leigheas nó máinliacht a úsáid. Céim agus Cáilíocht Iarchéime
  RIC
Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta
Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid, bóithre agus iarnróid a eagrú. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  EAI
Státseirbhís- Oifigeach Riaracháin
Bailíonn an tOifigeach Riaracháin eolas agus déanann measúnú air chun cabhrú le hAirí Rialtais cinntí a dhéanamh maidir le polasaí. Céim Leibhéal 8
  A
Státseirbhís – Oifigeach Cléireachais
Cabhraíonn an tOifigeach Cléireachais le hOifigigh Shinsearacha lena n-obair chléireach i roinn rialtais. Ardteistiméireacht
  EAS
Státseirbhís – Oifigeach Feidhmiúcháin
Déanann an tOifigeach Feidhmiúcháin forbhreathú agus bainistiú ar an obair i rannóg de Roinn Rialtais. Ardteistiméireacht nó níos airde
  RI
Innealtóirí Sibhialta/Mianadóireachta
Déanann an tInnealtóir Sibhialta/Mianadóireachta anailís ar thuairiscí suirbhé, léarscáileanna, líníochtaí agus threoirphleananna, aergrianghrafadóireacht agus ar shonraí topagrafaíochta agus geolaíochta eile chun tionscadail a phleanáil. Ardteistiméireacht (matamaitic ardleibhéil) agus Céim
  A
Cléireach (Ginearálta)
Oibríonn an Cléireach Ginearálta in oifig riaracháin i ngnó, ag tabhairt faoi dhualgais oifige laethúla. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  RS
Tiománaí Cóiste
Tiomáineann an Tiománaí seo cóiste a thugann turasóirí agus taistealaithe ar saoire, ar thurais bus agus ar thurais lae. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
  ESA
Oifigeach Baincéireachta Tráchtála
Bíonn an tOifigeach Baincéireachta Tráchtála freagrach as monatóireacht agus rialú iasachtaí trádála. Teastas Leibhéal 6 nó níos airde
  NEC
Cócaire faoi Oiliúint
Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú, cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne. Teastas Sóisearach chomh maith le Printíseacht
  IR
Innealtóireacht Ríomhaireachta agus Bogearraí
Déanann Innealtóirí Ríomhaireachta agus Bogearraí anailís ar chórais ríomhaireachta agus ar bhogearraí, agus déanann a leithéid a dhearadh agus a chruthú chomh maith. Céim sa Ríomheolaíocht/san Innealtóireacht High level niche areas
  IR
Ríomhchláraitheoir Ríomhclár/Anailísí Ríomhaireachta
Scríobhann an Ríomhchláraitheoir Ríomhchlár Feidhmchláir Bogearraí do ríomhairí, déanann eagarthóireacht orthu agus athraíonn iad de réir mar is gá. Teastas leibhéal 6 nó níos airde
  EAI
Bainisteoirí Córas Ríomhaireachta
Déanann an Bainisteoir Córas Ríomhaireachta pleanáil, stiúradh nó comhordú ar ghníomhaíochtaí i réimsí amhail próiseáil sonraí leictreonacha, córais faisnéise, anailís chóras agus ríomhchlárú. Céim Leibhéal 8 High level expertise
  R
Coincréiteoir
Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht
  SA
Oibrí Toghcheantair
Oibríonn an tOibrí Toghcheantair thar ceann ionadaí polaitiúil, ag déanamh teagmhála idir ionadaithe agus toghthóirí agus a bpobail ar cheisteanna laethúla. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann.
  R
Oibrí Tógála
Déanann an tOibrí Tógála tionscadail tógála, innealtóireacht shibhialta, innealtóireachta agus ailtireachta a mhaoirsiú, a rialú agus a chomhordú ar an láthair. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Teastas nó Dioplóma sa Tógáil nó staidéar bainteach
  R
Suiteálaithe Trealamh Tógála
Seirbhísíonn an Suiteálaí Trealamh Tógála agus déanann cothabháil ar an trealamh agus innealra go léir a úsáidtear ar ghléasra tógála. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS
  R
Meicneoir Trealamh Tógála
Deisíonn agus déanann an Meicneoir Trealamh Tógála cothabháil ar innealra tógála. Teastas Sóisearach / Ardteistiméireacht + Printíseacht FÁS
  ESA
Bainisteoir Cuntas Corparáideach
Bíonn an Bainisteoir Cuntas Corparáideach freagrach as bainistíocht, anailís agus forbairt punainne do chliaint chorparáideacha. Is buntáiste é oideachas tríú leibhéal.
  LEC
Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha agus Cumarsáide
Bíonn an Bainisteoir seo freagrach as íomhá chorparáideach agus iompar gach cumarsáide seachtraí. Gnó nó margaíocht ag an Tríú Leibhéal
  SEC
Comhairleoir
Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta, chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo. Ardteistiméireacht + Oiliúint Bhreise
  R
Teachtaire Gluaisrothair
Seachadann an Teachtaire Gluaisrothair pacáistí ó oifig nó teach cliaint díreach go dtí an áit ba mhaith leo é a dhul. Níl aon riachtanas foirmiúil oideachais ann
 Leathanach taispeána 1 de 5 leathanaigh  

 

 
blank image Durrow Communications Ltd