Cad is Earnáil Tionscail ann?
Is é atá i gceist againn le hearnáil tionscail ná bailiúchán de na gairmeacha go léir a bhfuil cosúlachtaí eatarthu, mar shampla, an cineál oibre a dhéanann siad nó a ról i ngeilleagar na hÉireann. Go minic tosaíonn an rogha ghairme le spéis a bheith ag duine sna táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint ag earnáil ar leith.
Ina dhiaidh sin lorgaíonn siad fostaíocht san earnáil sin mar gur mhaith leo bheith páirteach sa phróiseas d’fhonn an táirge nó an tseirbhís sin a chur ar fáil. Bíonn raon leathan deiseanna i ngach earnáil – idir dheiseanna oibre nach bhfuil gá le scileanna ar leith dóibh agus dheiseanna gairmiúla. Ní bhaintear na leibhéil is airde in aon earnáil amach gan blianta de dhianobair agus de thréandícheall, ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
Bíonn orainn go léir tosú áit éigin. De ghnáth, má bhíonn cáilíochtaí níos airde oideachais agat tosóidh tú ag leibhéal níos airde san earnáil – is é sin má bhaineann an cháilíocht leis an earnáil. Bheadh ar dhlíodóir láncháilithe tosú ag an mbun dá roghnódh sí/sé tosú san earnáil tógála ina s(h)iúinéir!
Is cóir a mheabhrú nach bhfuil mórán úsáide le baint as scileanna a d’fhoghlaim tú in earnáil amháin le haghaidh earnála eile. Mar sin, de ghnáth fanann daoine san earnáil inar fhorbair siad a scileanna. Ní hé amháin sin, ach is cóir a fháil amach cad iad na hearnálacha atá ag meath agus cad iad na hearnálacha atá ag fás. B’fhiú do chuid scileanna a fhorbairt in earnáil ina bhfuil deiseanna maithe fostaíochta.
|
|
 |
Cuntasaíocht & Cánachas |
|
 |
Siamsaíocht & Na Taibh-ealaíona |
 |
Fógraíocht, Margaíocht & Caidreamh Poiblí |
|
 |
Faisean & Scéimh |
 |
Talmhaíocht, Gairneoireacht, Foraoiseacht & Eolaíocht an Bhia |
|
 |
Dlí & Dlíthiúil |
 |
Ainmhithe & Tréidliacht |
|
 |
Fóillíocht, Spórt & Folláine |
 |
Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh |
|
 |
Muirí, Iascaireacht & Dobharshaothrú |
 |
Baincéireacht, Árachas & Seirbhísí Airgeadais |
|
 |
Innealtóireacht Mheicniúil & Déantúsaíocht |
 |
Tógáil, Foirgníocht & Réadmhaoin |
|
 |
Na Meáin & Foilsitheoireacht |
 |
Eagrú Gnó & Bainistiú Gnó |
|
 |
Leigheas & Cúram Sláinte |
 |
Eolaíochtaí Ceimiceacha, Bithleighis agus Cógaisíochta |
|
 |
Na hEolaíochtaí Fisiceacha & Matamaitice |
 |
An Státseirbhís/An tSeirbhís Phoiblí, Rialtas Áitiúil & Polaitíocht |
|
 |
Díolacháin, Miondíol & Ceannachán |
 |
Na hEalaíona Clasaiceacha, Teangacha agus Cultúr |
|
 |
Slándáil, Cosaint & Forfheidhmiú an Dlí |
 |
Cléireachas & Riarachán |
|
 |
Sóisialta & Cúram |
 |
Ríomhairí & Bogearraí |
|
 |
Turasóireacht & Fáilteachas |
 |
Oideachas |
|
 |
Iompar & Loighistic |
 |
Innealtóireacht Leictreach & Leictreonaice |
|
|
|
|