CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Siamsaíocht & Na Taibh-ealaíona
    
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
 
Gairmeacha Samplacha

 
Siamsaíocht & Na Taibh-ealaíona icon
 

Cuimsíonn an earnáil seo gach cineál siamsaíochta agus taibhiúcháin – mar shampla Rinceoirí, Aisteoirí, Fuirseoirí, Cumadóirí, Scríbhneoirí, Amhránaithe, Léiritheoirí agus mar sin de.

Ar na saintréithe a bheadh riachtanach chun dul le gairm thaibhiúcháin bheadh díograis, féinsmacht, cruthaitheacht, féinmhuinín, agus bheith an-chinnte de do chumas. Fís atá i mealltacht agus spleodar na taibh-ealaíona do roinnt mhaith daoine óga. Ba chóir é sin a mheabhrú ón tús ar fad. I gcomhair gach amhránaí, damhsóir, aistreoir a n-éiríonn leo tá na céadta eile atá ag streachailt leo ag fanacht le dóchas, b’fhéidir fís nach bhfíorófar riamh.

Má tá tú cumasach, agus má theastaíonn uait dul leis an sórt seo gairme, is mó go mór an sásamh a bheidh le baint as ná an sásamh a bhaintear as ‘gnáthphost’. Éirinn go han-mhaith le muintir na hÉireann ag soláthar taibheoirí den chéad scoth. Tugann an rath seo ar na hÉireannaigh uchtach do dhaoine eile ar mhian leo a mhacasamhail a bhaint amach.

Is féidir an earnáil seo a roinnt in dhá chuid: gairmeacha ar an stáitse agus gairmeacha den stáitse.

Gairmeacha ar an Stáitse
Tarraingíonn gairmeacha ar an stáitse ár n-aird – na réalta rac-cheoil idir náisiúnta, na haisteoirí in Hollywood agus na daoine cáiliúla a bhíonn sna sobalchláir Mheiriceánach agus Astrálacha. Ní gan dianobair a bhain na haisteoirí agus na hamhránaithe sin amach a gclú agus a gcáil maille le roinntín beag den ádh. Do gach banna ceoil a n-éiríonn leo, abair ‘Snowpatrol’ mar shampla, tá na céadta eile atá chomh maith céanna leo, ach nach mbaineann clú agus cáil amach.

Gairmeacha den Stáitse
Bíonn pearsanra agus seirbhísí tacaíochta ann i gcás gach scannáin nó léiriúcháin amharclainne. Tá na grá céanna ag an fhoireann gairmithe seo don tionscal is atá ag na taibheoirí féin. Tá i bhfad níos mó gairmeacha den stáitse; léiritheoirí, stiúrthóirí, teicneoirí fuaime, teicneoirí soilsithe, teicneoirí físe, dearthóirí seite, tógálaithe agus gníomhairí, agus tá siad go léir ríthábhachtach don earnáil. Bíonn a mhacasamhail de shaol ag an bpearsanra seo is a bhíonn ag amhránaithe, aisteoirí agus ceoltóirí – is é seo agus rith agus ag rás roimh léiriú nó roimh thaibhiúchán, agus ansin tréimhsí gan aon obair gan phá ina dhiaidh sin.

Áit a fháil san earnáil
Tá an earnáil siamsaíochta ag fás in éirínn agus tá roinnt cúrsaí ann ag tacú agus ag oileadh na ndaoine atá díograiseach i leith na hoibre seo. Bíonn gá ag ealaíontóirí le cumas i bhfad níos mó ná an gnáthdhuine chun go n-éireodh leo. Go minic bíonn post páirtaimseartha ag daoine chun na billí a íoc ach fiú na taibheoirí a bhfuil rath beag éigin orthu, bíonn siad chomh sásta leis an spreagadh agus na sceitimíní go bhfuil siad den tuairim gur fearr go mór an saol sin ná aon phost ó naoi go cúig.

Ceol
Faigheann daoine a dhéanann staidéar ar cheol poist sna réimsí seo a leanas: múinteoireacht (ag gach leibhéal), ceoltóir i gceolfhoireann, iriseoireacht cheoil, stiúrthóir córach, orgánaí eaglaise/stiúrthóir ceoil, léiriúchán agus taibhiúchán raidió, tionscal an cheoil, ilmheáin, poiblíocht an cheoil agus taifeadadh, riarachán ealaíne, leabharlannaí ceoil agus seirbhísí faisnéise.

Drámaíocht
Le cúig bliana déag anuas is mór a bhain Éire amach i saol na drámaíochta. Tá níos mó cuideachtaí gairmiúla amharclainne agus drámadóirí ann sa tír seo anois ná mar a bhí riamh cheana. Tá drámaíocht agus téatar anois ina ngnéithe tábhachtacha inár gcóras oideachais agus tá deiseanna nua ann sa chraoltóireacht, i scannáin agus ar an teilifís do chéimithe sa tír seo. Drama.

Na hEalaíona Taibhiúcháin
B’fhéidir toisc go bhfuil fáil chomh héasca agus chomh gasta ar chomhaid físe agus fuaime ón idirlíon rinneadh athbheochan athuair ar na healaíona taibhiúcháin in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá deiseanna ann do thaibheoirí beo, seachas taifeadta.

Is sampla maith an rath idirnáisiúnta a bhí ar River Dance de na deiseanna millteacha atá ann do thaibheoirí Éireannacha. Chomh maith le hamhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí tá raon ról speisialtachta agus bainistíochta anois ann sa réimse seo amhail bainisteoir amharclainne, bainisteoir cúnta stáitse, roghnú aisteoirí, léiriúchán, díoloifig, Caidreamh Poiblí agus margaíocht.

De ghnáth bheadh céim sna daonnachtaí ag daoine san earnáil seo, mar shampla Béarla, Ceol nó oiliúint sa drámaíocht, rince, staidéir téatair nó bainistíocht ealaíon. Bíonn an-iomaíocht ann áit a fháil ar chúrsa sna healaíona taibhiúcháin. Cé go bhfuil an-sásamh le baint as an obair, bíonn sí treallach agus páirtaimseartha.

 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


60 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 60 cúrsa aimsithe.

 1 o 2 

Entertainment Systems
Waterford IT
Media Arts
DIT
Photography
DIT
Software Design (Games Development)
Athlone IT
Education, Religion and Music (R)
Mater Dei
Digital Media Design
University of Limerick
Software Design (Web Development)
Athlone IT
Education (Music)
TCD
Music Foundation
DIT
Computing with Games Development
Tralee IT
Film and Media
Dublin Business School
Multimedia
NUI Maynooth
Music Technology
Tralee IT
Film and Television
Galway-Mayo IT
Video and Film
Dundalk IT
Drama and English
UCD (NUI)
Computing with Games Development
Tralee IT
Music Technology and Production
Limerick IT
Arts - Music
UCD (NUI)
Music Technology
NUI Maynooth
Event Management
Galway-Mayo IT
Design for Stage and Screen (Production Design)
Dun Laoghaire IADT
Music Performance
DCU
Drama and Theatre Studies
UCC (NUI)
Computing - Games Development
IT Sligo
Arts - Music Studies
UCC (NUI)
Film Literature and Drama
Dublin Business School
Computing with Interactive Web Development
Tralee IT
Video and Sound Technology
Limerick IT
Music
Waterford IT
Music and Instrument Technology
Athlone IT
TV, Radio and New Media Broadcasting
Tralee IT
Irish Music and Dance
University of Limerick
Arts - Drama Studies (R)
TCD
English Media and Cultural Studies
Dun Laoghaire IADT
Music, Media and Performance Technology
University of Limerick
Composition at the Royal Irish Academy of Music
DCU
Drama and Theatre
TCD
Arts - Film Studies
TCD
Arts with Film Studies
NUI Galway

 1 o 2 


blank image Durrow Communications Ltd