CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Faisean & Scéimh
    
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
 
Gairmeacha Samplacha

 
Faisean & Scéimh icon
 

Is iad Faisean, Teiripe Scéimhe agus Gruaigeadóireacht na trí phríomhrannóg sa tionscal seo. Tá an-chuid deiseanna sa tionscal seo do chéimithe coláiste agus d’fhágálaithe scoile, idir róil chruthaitheacha agus róil a bhaineann le gnó.

Faisean
Is maith a thuigeann Dearthóirí Faisin go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le héadaí ná mar a cheapaimid. Tugann éadaí féinmhuinín do dhaoine. Is féidir le héadaí meon an duine a chur in iúl. Cé nach bhfuil tréithe an leighis ag baint le faisean tá ardú meanman ann.

Ní fíorléiriú ar raon iomlán an dearthóra faisin iad na cultacha aisteacha a bhíonn ar taispeáint ar ardáin taispeána Pháras agus Nua-Eabhrac. Déanta na fírinne, tá an-chuid deiseanna ann sa dearadh faisin, idir éadaí spóirt, éadaí do leanaí, agus haute couture.

Róil sa tionscal faisin:

Mainicíneacht:

Samhlaigh post le tuarastal ard ag obair i do mhainicín gairmiúil. Samhlaigh an turas síos an t-ardán taispeána ag seó faisin, nó do ghrianghraf a bheith in Vogue nó san iris is fearr leat.

Seo atá scríofa ar shuíomh gréasáin ag gníomhaireacht mhainicíneachta. Ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. Is obair dhian an mhainicíneacht. In Éirinn úsáidtear mainicíní chun margaíocht a dhéanamh ar tháirgí, chun ócáidí a sheoladh agus chun fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí in ábhair chlóite agus ar an teilifís.  

Go minic bíonn ar mhainicíní foinse ioncaim eile a aimsiú – is annamh a bhíonn soláthar leanúnach oibre ann. Uaireanta ní leanann  gairm an mhainicín ach 2 go 3 bliana de réir mar a athraíonn a bhfuiltear á lorg agus de réir mar a athraíonn stíleanna. Níl ach líon beag mainicíní ar féidir leo a bheith á n-éileamh ar bhonn leanúnach.  Ní hamháin sin, ach bíonn saol an mhainicín dian – síorsmacht ó thaobh réim bhia de, diongbháilteacht agus ar deireadh thiar post a fháil le gníomhaireacht mhainicíneachta.

Dearthóir Éadaí Faisin
Má theastaíonn uait a bheith i do Dhearthóir Faisin ní mór duit bheith cruthaitheach, agus bheith sásta rudaí nua a thriail. An phríomhfheidhm atá ag an Dearthóir Faisin ná smaointe úra a fháil do shraith éadaí. Tá siad freagrach as pátrúin a chruthú agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgeadh. Oibríonn an Dearthóir Faisin do dhéantóir éadaí, ar na sraitheanna nua nó bíonn siad féinfhostaithe agus oibríonn siad ar dhearthaí ar leith. Tá an earnáil seo an-iomaíoch ar fad, agus bíonn ar dhaoine portfolio den chéad scoth a chruthú chun a bheith san iomaíocht.

Maintíní
Cuireann an mhaintín cruth ar choincheapa an dearthóra. Post thar a bheith cruthaitheach is ea an mhaintíneacht agus is féidir leat bheith féinfhostaithe san earnáil seo a luaithe is atá cáil ort – mar shampla obair a fháil ag seónna faisin agus triail a bhaint as do shraitheanna féin a chruthú. An bealach is fearr le ceachtar den dá ghairm seo ná céim san fhaisean nó cúrsa faisin a dhéanamh. Go minic bíonn socrúchán oibre mar chuid den chéim san fhaisean agus is bealach é freisin bualadh le daoine sa tionscal, rud a bheadh úsáideach a luaithe is a chríochnaíonn tú do chúrsa.

Ceannaitheoir Faisin
Bíonn an Ceannaitheoir Faisin freagrach as orduithe móra a chur isteach do na héadaí a fheictear sna mórshiopaí. Ní mór duit a bheith go maith ag roghnú na n-éadaí is deise, a bheith féinmhuiníneach agus go maith ag déanamh cumarsáide le daoine mar go mbíonn an-chuid cruinnithe ann le soláthraithe. De ghnáth faigheann Ceannaitheoirí Faisin an deis taisteal ar fud na háite agus is mór an buntáiste é fhios a bheith agat cad iad na héadaí a mbeidh tóir orthu sula mbeidh a fhios ag daoine eile. A luaithe is a fhaigheann duine céim sa réimse seo faigheann siad post sóisearach agus cuirtear oiliúint orthu go dtí go n-éiríonn leo post an cheannaitheora a bhaint amach. Ceann de na bealaí is fearr isteach sa ghairm seo ná tríd an taithí oibre.  

Margaíocht Faisin agus CP
Bíonn an Bainisteoir/Cúntóir CP freagrach as branda faisin a chur faoi bhráid an phobail. Caithfidh tú bheith an-mhuiníneach mar go bhfuil a lán teagmhála ann leis an bpobal agus ní mór duit bheith in ann oibre go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann mar go mbeidh tú ag obair go dlúth leis an rannóg mhargaíochta agus go neamhspleách chun freagraí a thabhairt ar fhiosrúcháin ón bpreas.  Tá buntáistí ag baint leis an obair CP; go minic bíonn fáil agat ar earraí saor in aisce agus uaireanta buaileann tú le daoine cáiliúla atá ag cur an bhranda i láthair. Níl gá le céim ar leith agus cuirfear oiliúint ar fáil duit sa phost, ach caithfidh tú spéis ar leith a bheith agat san fhaisean chomh maith le scileanna cumarsáide maithe.

Cúntóir/Bainisteoir i nDíolacháin Mhiondíola
Is a bhuíochas le hoibrithe sa Mhiondíol Faisin a leanann gnóthaí faisin orthu ag feidhmiú, de réir mar a dhaingníonn siad caidrimh leis an gcustaiméir. Bíonn an Cúntóir/Bainisteoirí Margaíochta Miondíola freagrach as an gcaoi a gcuirtear branda i láthair i siopaí – bíodh sé sin san fhuinneog, leagan amach na n-éadaí sa siopa agus foilseacháin na cuideachta. Is féidir leis bheith ina ról cruthaitheach agus is post an-mhaith é dóibh siúd le scileanna cumarsáide thar na bearta.

Díoltóir Faisin
Bíonn an Díoltóir Faisin freagrach as branda faisin a dhíol le siopaí. Ní mór duit bheith féinmhuiníneach, áititheach, go maith ag déanamh cumarsáide agus bheith ábalta obair a chur i gcrích de réir spriocdhátaí dochta. Na buntáistí a bhaineann le hobair i réimse na ndíolachán faisin ná go mbeidh an deis agat roinnt mhaith taistil a dhéanamh agus bualadh le daoine éagsúla. Is féidir leat spraoi a bheith agat ag obair mar chuid d’fhoireann.

Áit a fháil sa tionscal
Toisc go bhfuil dearadh faisin ina mhargadh fostaíochta thar a bheith iomaíoch, is féidir leo siúd le leibhéal níos airde oideachais buntáiste a bheith acu. Déanta na fírinne, is iarrthóir níos infhostaithe tú in aon earnáil má tá leibhéal oideachais níos airde bainte amach agat. Cibé scéal é, is cuma cibé coláiste dearthóireachta ar fhreastail tú air nó cén cineál céime a rinne tú, is dócha go dtosóidh tú ag post ag leibhéal iontrála. De réir mar a ghnóthaíonn tú taithí sa réimse, is féidir le ardú céime agus tuarastal níos fearr a fháil.

Scéimh
Tá an tionscail Scéimhe ar cheann de na tionscail is gasta fás in Éirinn sa lá atá inniu ann. Cuireann
Teiripeoirí Scéimhe raon leathan cóireálacha ar fáil don aghaidh agus don chorp. Cuimsíonn post an Sciamheolaí an Teiripe Scéime, Teiripe Coirp agus Leictrealú. Is cóireálacha iad seo a chuireann feabhas ar an gcraiceann, agus i measc na hoibre a bhíonn ar bun ag an Sciamheolaí tá raon cóireálacha leictritheiripe don aghaidh agus don chorp, a chuireann feabhas ar chaoi an choirp agus chraicinn.  Cuireann gach cineál cóireála aeistéitiúla le folláine an duine – dá bhrí sin ní mór don chleachtóir a bheith comhbhách, tuisceanach, cumasach, agus cur i láthair néata glan a bheith acu. 

Is féidir le Teiripeoirí Scéime na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Anailís chraicinn a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an gcraiceann agus leis an gcorp
  • Suathaireacht a dhéanamh ar an gcorp agus anailís a dhéanamh ar chruth an duine agus comhairle a sholáthar maidir le réim ghleacaíocht agus bhia
  • Cóireálacha agus trealamh leictreach éagsúil a úsáid d’fhonn cóireáil a chur ar an gcraiceann agus ar an gcorp

Is ealaíontóir an t-ealaíontóir smididh a chruthaíonn smideadh agus próistéitic don amharclann, teilifís, do scannáin agus do léiriúcháin eile, saol na mainicíneachta san áireamh. I gcásanna áirithe, cuireann an teideal Ealaíontóir Smididh síos ar dhuine atá freagrach as stíleanna gruaige agus peiriúice chomh maith. .

De ghnáth bíonn pá an-mhaith á fháil ag ealaíontóirí smididh, go háirithe i saol na mainicíneachta agus na grianghrafadóireacht. An chúis atá leis seo ná go bhfuil an aghaidh agus an cur i láthair chomh tábhachtach don mhainicín nó don aisteoir.

Comhairleach Íomhá: is speisialtóir an comhairleach íomhá a mbíonn baint acu le faisean, le scéimh agus le gruaig. Cuireann siad comhairle agus saineolas ar fáil maidir le gach gné den chaoi a ndéanann duine bainistiú ar a n-íomhá phoiblí. Go hiondúil bíonn comhairligh íomhá agus ealaíontóirí smididh féinfhostaithe nó d’fhéadfadh gníomhaireacht feidhmiú thar a gceann. Uaireanta eile bíonn siad fostaithe le cuideachta léiriúcháin.  

Deiseanna
Tá fás as cuimse tagtha ar dheiseanna san earnáil seo do dhaoine dea-oilte sa mhéid go mbíonn daoine níos cúramaí anois faoina bhfolláine agus faoina gcur i láthair. Meastar go leanfaidh an fás san earnáil fostaíochta seo go tréan sna 5 bliana atá amach romhainn.

A luaithe is atá speisialtóireacht bainte amach ag cleachtóirí, go minic leanann siad orthu d’fhonn scileanna breise a ghnóthú – mar shampla ardteicnící amhail: Leictreolaíocht mar a bhfoghlaimíonn tú conas faithní a bhaint; Cumhartheiripe mar a n-úsáideann tú eolaí agus comhdhúile cumhartha eile chun cur le folláine nó sláinte duine. I measc na réimsí eile tá Shiatsu, Reiki ó Suathaireacht Cinn. Uaireanta forbraíonn teiripeoirí a ngnó agus téann siad le margaíocht, díolachán agus miondíol.

Conas post a fháil sa tionscal seo
De ghnáth bíonn taithí oibre i sciamhlann, nó obair mar Chúntóirí Díolacháin i gcógaslann ina bhuntáiste do dhaoine ar mhian leo obair sa tionscal seo. Cuireann sé taithí ar fáil a bheith ag déileáil leis an bpobal agus an deis bualadh le daoine eile sa tionscal. De bhreis air sin, soláthraíonn sé eolas ar tháirgí scéimhe.

Tríd is tríd, déanann daoine cúrsaí lánaimseartha i gcoláiste. Ní mór d’iarrthóirí a bheith seacht mbliana déag d’aois ar al aghaidh. Tá roinnt cúrsaí iar-Ardteistiméireachta ann a thugann bunús maith. Tá an iliomad cúrsaí eile ar fáil i gcoláistí oiliúna scéimhe ar fud na hÉireann.

2 bliain ar a laghad a thógann sé na trí phríomhréimse a chur i gcrích: Sciamheolaíocht, Teiripe Choirp agus Leictrealú. Féadfaidh Cúrsaí agus Coláiste speisialú i ngnéithe éagsúla den scéimh.

Níl aon fhoras amháin ar leith ann a chuireann scrúdú sa réimse seo, agus mar sin tá sé den riachtanas go gcinnteodh mic léin go bhfuil an cúrsa deimhnithe ag ceann de na heagraíochtaí seo a leanas:

  • CIDESCO (Comite International d'Esthetiques et de Cosmetologie). Seo eagraíocht dhomhanda, agus glactar leis an gcáilíocht seo i 35 tír ar fud an domhain. Oibríonn gach scoil ón siollabas céanna ar fud an domhain.
  • CIBTAC (Confederation of International Beauty Therapy and Cosmetology), seo foras Sasanach a chuireann scrúdú ar dhaoine thar ceann an Beauty Therapy and Cosmetology (BABTAC). Oibríonn gach scoil ón siollabas céanna.
  • ITEC (International Therapy Examination Council)
  • IHBC (International Health & Beauty Council)
  • VTCT (Vocational Training Charitable Trust)
  • Edexcel BTEC and Scottish Qualifications Authority (SQA)
Gruagaireacht
Bíonn ar ghruagairí bheith solúbtha ó thaobh a n-uaireanta oibre ar mhaithe leis an ngnó. Bíonn an-chuid teagmhála acu leis an bpobal agus mar sin bíonn scileanna cumarsáide den chéad scoth ag teastáil uathu, maille le cur i láthair den scoth.

I measc thascanna an ghruagaire tá siad seo a leanas: gruaig a ní, gruaig a ghearradh le bearrthóir, siosúr nó le rásúr, seirbhísí eile a sholáthar amhail tuaradh, tonnadh, díriú agus dathú gruaige, gruaig a thriomú agus a chíoradh agus trealamh eile a úsáid d’fhonn stíl ghruaige a chruthú don chliant.

Deiseanna
Tá an-chuid deiseanna ann sa tionscal seo, agus mar sin bíonn an-éileamh ar Ghruagairí maithe. Tá formhór na nGruagairí fostaithe i ngruaglanna. Fostaítear idir seisear agus ochtar sna gnóthaí seo, ach bíonn gnóthaí níos mó ann gan amhras. Bíonn printísigh fostaithe iontu chomh maith.

Tá an iliomad gairmréimeanna ann do Ghruagairí cáilithe. Is féidir post a fháil le gníomhaireachtaí Teilifíse, scannán, amharclainne nó fógraíochta. Go minic tosaíonn Gruagairí a ngnó féin, cuireann siad Comhpháirtíocht ar bun nó múineann siad gruagaireacht – de ghnáth tar éis dóibh blianta a chaitheamh sa tionscal.

Dul le gruagaireacht
Is cáilíocht cheirde í an ghruagaireacht, agus dá bhrí sinn tá riachtanais fhoirmiúla ann chun a bheith i do Ghruagaire cáilithe. Tréimhse 3 go 4 bliana atá i gceist chun na scileanna go léir a fhoghlaim. Tá an iliomad cúrsaí iar-Ardteistiméireachta ann a chomhshnaidhmeann gruagaireacht agus teiripe scéimhe. Fiú nuair atá cúrsa curtha i gcrích ag duine bíonn air/uirthi am a chaitheamh ag gnóthú taithí sa phost.
 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


3 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 3 cúrsa aimsithe.

Spa Management
Athlone IT
Fashion Design
Griffith College, Dublin
Fashion Design
Griffith College, Dublin


blank image Durrow Communications Ltd