CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Baincéireacht, Árachas & Seirbhísí Airgeadais
    
Easnaimh Scileanna
Anailísí Gnó
Saineolaithe Cuntasaíochta & Cánach
Achtúire
Ionadaí Díolacháin
Frithgheallaí
 
Gairmeacha Samplacha

 
Baincéireacht, Árachas & Seirbhísí Airgeadais icon
 

Tarlaíonn na milliúin idirbheart airgeadais in Éirinn gach lá. Tá bainistíocht na ‘gluaiseachta airgid’ seo go léir faoi chúram na ndaoine a oibríonn sna tionscail Bhaincéireachta, Airgeadais agus Chuntasóireachta.

Tá Bainc, Cumainn Foirgníochta agus Comhlachtaí Árachais agus Infheistíochta i ngach cathair agus gach baile in Éirinn. Tá an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta i gcroílár na gníomhaíochta gnó seo i mBaile Átha Cliath,.

Cuireann go leor daoine óga tús le gairmeacha san earnáil seo tar éis dóibh céimeanna a bhaint amach i ngnó, i gcuntasóireacht, in eacnamaíocht agus i staidéar airgeadais. Tosaíonn daoine eile ag obair sna réimsí seo nuair a fhágann siad an scoil agus baineann siad cáilíochtaí amach de réir mar a fhaigheann siad taithí.

Is féidir an earnáil seo a roinnt i gceithre réimse gníomhaíochta gnó:

  • Cuntasóireacht agus Bainistíocht Airgeadais – féach an rannóg Cuntasaíocht agus Cánachas
  • Baincéireacht agus seirbhísí a bhaineann léi
  • Pleanáil Airgeadais agus Infheistíochta
  • Seirbhísí Árachais

We are all familiar with the High street banks and building societies in every town and city in the country. Dublin's International Financial Services Centre is the hub of this business activity in our capital city.

Baincéireacht agus Seirbhísí Airgeadais

Déileálann Bainc agus Cumainn Foirgníochta le gnáth-idirbhearta airgeadais an phobail. Soláthraíonn siad seirbhísí amhail cuntais choigilte agus iasachta, cuntais infheistíochta, morgáistí, malairt eachtrach agus saoráidí cárta creidmheasa.

Ag tosú sa Bhaincéireacht
Cuireann go leor daoine óga tús le gairmeacha san earnáil seo tar éis dóibh céimeanna a bhaint amach i ngnó, i gcuntasóireacht, in eacnamaíocht agus i staidéar airgeadais. Faigheann daoine eile poist inti nuair a fhágann siad an scoil agus seans go socróidís ar cháilíochtaí breise a bhaint amach níos déanaí.

Is gá leibhéal oideachais Ardteistiméireachta a bheith ag airgeadóirí bainc agus oibrithe cléireachais eile. Bíonn an chuid is mó de bhainc ag lorg daoine a bhfuil scileanna maithe cumarsáide acu, a dtaitníonn teagmháil leis an bpobal leo agus atá sásta méideanna móra airgid a láimhseáil.

Tá Bainisteoir Bainc i gceannas ar gach Banc. Tá bainisteoir cúnta aige nó aici a chabhraíonn leis na tascanna bainistíochta. De ghnáth tá céim sa ghnó nó i réimse a bhaineann leis an airgeadas ag teastáil ó ionadaithe díolacháin agus ó na daoine atá i bpoist feidhmiúcháin nó bhainistíochta.

Tá a scrúduithe baincéireachta gairmiúla ag bainc Éireannacha agus is cóir duit bheith sásta iad a dhéanamh dá mba mhaith leat arduithe céime a bhaint amach. Tá tionchar ag méid na taithí agus leibhéal freagrachta an phoist ar an bpá a fhaigheann duine.

Baincéireacht Infheistíochta
Ní mór do bhainc úsáid mhaith a bhaint as an mbrabús a fhaigheann siad óna gcustaiméirí. Tá a gcuid Banc Infheistíochta féin ag na Bainc mhóra go léir in Éirinn. Cuireann siad airgead a gcustaiméirí ag obair freisin chun brabús níos mó a dhéanamh. Déantar seo trí infheistiú a dhéanamh i malairt eachtrach, i mbannaí, sna hurrúis órchiumhsacha agus ar an stocmhargadh.

Tugtar trádálaithe nó déileálaithe ar na daoine a reáchtálann an taobh seo den ghnó Baincéireachta. Is é post an Déileálaí tráchtearra a cheannach ar phraghas amháin agus é a dhíol ar phraghas níos airde. Sampla de ghnáth-idirbheart ná 800,000 i ndollair SAM a cheannach ar maidin agus é a dhiúscairt go pras le haghaidh airgeadra eile ag ráta níos fearr níos déanaí an lá céanna. De ghnáth oibríonn Bainisteoirí Infheistíochta le haghaidh Bainc Infheistíochta Mhóra nó le haghaidh gnóthaí meánacha nó móra. An phríomhfheidhm atá acu ná cabhair a thabhairt dá gcomhlachtaí airgead a aimsiú chun an gnó a mhéadú, éadálacha a dhéanamh, agus pleanáil a dhéanamh dá thodhchaí airgeadais agus aon airgead atá ar láimh a bhainistiú.

D’fhéadfá bheith ag obair do chomhlacht ilnáisiúnta mór nó do chomhlacht níos lú a bhfuil ionchas maith foráis ag baint leis. Gach seans go mbeidh freagracht ort go luath agus cuirfear do chuid scileanna fadhbréitigh i bhfeidhm gan mhoill. Bheifí ag súl le céim san Airgeadas nó sa Ghnó ar a laghad mar cháilíocht do na poist seo.

Sampla maith eile de ghairm a bhaineann leis an mBainistíocht Infheistíochta agus Airgeadais ná Bainisteoir Cistí do Chomhlacht Árachais Saoil. De ghnáth is as foinsí éagsúla an ciste (airgead) agus ansin déanann an Bainisteoir Cistí agus an fhoireann de speisialtóirí infheistíochta airgeadais é a infheistiú agus a bhainistiú ar mhaithe leo siúd a thug dóibh é.

Ag tosú leis an Airgeadas Infheistíochta
D’fhéadfadh sé go mbeadh obair chomhlacht ilnáisiúnta mór nó do chomhlacht níos lú a bhfuil ionchas maith foráis ag baint leis i gceist le gairm mar Bhainisteoir nó Déileálaí Infheistíochta Airgeadais. San Airgeadas d’fhéadfadh freagracht a bheith ort go luath agus dá bharr sin cuirfear do chuid scileanna fadhbréitigh i bhfeidhm gan mhoill.

Bheifí ag súl le céim san Airgeadas nó sa Chuntasóireacht ar laghad mar cháilíocht do na poist seo. De ghnáth bíonn go leor brú agus iomaíochta ag baint le hobair an Bhainisteora nó Trádálaí Infheistíochta agus bíonn ardleibhéal díriúcháin agus eolas domhain ar an margadh de dhíth.

Má thaitníonn a lán freagrachta leat agus an brú a bhaineann léi, seans gur b’fhiú duit breathnú ar an ngairm seo. De ghnáth bíonn a traenáil inmheánach féin do Thrádálaithe agus do Bhainisteoirí Infheistíochta ag an gcuid is mó de Bhainc agus de Chorparáidí.

De ghnáth tógann sé dhá bhliain ar a laghad ag traenáil laistigh den phost sula mbeidh go leor taithí agus saineolais agat ionas go dtabharfaí an t-údarás agus an tsaoirse duit trádáil a dhéanamh ar son do Bhainc nó do Chorparáide.


Árachas
Samhlaigh domhan gan árachas. Ní bheadh loingseoireacht nó taisteal ar bith ann, foirgníocht ar bith, monarchana agus oifigí ar bith, dochtúirí nó comhairleoirí gairmiúla ar bith, tiomáint ar bith – gach seans nach mbeadh úinéireacht tí ar bith fiú. Gan an t-árachas ní rachfaí sa tseans. Mura rachfaí sa tseans ní bheadh aon ghnóthaí nó aon nuálaíocht ann.

Tá raon ollmhór de dheiseanna sa tionscal árachais do chéimithe éirimiúla ardcháilíochta. Idir róil atá an-speisialaithe, dírithe ar an matamaitice agus bhainistíocht gnó ghinearálta, róil tráchtála, forbartha gnó agus róil atá dírithe ar sheirbhís do chustaiméirí nó ar bhainistíocht airgeadais.

Ag tosú san Árachas
Baineann poist san árachas le hobair díolacháin, le préimheanna a ríomh agus le héilimh a phróiseáil agus a mheas. Tá an gnó dírithe ar chabhair a thabhairt do dhaoine aonair agus do ghnóthaí le riosca a bhainistiú ionas go mbeadh cosaint acu i gcoinne caillteanais thurraingeacha agus le fadhbanna riosca féideartha a thuar.

Tá díolachán árachais inniu dírithe ar chabhair a thabhairt do chliaint a riachtanais árachais a thuiscint, ag míniú a roghanna dóibh agus ag cabhrú leo polasaithe árachais cuí a cheannach. Seo a leanas roinnt gairmeacha a d’fhéadfá a fheiceáil sa tionscal Árachais:

  • Tugann Achtúirí na bunúis mhatamaitice agus anailíseacha le haghaidh cinnteoireachta airgeadais.
  • Is idirghabhálaithe iad Bróicéirí Árachais idir chomhlachtaí árachais agus ceannaitheoirí árachais, ag tabhairt comhairle do dhaoine a bheadh ag smaoineamh ar pholasaí a cheannach ar an táirge is oiriúnaí dá riachtanais, ag cabhrú le rioscaí féideartha a bhainistiú agus a mhaolú agus ag socrú clúdaigh.
  • Tá Láimhséalaithe Éileamh Árachais freagrach as timpistí a imscrúdú agus as éilimh a íoc.
  • Tugann comhlachtaí Athárachais árachas don tionscal féin, ag cur ar chumas comhlachtaí móra agus beaga a riosca féideartha féin a mhaolú.
  • Cuireann suirbhéirí Rioscaí frithgheallaithe ar fáil – daoine a dhéanann measúnú ar rioscaí, agus a shocraíonn téarmaí na bpolasaithe árachais agus na praghsanna orthu – ag a bhfuil faisnéis maidir le leibhéil an riosca a bhaineann le gach cliant, agus ar na bealaí a bhféadfaí na rioscaí sin a mhaolú. Na róil a áirítear ina measc ná suirbhéirí rioscaí, suirbhéirí rialaithe rioscaí, anailísí rioscaí nó comhairligh rioscaí, a ngabhann roinnt díobh le sainreimsí mar dhóiteán, sláinte agus sábháilteacht, goid nó dliteanas poiblí.
  • Is saineolaithe éileamh neamhspleácha iad Coigeartóirí Caillteanais a chabhraíonn le comhlachtaí árachais agus le sealbhóirí polasaithe éilimh chasta nó chonspóidithe a réiteach agus a chuidíonn le daoine aonair nó gnóthaí iad féin a chur ar a mbonnaibh arís chomh luath agus is féidir.
  • Déanann Frithgheallaithe measúnú ar rioscaí agus socraíonn siad cé acu iarratas ar chlúdach árachais a ghlacadh nó gan é a fháil – agus cé na téarmaí a mbainfidh leo. Tá céim sa ghnó riachtanach maille le scrúdú árachais gairmiúil.
  • Díolann ionadaí díolacháin an polasaí árachais leis an gcliant.

Ní mór do gach iontrálaí nua na scrúduithe Chartered Insurance Institute a dhéanamh (CII). Téama ar a luíonn gairmithe árachais go minic ná go mbaineann an tionscal ar deireadh le cabhair a thabhairt do dhaoine nuair atá géarghá léi.

 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


115 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 115 cúrsa aimsithe.

 1 o 3 

Arts - Economics
NUI Galway
Business Studies and French
TCD
Business Studies
University of Limerick
Business Studies
Griffith College, Dublin
Commerce
NUI Galway
Business Economic and Social Studies
TCD
Business Studies and Spanish
TCD
Business Studies and Japanese
University of Limerick
International Business and Spanish
DIT
Business Studies and French
University of Limerick
International Business and French
DIT
Business
Institute of Business and Technology
Business in Financial Services
IT Sligo
Business Studies and German
University of Limerick
Arts - Economics
TCD
Arts - Economics
UCD (NUI)
Finance
NUI Maynooth
Business and Accounting
NUI Maynooth
Business in Marketing
Dublin Business School
Business
IT Blanchardstown
Commerce (International) German
UCD (NUI)
Commerce (International) Italian
UCD (NUI)
Business
Grafton College of Management Sciences
Arts - Economics
NUI Maynooth
Business Studies and German
Waterford IT
Business Studies and Russian
TCD
Business Studies and French
Waterford IT
Fiontraiocht Le Romhaireacht
DCU
Business Studies and German
TCD
Business
Tipperary Institute
Commerce (European) With French
UCC (NUI)
Insurance and European Studies
University of Limerick
Business (Castlebar)
Galway-Mayo IT
Legal and Business Studies
Dublin Business School
Arts - Economics
UCC (NUI)
Business
IT Blanchardstown
Commerce - International with Chinese Studies
UCC (NUI)
Business
IT Blanchardstown
Law and Business
TCD
Business and Information Systems
Dundalk IT

 1 o 3 


blank image Durrow Communications Ltd