CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Dlí & Dlíthiúil
    
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
 
Gairmeacha Samplacha

 
Dlí & Dlíthiúil icon
 

Bíonn gá againn go léir le seirbhísí dlí ó am go chéile – mar shampla, má cheannaíonn tú teach, má lorgaíonn tú cúiteamh i ndiaidh timpiste, má bhíonn ort tú féin a chosaint i gcoinne éagóra nó feidhmiú ar ghiúiré beidh teagmháil i gceist leis an gcóras dlí.

Tá an lucht dlí déanta suas d’aturnaetha, d’abhcóidí, de bhreithimh agus de róil riaracháin eile.

Tá gairmeacha dlí ag dul i méid. I bPoblacht na hÉireann, tá fás ar leith tagtha ar líon na n-aturnaetha agus na n-abhcóidí go príomha toisc go bhfuil fás eacnamaíochta tagtha ar ghnóthaí ilnáisiúnta, de bharr an domhandaithe agus shíorfhás an Aontais Eorpaigh.

[Is féidir eolas sonrach a fháil maidir le Córas Dlí na hÉireann ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Eolais do Shaoránaigh ]

Aturnaetha
An cur síos is fearr ar aturnaetha ná cleachtóirí ginearálta dlí. Bíonn siad i mbun eolas a sholáthar do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí amhail ceardchumainn, údaráis áitiúla nó cuideachtaí príobháideacha. Tugtar cliaint ar na daoine a n-oibríonn siad dóibh.

Toisc gur sainchomhairleoirí iad dá gcliaint, cuireann siad eolas agus comhairle dhlíthiúil ar fáil, déanann said nósanna imeachta agus idirbhearta dlí a phróiseáil agus a chur i bhfeidhm. Tríd is tríd, is obair iléagsúil atá ann. Mar shampla, d’fhéadfadh an cliant a bheith ag lorg comhairle dlí maidir le díobháil thionsclaíoch, maidir le cúrsaí teaghlaigh nó ceannach tí. Uaireanta, freisin, bíonn cliaint ag iarraidh duine a thabhairt os comhair na cúirte.

Sa lá atá inniu ann bíonn cliaint ag éilimh eolas dlíthiúil atá níos speisialaithe ná riamh. Is iad na gnólachtaí móra, de ghnáth, a bhíonn i mbun oibre níos speisialaithe do chliaint chorparáideacha agus tráchtála.

I measc na réimsí speisialta bheadh:

  • Dlí teaghlaigh
  • Maoin intleachtúil
  • Dlí fostaíochta
  • Dlí coiriúil
  • Dlí corparáideach agus tráchtála
  • Dlí an Aontais Eorpaigh agus dlí iomaíochta
  • Réadmhaoin

Glacann sé beagnach trí bliana ó thús deireadh i bPoblacht na hÉireann don oiliúint chun a bheith i d’aturnae. Tá sé an-iomaíoch áit a fháil sa ghairm seo. D’fhormhór bíonn céim curtha i gcrích ag na mic léinn, ach ní gá gur céim dlí í. Is é Dlí-Chumann na hÉireann, Plás Blackhall, atá freagrach as oiliúint agus oideachas na n-aturnaetha. Is gá dóibh Cúrsaí sa Chleachtas Gairmiúil a chur i gcrích maille le printíseacht le haturnae formheasta.

Abhcóidí
 Feidhmíonn abhcóidí ina gcomhairleoirí d’aturnaetha. Tá post níos speisialaithe acu agus bíonn níos mó taighde ar bun acu. Má bhíonn fadhb ag duine a bhfuil comhairle dlí ag teastáil uathu ina leith ní mór dóibh dul ar thóir aturnae ar dtús. Más ceist chasta atá i gceist rachaidh an t-aturnae i gcomhairle le habhcóide. Déanfaidh an t-abhcóide an dlí a léirmhíniú i gcomhthéacs fhadhb an chliaint. Déanfaidh sé nó sí a tuairim a thabhairt maidir le cé chomh láidir is atá argóint an chliaint agus cén chaoi is fearr déileáil leis an scéal..

Má théann an cás go dtí cúirt níos airde (an An Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt, an Chúirt Uachtarach) is é an t-abhcóide a sheasann don chliant sa chúirt. Is féidir leo freisin cláir reachtaíochta a fhorbairt agus dlíthe a dhréachtú..

Caithfidh gach abhcóide nuacháilithe dhá mhí dhéag ar a laghad a chaitheamh mar phrintíseach in éineacht abhcóide le taithí. Ní bheidh saol socair oibre ag aon abhcóide go ceann ar a laghad cúig bliana. Is féidir leis bheith an-deacair tú féin a chur ar bun mar abhcóide agus bíonn gá le cúnamh ón teaghlach sna blianta tosaigh.

Nuair a ghlaoitear chun an bharra ar abhcóide nuacháilithe, tugtar Abhcóide Sóisir orthu. Is féidir le hAbhcóide Sóisir cur isteach ar phost mar Abhcóide Sinsir tar éis 15 bliana taithí a ghnóthú. De ghnáth ní fheidhmíonn Abhcóidí Sinsir ach san Ard-Chúirt agus sa Chúir Uachtarach. Dé ghnáth rachaidh siad le speisialtacht i réimse ar leith den dlí.

Breithiúna
In Éirinn ceapann an tUachtarán ár mBreithniúna agus feidhmíonn an tUachtarán ar chomhairle ón Rialtas ina leith seo. I gcásanna nach bhfuil gá le giúiré is é nó í an Breitheamh a chinneann cé acu páirtí a bhuafaidh nó a chaillfidh cás. Éisteann sé nó sí leis an bhfianaise ón dá thaobh agus leis na haighneachtaí ó na habhcóidí (nó aturnaetha). Féadfaidh an breitheamh ceisteanna a chur ar aon fhinné agus ar abhcóidí (nó aturnaetha). Má tá giúiré ann, is é an giúiré a dhéanann an cinneadh. Sna cásanna seo ní dhéanann an breitheamh ach comhairle a chur ar an ngiúiré agus cinntíonn sé/sí go reáchtáiltear an triail i gceart.

Ní mór do dhuine ar a laghad 10 mbliana de thaithí mar abhcóide nó mar aturnae a bheith acu chun bheith ina mbreitheamh.

Róil Dhlíthiúla Eile
Tá líon maith daoine fostaithe mar ghairmithe dlí ag leibhéil éagsúla den Rialtas, agus ról lárnach acu sa Chóras Ceartais Choiriúil agus déanann siad cásanna a iniúchadh don Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Tá roinnt mhaith deiseanna ann chomh maith i réimse na tacaíochta dlí. Ina measc tá rúnaithe, riarthóirí agus fáilteoirí, a thacaíonn le hobair an aturnae nó an abhcóide. Sna cúirteanna féin tá cláraitheoirí agus gearrscríobhaithe. Tá roinnt mhaith coláistí a chuireann cúrsaí oiliúna ar fáil sna réimsí seo.

 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


59 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 59 cúrsa aimsithe.

 1 o 2 

Forensic and Environmental Science
DIT
Legal and Business Studies
Dublin Business School
Computer Forensics
Waterford IT
Insurance and European Studies
University of Limerick
Law and Society
DCU
Legal and Business Studies
Dublin Business School
Law and Business
TCD
Business with Law
IT Carlow
Forensic Investigation and Analysis
IT Sligo
Business and Law
Griffith College, Dublin
Human Resource Management
NCI
Law and Political Science
TCD
Human Resource Management - Area Based Partnership Applicants
NCI
Legal Studies
Dublin Business School
Legal Studies
Dublin Business School
Law and Politics
UCD (NUI)
Criminal Justice
Waterford IT
Business and Law
Dublin Business School
Law
TCD
Law (Clinical)
UCC (NUI)
Civil Law (BCL)
NUI Galway
Arts - Legal Science
NUI Galway
Law and German
UCC (NUI)
Law (International)
UCC (NUI)
Analytical and Forensic Science
Letterkenny IT
Law and Irish
UCC (NUI)
Commerce (European) With German
UCC (NUI)
Business and Law
NUI Maynooth
BCL Maitrise
UCD (NUI)
Economics Politics and Law
DCU
Law and German
TCD
Law and French
UCC (NUI)
Corporate Law (BCL)
NUI Galway
Law and Accounting
University of Limerick
Law with Economics
UCD (NUI)
Law and Taxation
Limerick IT
Law and French
TCD
Accounting and Human Resources Mgt (Abp)
NCI
Law Plus
University of Limerick
Legal Studies
Waterford IT

 1 o 2 


blank image Durrow Communications Ltd