Talmhaíocht Samhlaímid an fheirmeoireacht leis an Talmhaíocht. Ach ní bhaineann an Talmhaíocht leis an bhfeirmeoireacht amháin. Baineann an earnáil seo dár ngeilleagar le gach rud, idir éadaí a chaithimid (jíons agus t-léinte cadáis, geansaithe agus cótaí olla, bróga agus seaicéid leathair) agus bhia a ithimid. Nuair a théimid ar laethanta saoire nó fiú nuair atáimid i mbun ár gcaitheamh aimsire bainimid úsáid go minic as seirbhísí na ndaoine a oibríonn in Earnáil na Talmhaíochta.
Tuarann Tuarascála Oibre an Rialtais titim leanúnach i líon na ndaoine atá fostaithe i ngairmeacha talmhaíochta traidisiúnta – an fheirmeoireacht mar shampla, ach tá go leor deiseanna nua sa mhór-earnáil sna réimsí Eolaí Bia, Tógálaí Bia, Bainistíocht/Oifigeach Comhshaoil, Jacaí agus Taighde ar Thalmhaíocht.
Cé gur obair fhisiceach atá i gceist go minic, baineann stíl mhaireachtála shláintiúil shásúil leis an obair seo. Ba chóir duit do mhachnamh a dhéanamh air. Mar thúsphointe ba cheart duit a mheas an dtaitneodh an saol lasmuigh agus bheith ag obair leis an dúlra leat.
Agrathurasóireacht Tá méadú ar chineálacha caithimh aimsire lasmuigh, rud a chruthaíonn deiseanna gairme do dhaoine ag soláthar seirbhísí turasóireachta gairmiúla faoin tuath i ngníomhaíochtaí mar mharcaíocht ar chapaill, iascaireacht, imirt gailf, seoltóireacht agus cnocadóireacht. Tá a lán feirmeoirí ag oscailt a bhfeirmeacha do thurasóirí. Is féidir leis an gcineál agrathurasóireachta leathnaithe seo gairmeacha lánaimseartha agus páirtaimseartha a chur ar fáil.
Gairneoireacht Is í an Ghairneoireacht ná an ealaín agus an eolaíocht a bhaineann le saothrú na bplandaí. Déanann gairneoirí obair agus taighde i réimsí síolraithe agus saothraithe plandaí, táirgthe barr, póraithe plandaí agus innealtóireachta géinití, bithcheimice plandaí, agus fiseolaíochta plandaí. Baineann an obair go háirithe le torthaí, caora, cnónna, glasraí, bláthanna, crainn, toir agus móin. Oibríonn gairneoirí chun feabhas a chur ar bharr ó thaobh táirgeachta, cáilíochta, luach cothaithe agus ó thaobh frithsheasmhachta in aghaidh feithidí, galar agus strus comhshaoil.
Baineann an Ghairneoireacht Taitneamhachta le garraíodóireacht, dearadh agus go leor nithe eile. Tosaíonn sí le dearadh agus tógáil na limistéar áineasa. Áirítear páirceanna, anaclanna dúlra, gairdíní fiadhúlra, agus cuir cois bóthair, i measc tírdhreacha deartha eile.
D’fhéadfadh na limistéir seo bheith poiblí mar shampla páirceanna údaráis áitiúla, agus cuir cois bóthair atá an-tábhachtach don fhiadhúlra. D’fhéadfadh siad bheith príobháideach freisin, mar shampla tithe maorga, coimpléisc árasán agus mar sin de.
Má thaitníonn spórt leat, smaoinigh go bhfuil gach seans ann go bhfuil an pháirc imeartha, an chúirt leadóige, an rian reatha, an faiche bollaí nó an machaire gailf deartha, tógtha agus caomhnaithe ag gairneoir taitneamhachta.
Baineann an Ghairneoireacht Tráchtála le saothrú agus díol na mbarr bia agus na bplandaí ornáideacha. Sa réimse táirgthe bia is é an gairneoir a théann i ngleic leis na torthaí agus na glasraí a ithimid a shaothrú. Is é an gairneoir freisin a shaothraíonn na bláthanna agus na plandaí pota lena maisímid ár dtithe agus ár spásanna poiblí.
Is í an gharraíodóireacht an príomh-chaitheamh aimsire gníomhach anois, agus tá garraíodóirí ag lorg cineálacha plandaí nua agus cáilíocht níos fearr. Is gnó fíortheicniúil é táirgeadh na mbarr seo lena mbaineann córais uathoibrithe agus atá á rialú le húsáid teicneolaíochta ríomhaireachta úrscothaí chomh maith le scileanna traidisiúnta.
Baineann an ghairneoireacht mhiondíola leis an ngairneoireacht tráchtála freisin, agus is obair dhúshlánach a bhíonn ar siúl sna hasraonta gairneoireachta miondíola – ag tógáil taispeántas spéisiúla éifeachtacha, ag margú plandaí, chomh maith le bheith ag déileáil le fiosrúcháin. Is dócha go bhfuil an obair mhiondíola gairneoireachta níos spéisiúla agus níos dúshlánaí ná aon obair mhiondíola eile.
Tá an méid seo i gceist leis an ngairneoireacht agus go leor nithe eile chomh maith. Tá deiseanna fostaíochta sa réimse seo an-mhaith toisc go bhfuil daoine Éireannacha níos meabhraí ar an gcomhshaol ná mar a bhí. Tá daoine ag cur spéise níos mó ina ngairdíní agus sa saol faoin spéir tríd is tríd.
Foraoiseacht Is í seo an ealaín, an eolaíocht agus an cleachtas a bhaineann le bainistíocht na bhforaoisí agus na bhfáschoillte. Is mór an bua d’Éireann go bhfuil ceann de na haeráidí is oiriúnaí d’fhás na gcrann inti. Tá níos mó ná 10,000 duine fostaithe go díreach le gníomhaíochtaí mar phlandú, fómhar, iompar, agus próiseáil adhmaid in Éirinn. Tá plean foraoiseachta ag an Rialtas atá dírithe ar an líon seo a mhéadú faoi dhó thar na deich mbliana atá romhainn. (Féach próifíl ‘Saineolaithe’ do Choillte le haghaidh tuilleadh sonraí)
Eolaíocht an Bhia Baineann eolaíocht an bhia le gach gné teicniúil an bhia, idir bhuainteoireacht nó marú agus chócaráil agus ithe. Meastar gurb ceann de na heolaíochtaí talmhaíochta í agus de ghnáth go bhfuil sí éagsúil le réimse an chothaithe.
Is iad na cineálacha gníomhaíochtaí a dhéanann bia-eolaithe ná forbairt na dtáirgí bia nua, dearadh na bpróiseas chun an bia seo a tháirgeadh, rogha na n-ábhar pacáistíochta, staidéir ar sheilfré, measúnú céadfach le painéil saineolaithe oilte nó le hábhar custaiméirí, chomh maith le tástáil mhicribhitheolaíoch agus cheimiceach.
D’fhéadfaí go ndéannfadh bia-eolaithe in ollscoileanna staidéar ar fheiniméin níos bunúsaí a bhfuil baint dhíreach acu leis táirgeadh táirge bia ar leith agus a airíonna.
Bileoga Gairmeacha Úsáideacha ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]
|
| |
Biosystems Engineering
|
|
| |
|
|
|