Earnálacha Tionscail
|
Sonraí na hEarnála
Eolas faoi Earnálacha
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
Gairmeacha Samplacha
Muirí, Iascaireacht & Dobharshaothrú
An tionscal muirí
Bhí suim i gcónaí riamh ag daoine óga bheith ar muir leis an Loingeas Trádála mar gur thug sé an deis dóibh gairm dhúshlánach a bheith acu chomh maith le bheith in ann taisteal. Oireann an saol seo do dhaoine ar maith leo an dúshlán a bhaineann le bheith ag obair ar muir.
Úsáidtear teicneolaíocht nua-aimseartha i roinnt mhaith de na réimsí a bhaineann le long thrádála an lae inniu, le béim ar leith ar shábháilteacht agus le caomhnú an chomhshaoil.
D’ainneoin na ngnéithe ‘ardteicniúla’ a bhaineann le hoibríochtaí ar bord loinge, caitheann mairnéalaigh roinnt mhaith dá gcuid ama ag dul i ngleic leis an dúlra ina bhfeidhmíonn siad agus oibríonn siad de réir bhunphrionsabail an lucht farraige. De ghnáth bíonn dhá phríomhrannóg ar bord loinge – an Deic agus Seomra an Innill.
Is éard a bhíonn ar bun sa rannóg ar an dtugtar an Deic ná feidhmiú foriomlán na loinge agus a freagrachtaí i leith na loingseoireachta, cumarsáid, lastas agus cobhsaíocht, cothabháil agus sábháilteacht.
Sa rannóg ar an dtugtar Seomra an innill táthar freagrach as na seirbhísí teicniúla uile lena n-áirítear tiomáint an innill, innealra eile, agus giniúint leictreachais.
I láthair na huaire tá ganntanais oibrithe san earnáil seo. Seo a leanas an méid a bhí le rá ag an gCaptaen Dave Hopkins, atá ina Uachtarán ar Chomhlachas Loingseoireachta na hÉireann...
"
The industry needs people to work aboard ships around the coast of Ireland, and internationally. It is an exciting and rewarding career, and an important factor is the 'life after sea' element which includes the operation of ships from shore side, the management and building of ships which trade globally, careers as harbour masters, ships pilots, college lecturers, and surveyors who work within government marine and transport departments, insurance and classification industry
" [feb 08]
Is é Coláiste Náisiúnta Muirí Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Rinn na Scidígh, Co. Chorcaí an t-ionad náisiúnta ainmnithe d’oideachas agus d’oiliúint phearsanra don Chabhlach Trádála agus is é Coláiste Muirí na hÉireann é freisin. Cheap Coláiste Náisiúnta na hÉireann sraithe clár oideachais sa Bhainistíocht Muirí chun deis a sholáthar do dhaoine a bhfuil suim ghairmiúil acu sa tionscal muirí.
[Foinse – Oifig Forbartha Muirí na hÉireann]
Iascaireacht
Tá tuairim is 15,000 duine fostaithe in earnáil na hiascaireacht ar muir agus i bhfeirmeoireacht éisc.
I measc na bpost a bheadh i gceist le hiascaireacht ar muir bheadh bheidís seo a leanas: Mairnéalach Bord, Innealtóir Muirí, Captaen ar thrálaer iascaireachta. Is é An Bord Iascaigh Mhara an ghníomhaireacht atá freagrach as oiliúint sa tionscal iascaireachta. Cuireann sé raon leathan
cúrsaí
ar fáil. Cé gur tháinig laghdú leanúnach ar ghairmeacha san earnáil seo le blianta beaga anuas, tá éileamh láidir fós ar Mhairnéalaigh Boird. [féach gairmeacha Samplacha]
Oibríonn roinnt Iascairí lánaimseartha agus roinnt mhaith Iascairí páirtaimseartha in uiscí atá cuíosach éadomhain, go minic gar don chósta. Go minic bíonn na criúnna beag – de ghnáth duine nó beir ag obair le chéile ar gach gné den iascaireacht. Bíonn daoine eile ag iascaireacht na céadta mílte ón gcostas i mbáid iascaireachta móra tráchtála. Tá an loingseoireacht agus an chumarsáid riachtanach do shábháilteacht na ndaoine atá ag obair ar an uisce, go háirithe na daoine a oibríonn amach ón gcósta.
I gcás na mbád mór, a bhfuil acmhainneacht acu do na mílte punt iasc, bíonn gá le Captaen, le Chéad Mháta, Dara Máta, le Maor Loinge agus le Mairnéalaigh Boird chun an trealamh a fheidhmiú, chun an ghabháil éisc a shórtáil, agus tríd is tríd chun an t-árthach a rith.
Dobharshaothrú
Ó na forbairtí tosaigh sna 1970dí i leith, tá fás tagtha ar thionscal an dobharshaothraithe agus anois tá sé ar cheann de na tionscail is tábhachtaí don gheilleagar náisiúnta. Tháinig méadú leanúnach easpónantúil ar aschur agus ar luach, ó thaobh cruthú fostaíochta de, agus ar éagsúlacht na suíomh agus na speiceas a ndéantar feirmeoireacht orthu.
Tháinig méadú 13% ar luach iomlán an Tionscail Dobharshaothraithe in Éirinn, ó €110.2 milliún sa bhliain 2005 go dtí €124.6 milliún sa bhliain 2006.
Ar na príomhspeicis sliogéisc atá á gcur ar fáil in Éirinn i láthair na huaire tá Diúilcíní, Oisrí an Aigéin Chiúin (Crassostrea gigas), oisrí dúchasacha (Ostrea edulis), breallaigh agus muiríní. Is iad bradán agus breac dea-dhathach an dá phríomhchineál iasc eite a ndéantar iascaireacht orthu ar muir. Déanann bradán suas tuairim is 85-95%, de réir toirte, den táirgeadh bliantúil éisc.
Tá speicis nua san earnáil ó na 1970dí i leith agus ina measc tá siad seo a leanas: trosc, muiríní, cluas mhara, breallaigh agus péirse.
Sa bhliain 2006 bhí tuairim is 2,058 fostaithe ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha in Éirinn san earnáil seo.
Is réimse fáis an fheirmeoireacht éisc agus tá daoine ag obair san earnáil ina dTumadóirí, ina bhfeirmeoirí, ina mBainisteoirí Feirme agus ina mBitheolaithe Muirí. Tá an obair is bhfad níos cosúla leis an obair a dhéanann Feirmeoir ar talamh ná leis an obair a dhéanann Iascaire. Meallann an earnáil seo ní hé amháin daoine a dhéanann an obair ó lá go lá ag reáchtáil feirme ach céimithe le cáilíochtaí eolaíochta agus talmhaíochta agus téann siad i mbun taighde agus obair chomhairleach.
Déanann BIM (Bord Iascaigh Mhara)
cúrsaí
a reáchtáil a cuireadh ar bun don tionscal; is cáilíochtaí praiticiúla iad agus is féidir an oiliúint a chur i bhfeidhm caol díreach sa saol oibre seo. Ina measc ábhar na gcúrsaí tá Iascaireacht Tráchtála, Feirmeoireacht Éisc, Innealtóireacht Mhuirí agus Próiseáil Éisc Mhara.
[foinse:
An Institiúid Mhuirí
]
Cúrsaí
Post Leaving Cert
(from Qualifax)
Post Grad
(from Qualifax)
FÁS
(from FÁS)
Cúrsaí CAO
9 cúrsa aimsithe.
Food Science and Technology
UCC (NUI)
Science - Food with Business
Waterford IT
Science - Biological and Environmental Studies
Tralee IT
Earth and Ocean Sciences
NUI Galway
Nautical Science
Cork IT
Marine Science
NUI Galway
Applied Freshwater and Marine Biology
Galway-Mayo IT
Marine Engineering
Cork IT
Applied Freshwater and Marine Biology
Galway-Mayo IT
Téarmaí agus Coinníollacha
::
Ráiteas Príobháideachta
::
Teagmháil Linn