CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh
    
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
 
Gairmeacha Samplacha

 
Ealaín, Ceardaíocht & Dearadh icon
 
Tá daoine in Éirinn agus i ngach geilleagar forbartha timpeall an domhain ag éirí níos feasaí ar na táirgí a cheannaíonn siad agus a úsáideann siad. Má dhéanaimid ár machnamh ar a mhéad atá dearadh i gceist le héadaí, le tógáil foirgneamh, le fístéipeanna, scannáin nó cláir theilifíse, le déantús carranna agus le beagnach gach táirge a úsáidimid inár saol is léir go bhfuil tábhacht thar na bearta ag baint leis.

Tá na mílte post cruthaithe ag an earnáil seo in Éirinn.

Samhlaítear dlúthghaol a bheith idir na focail Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh. Baineann gach gairm sa réimse seo le hobair a bhfuil leibhéal ard tallainne agus fuinnimh ealaíne ag teastáil dóibh. Meallann siad go léir daoine ar maith leo iad féin a chur in iúl trí shaothar ealaíne a chruthú - idir phictiúir, fhoirgnimh nua, fhíseáin, ghrianghraif agus fhógraí. Seo cur síos ar an idirdhealú idir ealaín, ceardaíocht agus dearadh:

Ealaíon agus Ceardaíocht Amhairc
  • Baineann an Ealaín le cruthú na bpictiúr agus na ndealbh déthoiseach nó tríthoiseach. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí in Éirinn agus is féidir le go leor ealaíontóirí maireachtáil ar an méid airgid a fhaigheann siad ar dhíol a gcuid oibre amháin. Cuireann ealaíontóirí eile lena gcuid ioncam trí obair pháirtaimseartha nó trí obair lánaimseartha ag múineadh, ag léachtóireacht nó i riarachán ealaíon.
  • Tagraíonn Ceardaíocht do chruthú rudaí lámhdhéanta nó traidisiúnta mar earraí potaireachta, seodra nó earraí gloine. Bíonn scileanna gnó de dhíth ar na daoine a dhéanann na gníomhaíochtaí ealaíne seo freisin chun a saothair a chur chun cinn agus a dhíol agus gnóthas beag a bhainistiú. Tá ráta ard féinfhostaíochta ag baint leis an gceird seo. 
  • Grianghrafadóireacht: Tá go leor cineálacha grianghrafadóirí ann. Déanann roinnt díobh pictiúir do na meáin chlóite. Déanann grianghrafadóirí eile pictiúir do shainfhoilseacháin leighis agus eolaíochta. Tá an chuid is mó díobh féinfhostaithe agus déileálann siadsan leis na hócáidí speisialta go léir inár saol mar bhainiseacha, baistí, portráidí teaghlaigh srl.
Dearadh
Tagraíonn dearadh go minic do chruthú foirgneamh mar a dhéantar san Ailtireacht. Tá go leor réimsí eile ina bhfuil gá le dearadh áfach mar shampla:

  • Tugtar Dearadh Tionsclaíoch ar dhearadh na dtáirgí tráchtála. Tá meascán na heolaíochta agus na hinnealtóireachta i gceist leis agus baineann sé le holltáirgeadh táirgí in ionad cheardaíocht na n-earraí. Gné atá ag éirí ríthábhachtach sa mhargadh iomaíoch ná táirgí sláine marthanacha a dhéanamh a bhfuil cuma tharraingteach orthu agus a mhothaíonn deas sa lámh. Faoi láthair tá deiseanna maithe fostaíochta ann do chéimithe na gcúrsaí deartha tionsclaíocha ó Choláistí na nInstitiúide Teicneolaíochta.
  • Tá obair na nDearthóirí grafaice i ngach áit timpeall orainn. Is torthaí ar obair an dearthóra grafaice go léir iad fógraí i nuachtáin agus in irisí, léaráidí i gcatalóga agus i mbróisiúir, an dearadh ar beagnach gach píosa pacáistíochta, na grafaicí ar shuíomhanna gréasáin agus ar tháirgí ilmheáin. Braitear go mór anois ar dhearadh don rath sa saol gnó agus sa saol tráchtála agus tá éileamh mór ar dhearthóirí grafaice in Éirinn faoi láthair. 
  • Oibríonn an chuid is mó de dhaoine sa dhearadh faisin do dhearthóirí faisin beaga. Baineann an obair seo leis an dearadh a dhéanamh, an pátrún a ghearradh agus an ball éadaigh a chríochnú. Tairgeann siad bailiúcháin atá réidh le caitheamh a díoltar trí shiopaí ar leith. Oibríonn daoine eile do mhórdhéantóirí mórdhíola agus cruthaíonn siad dearthaí atá oiriúnach do shreangshiopaí ilranna.

Ag tosú in Ealaín agus Dearadh
Déanann formhór na mac léinn ag tosú le gairm sa réimse Ealaíne/Deartha staidéar sna coláistí Ealaíne, sna hInstitiúidí Teicneolaíochta nó sna Coláistí iar-Ardteistiméireachta timpeall na hÉireann. Is cúrsaí teoranta an chuid is mó de chúrsaí trí chóras CAO a bhaineann le healaín. Dá bharr sin, ní mór d’iarrthóirí cumhdach saothar a bheith acu agus is cóir iarratais a chur isteach roimh 1 Feabhra den bhliain ina ndéantar an t-iarratas ar an gcúrsa. Déantar mic léinn a ghrádú i leith iontrála don chuid is mó de chúrsaí ealaíne/deartha de réir an Chumhdaigh agus de réir a ngrád bunúsach Ardteistiméireachta (nó a gcoibhéis).

Ní mór cumhdach maith a chur le chéile bliain nó dhó roimh iontráil ar chúrsaí tríú leibhéal sa réimse seo. Is féidir cúrsa ullmhúchán Cumhdaigh iar-Ardteistiméireachta a dhéanamh i gcoláiste breisoideachais. Tríd is tríd, ba chóir go dtaispeánfaí do chuid stíle sa chumhdach agus do léiriú ar mheáin éagsúla le raon de shaothair éagsúla. Ba mhaith an rud obair ullmhúcháin a chur ann chun d’obair a thaispeáint ag céimeanna forbartha éagsúla. Déan grianghraif d’aon saothar atá ró-láidir nó ró-chiotach le hiompar. Is fiú i gcónaí riocht néata agus leagan amach maith a bheith ar d’obair.

Is cóir breathnú ar na cúrsaí agus ábhar an chúrsa taobh thiar den teideal a fhiosrú. Seans go bhfuil éagsúlachtaí idir chúrsaí a bhfuil teidil chosúla orthu ó thaobh béime de agus d’fhéadfaí réimsí éagsúla a bheith á dtairiscint le staidéar speisialaithe a dhéanamh orthu. De ghnáth cuireann na cúrsaí deartha deiseanna staidéar speisialaithe ar fáil i réimsí mar léiriú, agus dearadh grafaice, grianghrafadóireacht, ilmheáin, agus meáin nua agus dearadh do thionscal. Tugann cláir Mhínealaíne deis don mhac léinn péintéireacht, dealbhóireacht, déanamh priontaí agus staidéir idirdhisciplíneacha a dhéanamh.
 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


90 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 90 cúrsa aimsithe.

 1 o 3 

Design - Interior and Furniture
DIT
Architecture
University of Limerick
Architecture - Interior
Griffith College, Dublin
Landscape Architecture
UCD (NUI)
Creative Digital Media
IT Blanchardstown
Design - Visual Communication
DIT
Architecture
DIT
Media Arts
DIT
Multi Media (Computing and Design)
Limerick IT
Interior Architecture
Cork IT
Furniture Design and Manufacture (Letterfrack)
Galway-Mayo IT
Architecture
UCD (NUI)
Design and Technology Education
Galway-Mayo IT
Product Design - Marketing and Innovation
NUI Maynooth
Industrial Design
NCAD
Architecture (Joint UCC and CIT)
UCC (NUI)
Architectural Technology
Galway-Mayo IT
Interior Architectural Technology
Cork IT
Design (Industrial)
IT Sligo
Information Technology - Creative Multimedia
Tipperary Institute
Photography
DIT
Design (Visual Communications)
Athlone IT
Architecture
Waterford IT
Design (Interior Architecture)
IT Sligo
Visual Communication
Cork IT
Architectural Technology (Wexford)
IT Carlow
Fine Art
DIT
Interior Design
Griffith College, Dublin
Computing - Multimedia Programming
Dun Laoghaire IADT
Multimedia and Computer Games Development
University of Limerick
Multimedia
DCU
Baking and Pastry Arts Management
DIT
Art and Design
Galway-Mayo IT
Multimedia
Cork IT
Music Foundation
DIT
Engineering In Electronic Product Design
IT Sligo
Modelmaking, Design and Digital Effects
Dun Laoghaire IADT
Product Design and Technology
University of Limerick
Information Technology - Creative Multimedia (Thurles)
Tipperary Institute
Multimedia
NUI Maynooth

 1 o 3 


blank image Durrow Communications Ltd