CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Ainmhithe & Tréidliacht
    
Easnaimh Scileanna
ní bhfuarthas aon cheann
 
Gairmeacha Samplacha

 
Ainmhithe & Tréidliacht icon
 
Leigheas Tréidliachta
Is gairmithe leighis iad dochtúirí an Leighis Tréidliachta a bhfuil mar phríomhfhreagracht orthu sláinte agus leas na n-ainmhithe a chosaint. Déanann tréidlianna galair ainmhithe a dhiagnóisiú agus a rialú, cuireann siad cóireáil ar ainmhithe tinne agus ainmhithe gortaithe, coisceann siad tarchur galar idir ainmhithe agus daoine, agus tugann siad comhairle d’úinéirí ar chúram ceart na bpeataí, na n-ainmhithe oibre agus an bheostoic. Cinntíonn siad soláthar an bhia shláin trí chaomhnú sláinte an bheostoic agus trí iniúchadh a dhéanamh ar tháirgí feola agus éineola.

Tá cleachtas na tréidliachta ag athrú. Mar aon le cur i bhfeidhm na teicneolaíochta nua ar chúram na n-ainmhithe, cabhraíonn tréidlianna le speicis i mbaol a chaomhnú, tugann siad ardchaighdeáin chúraim d’ainmhithe saotharlainne, agus déanann siad taighde ardcháilíochta chun fadhbanna na ngalar ainmhithe a réiteach, rud a chuireann le réiteach na bhfadhbanna sláinte daonna.

Tá thart ar 1,900 Tréidlia cláraithe sa Stát – tá thart ar dhá chéad déag nó trí chéad déag díobh i gcleachtais phríobháideacha. Chomh maith leis sin tá thart ar 330 tréidlia Stáit, thart ar 30 tréidlia de chuid na n-údarás áitiúil, 20 nó 30 i dtionscal agus líon beag ag múineadh agus ag déanamh taighde sa dámh tréidliachta in UCD.

An Teicneoir Tréidliachta
Roghanna eile atá ann ná teicneoir nó altra tréidliachta a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil dóibh siúd nach n-éiríonn leo na pointí fíor-arda a bhaint amach san Ardteistiméireacht ach ar mhaith leo bheith páirteach sa leigheas tréidliachta. Tá éileamh suntasach ar altraí tréidliachta de bharr an fháis ar scála, ar éilimh agus ar na gcleachtas tréidliachta.

Déanann Teicneoirí agus Altraí Tréidliachta cuid mhór gnáthamh saotharlainne, cabhraíonn siad le scrúdú fisiceach ar ainmhithe agus a srianadh le linn cuairteanna tréidliachta, déanann siad nósanna imeachta glanta, cabhraíonn siad le hobráidí, déanann siad monatóireacht ar ainéistéise agus go leor rudaí eile a samhlaítear go minic le post an Tréidlia. De ghnáth maireann na cúrsaí idir dhá bhliain nó ceithre bliana don ghairm seo.shofaisticiúlacht

Tá deiseanna fostaíochta iontacha ar fáil d’Altraí Tréidliachta faoi láthair, agus go ceann i bhfad. Mar atá tábhachtach le haon obair a bhaineann le hainmhithe, tá sé fíorthábhachtach bheith díograiseach agus gan ailléirgí ainmhithe a bheith ort. Bíonn na huaireanta oibre éagsúil agus neamh-intuartha agus is dócha go mbeadh ort obair a dhéanamh nó bheith ar ghlao-dhualgas ag an deireadh seachtaine agus sa tráthnóna.

Ag tosú sa Leigheas Tréidliachta
An t-aon cúrsa tréidliachta amháin atá ann laistigh den Stát ná an chéim sa Tréidliacht in UCD. An chomhairle atá ag Michael Monaghan, Déan na Dáimhe, ná gur chóir d’iarrthóirí bheith ar láneolas faoin réimse sula dtéann siad leis. "It's most important to talk to vets in practice to dispel any unduly romantic notions."

Deireann sé, áfach, go bhfuil na deiseanna fostaíochta do thréidlianna an-mhaith. "The career requires a high level of commitment, but there are great opportunities and virtually full employment."

Eolaíocht Ainmhithe
De rogha air sin d’fhéadfá Céim san Eolaíocht Bhitheach/Eolaíocht Ainmhithe a dhéanamh. Baineann céim san Eolaíocht Bhitheach Tréidliachta le staidéar ar struchtúr agus feidhm ainmhithe, a mbainistiú agus a leas i gcomhthéacs talmhaíochta, paraithréidliachta, saotharlainne nó fiadhúlra.

Mar mhac léinn Eolaíocht Bhitheach Tréidliachta agus Ainmhithe d’fhoghlaimeofá conas eolas agus prionsabail na heolaíochta a chur i bhfeidhm ar thuiscint agus bainistíocht ar tháirgeadh, phróiseáil agus mhargú na dtáirgí ainmhithe agus ar bhainistiú agus ar chaomhnú ár n-acmhainní nádúrtha lena n-áirítear speicis dhúchasacha agus speicis i mbaol. Tugann céim sa réimse seo ionchais mhaithe de gairmeacha a fháil sna tionscail ainmhithe agus sa taighde ainmhithe agus bithleighis.

D’éirigh go maith le céimithe na hEolaíochta Ainmhithe fostaíocht a bhaint amach i raon leathan réimsí. Áirítear ina measc: comhairleach agus taighde, tionscal bia ainmhithe, soláthar, próiseáil agus margú na dtáirgí ainmhithe, oideachas dara leibhéal agus talmhaíochta, comhairliúchán príobháideach, bainistíocht feirme agus fiontair.

Le blianta beaga anuas tá deiseanna fostaíochta tar éis teacht aníos sa tseirbhís phoiblí agus i dtionscal príobháideach araon. Tá an cháilíocht Eolaíochta Ainmhithe an-oiriúnach duit más maith leat do phost gairmiúil a dhéanamh in éineacht le feirmeoireacht pháirtaimseartha.
 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


50 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 50 cúrsa aimsithe.

 1 o 2 

Science - Food with Business
Waterford IT
Science (Agricultural)
Waterford IT
Toxicology
Athlone IT
Applied Biosciences
Cork IT
Herbal Sciences
Cork IT
Food Science
UCD (NUI)
Animal Science
UCD (NUI)
Animal and Crop Production
UCD (NUI)
Forestry
Waterford IT
Biological and Chemical Sciences
UCC (NUI)
Science
Galway-Mayo IT
Agricultural Science
UCD (NUI)
Veterinary Medicine
UCD (NUI)
Agriculture
Waterford IT
Equine Science
University of Limerick
Forestry
UCD (NUI)
Wildlife Biology
Tralee IT
Science - Animal - Equine
UCD (NUI)
Horticulture, Landscape and Sportsturf Management.
UCD (NUI)
Dairy Business
UCD (NUI)
Pharmacy
Royal College of Surgeons in Ireland
Equine Science
University of Limerick
Science - Common 1st Year
DIT
Dental Technology
TCD
Nutritional Science
UCC (NUI)
Veterinary Medicine - graduate entry route
UCD (NUI)
Agriculture
Dundalk IT
Business (Equine Studies)
Athlone IT
Veterinary Nursing
UCD (NUI)
Medicinal Chemistry and Chemical Biology
UCD (NUI)
Science
TCD
Neuroscience
UCD (NUI)
Veterinary Nursing
Athlone IT
Genetics
UCC (NUI)
Medical Science
Galway-Mayo IT
Biomedical Science
NUI Galway
Genetics and Cell Biology
DCU
Human Genetics
TCD
Science
NUI Galway
Biological Sciences
NUI Maynooth

 1 o 2 


blank image Durrow Communications Ltd