CareersPortal HomeMy Career File header image
header imageCareersPortalCareersPortal header image
header imageCareersPortalCareersPortalspacer header image
blankCareer PlanningWork and EmploymentEducation and Trainingblank

Eolas faoi Earnálacha

Cuntasaíocht & Cánachas
    
Easnaimh Scileanna
Anailísí Gnó
Saineolaithe Cuntasaíochta & Cánach
Achtúire
 
Gairmeacha Samplacha

 
Cuntasaíocht & Cánachas icon
 

Cuntasaíocht
Is iontach an ghairm í an chuntasaíocht sa mhéid go bhfuil deiseanna maithe ann oibriú in earnálacha éagsúla, maille le luach saothair maith agus sa mhéid go mbíonn na poist cuíosach slán. Meastar go bhfuil breis agus 2.5 milliún cuntasóir ann ar fud an domhain. In Éirinn, tá cuntasaíocht faoi bhláth agus tá easpa cuntasóirí ann faoi láthair.

Is féidir an earnáil seo a roinnt mar seo a leanas: na gnólachtaí a chuireann comhairle agus seirbhísí cuntasaíochta ar fáil do raon cliant san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí (go traidisiúnta thugtaí cleachtas príobháideach air seo) agus na cuntasóirí a oibríonn in eagraíocht amháin – i dtionscal nó i gcúrsaí tráchtála, san earnáil phoiblí, i dtionscail phríobháidithe agus sna seirbhísí sláinte.

Cuntasaíocht agus Bainistíocht Airgeadais
Tá cuntasaíocht ag croílár na ngníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú airgeadais. Tríd is tríd, tá dhá chineál Cuntasóirí ann.

  • Cuntasóirí Bainistíochta – a oibríonn i Rannóg Cuntasaíochta i gcomhlacht
  • Cuntasóirí Airgeadais – a oibríonn do ghnólacht Cuntasóirí

Déanann Cuntasóirí Bainistíochta rianú ar an ioncam agus ar shócmhainní an ghnó a bhfuil siad ag obair dó. Tugann siad aird ar leith ar ioncam agus ar chaiteachas an ghnólachta. Gnáth-thasc a bheadh ag Cuntasóir Bainistíochta ná córais ríomhaire a fhorbairt agus a úsáid d’fhonn rianú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais an chomhlachta.

Oibríonn Cuntasóirí Airgeadais le cuntais an ghnólachta – cuntais a bhfuil sé de cheangal ar an ngnólacht iad a choimeád de réir dlí. Féadfaidh na cuntasóirí seo a bheith féinfhostaithe nó a bheith ag obair do Ghnólacht Cuntasaíochta a bhíonn i mbun tascanna airgeadais. Go príomha, bíonn siad ia mbun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Chomhlachta agus aischuir CBL, ÍMAT nó ÁSPC a ríomh d’fhostaithe. Chomh maith leis sin, déanann siad Ráitis Airgeadais agus cuntais an Chomhlachta a ullmhú le cur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Dul le Cuntasaíocht mar Ghairm
Má theastaíonn uait a bheith i do Chuntasóir, is féidir leat cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh i nGnó/Airgeadas, ag speisialú sa Chuntasaíocht. Caithfidh an cúrsa a bheith aitheanta ag ceann de na forais ghairmiúla chuntasaíochta (ICAI, CIMA.agus ACCA). D’oibreofá do ghnólacht Cuntasóirí (Cuntasaíocht Airgeadais) nó i rannóg cuntasaíochta i gcomhlacht (Cuntasaíocht Bainistíochta). Fad is atá tú ag obair déanann tú na scrúduithe gairmiúla cuntasaíochta.

Sa mhéid go mbíonn ar Chuntasóir gnóthaí a scrúdú go mion, mar dhea, foghlaimíonn siad faoin gcaoi a n-oibríonn an gnó. Ní haon ionadh é mar sin go dtosaíonn roinnt mhaith den lucht gnó a ngairmréim ina gCuntasóirí. Is cúlra cuntasaíochta a bhíonn ag formhór na bPríomhstiúrthoirí Airgeadais i gcuideachtaí móra.

Faoi láthair tá breis agus 36,000 duine ag obair ina gCuntasaóirí agus ina gComhairleoirí Cánach in Éirinn. Léirigh an tuarascáil is déanaí ó FÁS gur cruthaíodh 18,000 post san earnáil idir 2001 agus 2006.

Cánachas
Tharla fás suntasach san earnáil chánachais in Éirinn le blianta beaga anuas. A bhuíochas leis an réimeas fabhrach de cháin chorparáide atá ann do ghnóthaí in Éirinn maille le fás an gheilleagair bhí an-éileamh ar chomhairle ghairmiúil chánach.

Toisc fhás an gheilleagair agus infheistíocht isteach bíonn gá níos mó agus níos mó ag daoine agus ag cuideachtaí le comhairle dlí ní hé amháin ag baint le cúrsaí cánach corparáide ach le bainistíocht maoine agus le pleanáil airgeadais chomh maith.

Cé go bhfuil cánachas ar cheann de na réimsí is lú san earnáil airgeadais, tá sé mar bhunchloch gach idirbhirt ghnó agus gach cinnidh thráchtála agus ar an gcaoi sin tá éileamh atá ag fás ar chomhairleoirí cánach cumasacha le scileanna comhairleoireachta sármhaithe. De bharr an tsíorfháis ar an ngné idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí gnó in Éirinn bíonn sé ina bhuntáiste eolas a bheith agat ar dhlínsí cánach thar lear.

Bíonn disciplín an chánachais de shíor ag athrú – ar cheann de na dúshláin is mó atá ann don chomhairleoir cánach tá an síorghá fanacht ar an eolas maidir leis na forbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann lena ngnó agus feidhm a bhaint astu seo chun sochair a gcliant agus na n-eagraíochtaí a mbíonn siad ag obair dóibh. Sa mhéid go bhfeidhmíonn réimeas cánach na hÉireann ar bhonn féinmheasúnaithe, tá éileamh an-mhór ar chomhairle chánach.

Tá comhairleoireacht chánach ar cheann de na gairmeacha is gasta fás agus is mó sásamh in Éirinn. Earcaíonn na dreamanna seo a leanas comhairleoirí cánach:

  • Gnólachtaí móra cánachais/cuntasaíochta
  • Institiúidí mór airgeadais
  • Na gnólachtaí mór dlí
  • Na cuideachtaí móra luaite
  • Corparáidí ilnáisiúntacha atá lonnaithe in Éirinn
  • Roinnt mhaith rann rialtais

Is féidir le comhairleoirí cánach post a fháil i ngnólacht níos lú, nó fiú a ngnólacht féin a chur ar bun. Tá cúrsaí cánachais éagsúla ar fáil, idir chúrsaí bliana teicneora agus chúrsaí trí bliana chun cáilíochtaí gairmiúla a fháil.

 
 
 
spacer Cúrsaí

Post Leaving Cert (from Qualifax)
Post Grad (from Qualifax)
FÁS (from FÁS)


64 Cúrsaí CAO
Central Applications Office 64 cúrsa aimsithe.

 1 o 2 

Quantity Surveying
Cork IT
Accounting and Human Resources Mgt
NCI
Business and Accounting
NUI Maynooth
Commerce (International) German
UCD (NUI)
Commerce (International) Italian
UCD (NUI)
Construction Economics and Quantity Surveying
Galway-Mayo IT
Fiontraiocht Le Romhaireacht
DCU
Quantity Surveying
Tralee IT
Financial Services
IT Tallaght
Quantity Surveying
Letterkenny IT
Finance and Venture Management
NUI Maynooth
Accounting and Finance
DIT
Accounting and Finance
Tipperary Institute
Business Studies (Accounting)
IT Tallaght
Accounting and Finance
Griffith College, Cork
Commerce with Chinese Studies
UCD (NUI)
Commerce
UCD (NUI)
Accounting and Finance
Dundalk IT
Actuarial, Financial and Mathematical Sciences - Common Entry
DCU
Business (Accounting and Computing)
IT Sligo
Business in Accounting
Dublin Business School
Commerce (International) Spanish
UCD (NUI)
Commerce
Shannon College
Commerce (International) French
UCD (NUI)
Property Economics (Valuation Surveying)
DIT
Business in Accounting
Dublin Business School
Business - Accounting
IT Tallaght
Finance and Accounting
NUI Maynooth
Building Surveying
Dundalk IT
Business Studies (Accounting)
IT Tallaght
Actuarial and Financial Studies
UCD (NUI)
Financial and Actuarial Mathematics
DCU
Construction - Quantity Surveying
IT Carlow
Accounting Technician
Athlone IT
Accounting
Athlone IT
Arts - Mathematics and Education
NUI Galway
Accounting
Cork IT
Accounting
UCC (NUI)
Business Studies (Accounting/Finance)
Limerick IT
Accounting and Financial Management (Castlebar)
Galway-Mayo IT

 1 o 2 


blank image Durrow Communications Ltd