Thorthaí -

Teideal poist Cur síos achomair Gnáthriachtanais iontrála Tuairimí
Eolas Cléireach Árachais Oibríonn an Cléireach Árachais do chomhlacht árachais ag déileáil le cliaint agus ag freastal ar a n-éilimh.
Eolas Cléireach Comhdúcháin/Taifead Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá.
Eolas Cléireach Cúirte Déanann an Cléireach Cúirte tascanna éagsúla riaracháin a bhaineann le reáchtáil laethúil na gcúirteanna a chur i gcrích, mar shampla cásanna a ghlaoch, finnéithe a chur faoi mhionn agus barántais a ullmhú.
Eolas Cléireach Dlí Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí.
Eolas Clódóir Oibríonn an Clódóir le trealamh clódóireachta ag forbairt teicnící agus próisis chlódóireachta.
Eolas Clódóir Scáileáin Baineann clódóirí scáileáin úsáid as scáileán fabraice chun clódóireacht a dhéanamh. Déanann siad dearthaí, pictiúir agus íomhánna eile a phriontáil ar ábhair éagsúla.
Eolas Clóghrafóir Déanann formáidiú agus léamh profaí ar théacs agus ar íomhánna a chuireann dearthóirí agus cliaint ar fáil, ag féachaint le leathanaigh chríochnaithe a fháil ar ais ar féidir iad a chur i gcló.
Eolas Cnáimhsí Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe.
Eolas Cócaire faoi Oiliúint Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú. cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne.
Eolas Cócaire Taosráin Déanann arán agus milseogra, mar shampla cístí agus brioscaí.
Eolas Cógaiseoir Oibríonn an Cógaiseoir i gcógaslann ag ullmhú cógas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an gcóir leighis is oiriúnaí.
Eolas Cógaseolaí Déanann an Cógaseolaí staidéar ar na héifeachtaí ag ceimicí agus cóireálacha leighis ar ainmhithe agus ar dhaoine.
Eolas Coigeartóir Árachais Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist.
Eolas Coimeádaí (Iarsmalann/Gailearaí Ealaíne) Bíonn an Coimeádaí freagrach as cothabháil ghinearálta agus bainistíocht iarsmalainne nó gailearaí.
Eolas Coimeádaí Páirce Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige.
Eolas Coimeádaí Zú Cuireann bia, cúram sláinte agus fothain ar fáil do na hainmhithe sa zú.
Eolas Cóimeálaí sa Tionscal Éadrom Oibríonn siad chun comhpháirteanna a shuiteáil le chéile chun táirgí a chruthú i dtionscail éagsúla, mar shampla déantús troscán, leictreonaic, nó soláthairtí uathghluaisneacha.
Eolas Cóimeálaithe Trealaimh Leictreonaice Oibríonn Cóimeálaithe Trealaimh ar líne tháirgthe i monarcha ag cur trealamh leictreonach le chéile de láimh.
Eolas Coincréiteoir Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit.
Eolas Cóipeagarthóir Déanann athbhreithniú agus eagarthóireacht ar théacs foilseacháin chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le rialacha eagarthóireachta na cuideachta, go bhfuil an téacs cruinn agus go bhfuil an ghramadach cheart in úsáid.
Eolas Cóipscríbhneoir Fógraíochta Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse.
Eolas Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt Traenálann agus cóitseálann an Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt lúthchleasaithe agus lucht spóirt. ag cabhrú leo a dteicnící agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú.
Eolas Comhairleoir Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta. chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo.
Eolas Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh. ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh.
Eolas Comhairleoir Airgeadais Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais.
Eolas Comhairleoir Bainistíochta Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn.
Eolas Comhairleoir Cánach Tugann an Comhairleoir Cánach comhairle do ghnóthaí agus do dhaoine maidir le ceisteanna faoi cháin.
Eolas Comhairleoir Earcaíochta Bíonn Comhairleoir Earcaíochta fostaithe ag cliant chun próiseas roghnúcháin a eagrú agus a chur i ngníomh le haghaidh earcaíocht foirne.
Eolas Comhairleoir Gairme Oibríonn i gcoláistí 3ú leibhéal agus in ollscoileanna ag soláthar eolais agus treorach do mhic léinn maidir le dul chun cinn san oideachas nó post a fháil.
Eolas Comhairleoir Gnó Oibríonn le cliantchuideachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar a bpleananna gnó agus chun optamú a dhéanamh ar chostais fhadtéarmacha agus ar tháirgiúlacht.
Eolas Comhairleoir in Ionad Garraíodóireachta Soláthraíonn an Comhairleoir in ionad Garraíodóireachta comhairle bhunúsach ghortóireachta agus gharraíodóireachta do chustaiméirí miondíola.
Eolas Comhairleoir Margaíochta Cuireann an Comhairleoir Margaíochta comhairle ghairmiúil ar fáil maidir le margaíocht ar sheirbhísí cuideachta.
Eolas Comhordaitheoir Imeachtaí Comhdhála/Cóisire Déanann pleanáil agus reáchtáil ar imeachtaí speisialta in ionad do chliaint – mar shampla cruinnithe beaga, comhdhálacha nó seimineáir mhóra seachtaine, bainisí, cóisirí corparáideacha nó ócáidí teaghlaigh.
Eolas Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí Comhordaíonn an Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí taighde agus dearann. forbraíonn agus tástálann bogearraí ag leibhéal córais oibriúcháin agus feidhmchláir ghinearálta ríomhaire.
Eolas Comhraiceoir Dóiteáin Freagraíonn an Comhraiceoir Dóiteáin glaonna éigeandála do gach cineál timpiste agus tubaiste. tinte san áireamh.
Eolas Coslia Speisialaíonn an Coslia i gcúram agus i gcóireáil ionfhabhtuithe agus ghalair na gcos.
Eolas Craoltóireacht - Láthreoir Déanann láithreoireacht in obair chraoltóireachta raidió agus teilifíse. D’fhéadfaidís cláir a chur i láthair, míreanna a nascadh le chéile, eolas a chur i láthair agus leithscéal a ghabháil d’éaradh seirbhíse.
Eolas Criadóir Dearann agus déanann Criadóir uirlisí agus ornáidí as cré agus uisce.
Eolas Cruachfhosaitheoir Oibríonn an Cruachfhosaitheoir le barraí agus stíoróipí cruacha a bhíonn de dhíth in ullmhúchán cruaiche a úsáidtear le haghaidh coincréit threisithe.
Eolas Crúdóir Sainfheidhmíonn an Crúdóir i ndéanamh agus feistis crúite capaill.
Eolas Cúltaca an Gharda Is é feidhm Chúltaca an Gharda Síochána tacú le hacmhainní na nGardaí.
Eolas Cumadóir (Ceoil) Scríobhann agus cóiríonn saothair cheoil le go ndéanfaí iad a fhoilsiú, a úsáid i rianta fuaime nó i meáin eile, nó i léiriú beo ceoil.
Eolas Cumhdaitheoir Clúdaíonn. deisíonn agus athnuachan an Cumhdaitheoir troscán ag úsáid spriongaí. ábhar stuála agus fabraicí.
Eolas Cuntasóir Déanann anailís ar fhaisnéis airgeadais agus ullmhaíonn tuarascálacha airgeadais chun taifead a choinneáil ar nithe cosúil le sócmhainní, dliteanais, brabús agus caillteanas, dliteanas cánach, nó gníomhaíochtaí airgeadais eile san eagraíocht.
Eolas Cuntasóir Ciste Ullmhaíonn an Cuntasóir Ciste imréiteach cuntais bhainc. déileálann le haistriú airgid. bannaí agus socruithe gnathscaire.
Eolas Cúntóir Altranais/Cúraim Sláinte Oibríonn cúntóirí cúraim sláinte in ospidéal nó sa phobal faoi threoir gairmí cháilithe cúraim sláinte.
Eolas Cúntóir Baile Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair uathu maireachtáil ina mbaile féin mar thoradh ar bhreoiteacht, ar fhadhb míchumais nó meabhairshláinte, nó a bhfuil tacaíocht fhisiceach ag teastáil uathu ar chúis éigin eile.
Eolas Cúntóir Cistine Oibríonn an Cúntóir Cistine i gcistin ag cabhrú le cócaire nó príomhchócaire leis na dualgais laethúla ghlantóireachta agus ullmhúcháin.
Eolas Cuntóir Cléireachais Bíonn cúntóirí cléireachais freagrach as comhdú a dhéanamh, déileáil le comhfhreagras, sonraí a chothabháil ag úsáid ríomhaire nó córais láimhe, agus dualgais ghinearálta eile san oifig.
Eolas Cúntóir Creise Soláthraíonn an Cúntóir Creise seirbhís cúraim lae do thuismitheoirí le páistí óga.
Eolas Cúntóir Cuntas Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh.
Eolas Cúntóir Cúraim Leanaí Cabhraíonn an Cúntóir Cúraim Leanaí le cúram leanaí i láithreáin chúraim leanaí éagsúla. cabhraíonn chomh maith le heagrú gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus le monatóireacht ar leas ginearálta an linbh.
Eolas Cúntóir Cúraim Otharchairr Bionn Pearsanra Cúraim Otharchairr i mbun othair a thabhairt chuig an ospidéal agus ón ospidéal faoi ghnáthchúisí, nó faoi chúinsí éigeandála. Is minic a bhíonn na hothair sin ina ndaoine scothaosta nó ina ndaoine faoi mhíbhuntáiste.
Eolas Cúntóir Cúram Leanaí
Eolas Cúntóir Deice Cabhraíonn an Cúntóir Deice le cothabháil bád/soitheach. rigeálann téada tarraingthe. osclaíonn agus dúnann geataí agus rampaí. agus tarraingíonn slabhraí cosanta trasna ar shlite isteach.
Eolas Cúntóir Díolacháin Oibríonn an Cúntóir Díolacháin i siopa miondíola ag díol táirgí le custaiméirí agus ag cabhrú le cothabháil ghinearálta an tsiopa.
Eolas Cúntóir Fáilteachais Bíonn an Cúntóir Fáilteachais fostaithe san earnáil lónadóireachta agus turasóireachta chun cabhair oilte a sholáthar i réimsí turasóireachta agus fáilteachais.
Eolas Cúntóir Grúpaí Ceoil ar Thuras Cabhraíonn an Cúntóir seo le leagan amach teicniúil grúpa rac-cheoil nó popcheoil agus iad ar thuras.
Eolas Cúntóir in Ionad Fóillíochta Cabhraíonn an Cúntóir in Ionad Fóillíochta le hoibríochtaí laethúla d’áis chaithimh aimsire. cinntíonn sábháilteacht. spreagann rannpháirtíocht agus dáileann garchabhair nuair is gá.
Eolas Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise Oibríonn an Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise i leabharlann faoi mhaoirsiú an Leabharlannaí.
Eolas Cúntóir Léiriúcháin - Scannáin Cabhraíonn an Cúntóir Léiriúcháin le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannáin. teilifíse nó stáitse.
Eolas Cúntóir Marglainne Cabhraíonn an Cúntóir Marglainne i reáchtáil marglainne. Is féidir tascanna éagsúla a bheith i gceist. idir chúram ainmhithe agus ghníomhaíochtaí díolacháin ainmhithe. Bíonn obair le hainmhithe agus feirmeoirí i gceist.
Eolas Cúntóir Ranga Bíonn cúntóirí ranga ag obair faoi mhaoirseacht an mhúinteora cháilithe agus cuidíonn siad leis na gníomhaíochtaí ranga agus ar chláir foghlama.
Eolas Cúntóir Riachtanas Speisialta Cuireann cúntóirí riachtanas speisialta cúnamh ar fáil le leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama, fisiceacha nó iompraíochta acu.
Eolas Cúntóir Saotharlainne Leighis Oibríonn cúntóir saotharlainne leighis i saotharlanna ospidéil. Déanann siad substaintí a ullmhú agus déanann anailís orthu, cuireann tástálacha fola agus fíochán i gcrích agus cuireann torthaí na dtástálacha sin ar aghaidh chuig na dochtúirí.
Eolas Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir Déanann an Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir cúram de chapaill agus de ghearrchapaill i stáblaí. ag tabhairt bia dóibh. á gcóireáil agus ag cinntiú go ndéanann na hainmhithe gleacaíocht.
Eolas Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Innealtóir Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Innealtóireachta Muirí.
Eolas Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Mairnéalach Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Feidhmiúcháin.
Eolas Dalta san Aerchór Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic.
Eolas Dalta. Fórsaí Cosanta Faigheann Dalta Airm oiliúint chun dul sna céimeanna coimisiúnta mar oifigeach Airm. atá ina cheannaire laistigh de na Buan-óglaigh. Soláthraíonn siad ceannasaíocht agus bainistíocht sa champa.
Eolas Damhsóir Baineann damhsóirí leas as an ngluaiseacht chun scéal a chur i láthair. Mar shampla, d’fhéadfadh léiriú carachtair a bheith i gceist nó léirmhíniú ar ról áirithe, i mbailé damhsa nó taibhiú ceoil.
Eolas Damhsóir/Múinteoir Damhsa Bíonn an Damhsóir/Múinteoir Damhsa ag rince agus ag teagasc rince do dhaoine.
Eolas Dealbhóir Dearann agus déanann Dealbhóir dealbha. oibiachtaí agus figiúirí ealaíonta ach ábhair éagsúla a mhúnlú.
Eolas Déantóir Caibinéad Speisialaíonn an Déantóir Caibindéad i ndéanamh píosaí troscán. amhail leabhragáin. cupaird agus vardrúis.
Eolas Déantóir Gloine Déanann an Déantóir Gloine gach cineál gloine le haghaidh fuinneog. buidéal. maisiúchán agus soithigh óil.
Eolas Déantóir Samhlacha Déanann leagan mhionnghainní d’fhoirgnimh. siopaí agus dearaí forbartha nó tógála eile.
Eolas Dearthóir Amharclainne/Teilifíse Déanann dearthóirí amharclainne/teilifíse na radharcanna seachtracha agus inmheánacha a chruthú nó a roghnú do léiriúcháin teilifíse/scannáin.
Eolas Dearthóir Ceardaíochta Cruthaíonn dearthóirí ceardaíochta dearthaí do mhíreanna déthoiseacha agus tríthoiseacha. D’fhéadfaidís a bheith ag obair do dhéantúsóirí móra nó bheith féinfhostaithe.
Eolas Dearthóir Faisin Dearann agus cruthaíonn an Déarthóir Faisin gach cineál éadaigh agus gabhálais faisin.
Eolas Dearthóir Feistis/Seite Dearann an Dearthóir Feistis/Seite feistis agus láithreáin stáitse do léiriúcháin teilifíse. scannáin agus stáitse.
Eolas Dearthóir Ilmheáin Dearann an Dearthóir Ilmheáin grafaicí agus láithreoireachtaí amhairc d’fheidhmchláir ilmheáin ar an ríomhaire.
Eolas Dearthóir Intí Dearann an Dearthóir Intí maisiúchán intí do gach cineál foirgnimh agus déanann bainistiú ar an bpróiseas féin.
Eolas Dearthóir Léiriúcháin - Teilifís/Scannánaíocht Tá an fhreagracht ar an Dearthóir Léiriúcháin sa tionscal scannánaíochta agus teilifíse as stíl an léiriúcháin a chruthú agus dearadh físeach a bhunú agus a phleanáil.
Eolas Dearthóir Ríomhchluichí Smaoineann ar choincheapa nua le haghaidh ríomhchluichí, agus déanann roghanna maidir le dearadh i bhforbairt na gcluichí sin chun feabhas a chur ar thaithí an imreora.
Eolas Dearthóir Tionsclaíochta Bíonn dearthóirí tionsclaíochta, nó dearthóirí tairgí mar a thugtar orthu uaireanta, i mbun beagnach gach táirge do thomhaltóirí agus gach píosa trealaimh caipitil do tháirgeadh mórscála a chruthú.
Eolas Dearthóir/Déantóir Troscáin Cruthaíonn coincheapa agus dearthaí do throscán spéisiúil, aestéitiúil agus feidhmiúil agus na táirgí bainteacha chun iad a dhíol le siopaí miondíola troscán.
Eolas Déileálaí Airgeadais Bíonn an Déileálaí Airgeadais freagrach as seiceáil margaidh airgid a dhéanamh gach lá agus teagmháil a dhéanamh le custaiméirí maidir le gluaiseachtaí sa mhargadh.
Eolas Déileálaí Seandachtaí Bíonn Déileálaithe Seandachtaí i mbun míreanna bailitheora a cheannach agus a dhíol, ar míreanna iad a bhfuil luach ealaíne ag baint leo, nó luach mar gheall ar cé chomh maith a caomhnaíodh iad, cé chomh gann is atá siad nó mar gheall ar a n-aois.
Eolas Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil Déanann an Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil obair dheisiúcháin agus athnuachana ar cháblaí gluaisteáin damáistithe i dtimpistí.
Eolas Diaitéiteach Is duine an Diaitéiteach ar cás leo cad a itheann tú. cén fáth a n-itheann tú é agus cathain a itheann tú é.
Eolas Díolamóir/Oibrí Líne i Monarcha Comhordaíonn agus cuireann an Díolamóir/tOibrí Líne i Monarcha le chéile táirgí/earraí líne de réir nósanna imeachta réamhshocraithe.
Eolas Díoltóir Gluaisteán Oibríonn an Díoltóir Gluaistán i ngaráiste nó i seomra taispeána gluaisteán ag díol gluaisteán leis an bpobal.
Eolas DJ Meascann DJ dioscaí agus rianta le haghaidh siamsaíochta i láithreáin éagsúla - dioscónna. clubanna. bainiseacha. cóisirí príobháideacha srl.
Eolas Dlíodóir - abhcóide Tugann Dlíodóir sainchomhairle maidir le ceisteanna coimpléascacha dlí agus seasann sé/sí do dhaoine sa chúirt.
Eolas Dlíodóir -aturnae Tugann comhairle do dhaoine maidir le cúrsaí dlí agus déanann teagmháil le habhcóide le linn cásanna cúirte.
Eolas Dochtúir Déanann an Dochtúir scrúdaí ar dhaoine. tugann cóir leighis dóibh agus cuireann comhairle ar dhaoine tinne in ospidéal nó i lialann áitiúil.
Eolas Dréachtóir Déanann an Dréachtóir líníochtaí sonraithe de réir scála d’fhoirgnimh bheartaithe.
Eolas Éachtóir Seasann an tÉachtóir isteach mar leathchúpla d’aisteoir chun éachtaí dainséaracha a dhéanamh i scannán nó i gclár teilifíse.
Eolas Eacnamaí Déanann an tEacnamaí anailís ar eolas airgeadais chun réamhaisnéis a thabhairt ar threochtaí eacnamaíochta na todhchaí.
Eolas Eagarthóir - Foilseachán Bailíonn an tEagarthóir lámhscríbhinní leabhar agus foilseachán eile agus cuireann eagar orthu.
 Leathanach taispeána 2 de 6 leathanaigh