Thorthaí -
| Teideal poist | Cur síos achomair | Gnáthriachtanais iontrála | Tuairimí | |
|---|---|---|---|---|
| Eolas | Taighdeoir Polaitíochta | Déanann taighdeoirí polaitíochta taighde do Bhaill den Dáil (Teachtaí Dála), do pháirtithe polaitíochta nó d’institiúidí taighde. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Táilliúir | Dearann. tomhaiseann agus gearrann an Táilliúr éadach do bhaill éadaigh amhail cultacha. léinte agus cótaí móra. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Taispeáinteoir i Siopa Miondíola | Déanann taispeántas chun táirge áirithe a chur chun cinn agus a dhíol, in ollmhargadh nó i siopa ilrannach. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tástálaí Rialú Cáilíochta | Seiceálann an Tástálaí seo caighdeán táirgí nuadhéanta ag déanamh measúnaithe orthu ó thaobh fabhtanna agus lochtanna de. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tástálaí Ríomhchluichí | Déanann trialacha arís is arís eile ar ríomhchluichí chun a chinntiú nach bhfuil aon tuislí nó fabhtanna sna bogearraí nó i ndearadh na gcluichí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teachtaire Gluaisrothair | Seachadann an Teachtaire Gluaisrothair pacáistí ó oifig nó teach cliaint díreach go dtí an áit ba mhaith leo é a dhul. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teagascóir Aeraclaíochta | Teagascann an Teagascóiir seo modhanna corpacmhainne aeróbacha agus anaeróbacha le ceol. chomh maith le hoiliúint a thabhairt iontu agus iad a thaispeáint. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teagascóir Gleacaíochta agus Sláinte | Traenálann an Teagascóir seo agus cuireann comhairle ar dhaoine maidir le sláinte agus folláine ag úsáid teicnící éagsúla traenála. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teagascóir Marcaíochta | Tugann an Teagascóir Marcaíochtat traenáil agus treoir do dhaoine maidir le marcaíocht ar ghearrchapaill nó ar chapaill agus conas cúram a thabhairt dóibh i stáblaí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teagascóir Tiomána | Múineann an Teagascóir Tiomána do dhaoine conas tiomáint go sábháilte agus de réir rialacha an bhóthair. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teangeolaí | Déanann an Teangeolaí staidéar agus anailís ar eolaíocht na cumarsáide briathartha. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir / Cúntóir Saotharlainne | Oibríonn an Teicneoir/Cúintóir Saotharlainne i saotharlann ag cabhrú le foirne eolaíochta agus teicniúla le dualgais laethúla. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Ailtireachta | Bíonn ról ag an Teicneoir Ailtireachta sa dearadh teicniúil comhordaitheach atá mar chuid den phróiseas tógála. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Cardashoithíoch | Bíonn i mbun oibriú an trealaimh a bhíonn in úsáid sa mháinliacht croí chun a chinntiú go mbeidh an trealaimh sin sábháilte agus go n-éireodh le hobráidí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Cógaisíochta | Cuidíonn le heolaithe atá ag obair sa tionscal cógaisíochta. Oibríonn formhór na dteicneoirí cógaisíochta do chuideachtaí príobháideacha a dhéanann drugaí, mar shampla piollairí vitimín, antaibheathaigh, agus cóir leighis tréidliachta. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Cuntasaíochta | Ullmhaíonn agus soláthraíonn an Teicneoir Cuntasaíochta taifid airgeadais agus eolas do chuntasóirí agus do bhainisteoirí airgeadais. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Déadach | Déanann an Teicneoir Déadach fiacla bréige agus feistis dhéadacha eile agus deisíonn sé/sí iad ag úsáid miotail agus plaistigh. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir DRC | Úsáideann an Teicneoir DRC ríomhaire agus bogearraí speisialta chun líníochtaí agus dearthaí sonraithe a tháirgeadh. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Innealtóireachta | Aimsíonn an Teicneoir Innealtóireachta agus réitíonn mífheidhmeanna trealaimh. ag obair le déantúsóirí agus le hionadaithe réimse nuair is gá chun páirteanna nua a fháil. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Innealtóireachta - Leictreonaic | Cuireann teicneoirí innealtóireachta leictreonaice tacaíocht ar fáil d’innealtóirí sa taighde, dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéantar ar raon táirgí leictreonacha. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta | Cabhraíonn an Teicneoir Innealtóireachta Sibhialta le hinnealtóirí agus le hailtirí tógáil struchtúr amhail droichid. bóithre agus iarnróid a eagrú. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Innealtóireachta Talmhaíochta | Cuireann tacaíocht ar fáil d’innealtóirí i réimsí éagsúla, mar shampla táirgí nua a fhorbairt agus a thástáil do thionscal na feirmeoireachta, déanann seirbhísiú chun trealamh a chur isteach, a dheisiú agus a chothabháil. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Polaiméirí | Oibríonn teicneoir Polaiméirí (nó Plaisteach) in earnáil na déantúsaíochta i dtionscail éagsúla. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Próisis i Monarcha Ceimiceáin | Déanann teicneoirí próisis i monarchana ceimiceán monatóireacht ar threalamh agus ar ghléasra a bhíonn in úsáid chun táirgí ceimice a dhéanamh mar shampla dathanna a úsáidtear i ruaimeanna, péinteanna, drugaí, cógais agus leasúchán. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Saotharlainne Ainmhithe | Tugann aire d’ainmhithe saotharlainne nó déanann iad a phórú, ar ainmhithe iad a úsáidtear i dtaighde leighis, tréidliachta agus fiaclóireachta. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Saotharlainne Bitheolaíochta | Oibríonn faoi mhaoirseacht an phríomheolaí, agus bíonn siad ina speisialtóirí ar ghnáth-thascanna praiticiúla riachtanacha sa taighde agus forbairt i réimsí amhail géineolaíocht, micribhitheolaíocht agus ceimic. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Saotharlainne Ceimice | Cuireann an teicneoir saotharlainne ceimice cúnamh ar fháil don cheimiceoir. Cuireann an trealamh i bhfearas, ullmhaíonn agus déanann siad turgnaimh agus breacann siad síos torthaí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Seirbhíse Trealaimh Oifige | Déanann innealtóirí seirbhíse measáiní oifige raon leathan trealaimh a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a dheisiú in oifigí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Solais | Cuireann an Teicneoir seo le chéile. rigeáileann agus rialaíonn trealamh soilsithe do sheónna agus d’ócáidí ar stáitse. i scannán nó ar an teilifís. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Suímh | Cabhraíonn an Teicneoir Suímh le reáchtáil suímh thógála trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chonraitheoirí. comhairle a thabhairt maidir le húsáid teicneolaíochta. agus tuairisciú leis an ngníomhaire suímh. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir Uirlisí Ceoil | Déanann teicneoirí uirlisí ceoil uirlisí a dhearadh agus a dhéanamh. Cuireann formhór na dteicneoirí seirbhís deisiúcháin, cothabhála agus athdheisithe ar fáil freisin. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoir/Innealtóir Fuaime | Cuireann an Teicneoir seo le chéile. oibríonn agus rialaíonn an trealamh fuaime a úsáidtear i stiúideonna taifeadta. teilifíse agus scannáin agus ag ócáidí beo. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneoirí Logánú Bogearraí | Déanann an Teicneoir seo bogearraí ríomhaire a shainoiriúnú chun bheith oiriúnach do thír. chultúr nó shochaí faoi leith. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneolaí Bia | Bíonn teicneolaithe bia fostaithe in eagraíochtaí éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach mar shampla cuideachtaí déantúsaíochta bia agus cuideachtaí miondíola, eagraíochtaí lárnacha rialtais agus cumainn/cuideachtaí sainchomhairleoireachta speisialtóireachta taighde. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneolaí Comhshaoil | Déanann an Teicneolaí Comhshaoil obair cháilíochta chomhshaoil i suíomh oifige agus lasmuigh den oifig. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneolaí Dathanna | Déanann teicneolaithe dathanna taighde ar úsáid ruaimeanna agus dathanna, agus déanann iad a fhorbairt agus a tháirgeadh. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teicneolaí Dearbhaithe Cáilíochta | Forbraíonn na Teicneolaithe seo agus déanann pleananna tástála chun fadhbanna cáilíochta a aimsiú chomh maith lena gcúiseanna. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teiripeoir Ealaíne | Is comhairleoir an Teiripeoir seo a speisialaíonn in ealaíona amhail na meáin sloinnte. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teiripeoir Saothair | Déanann an Teiripeoir Saothair measúnú ar riachtanais athinmheacháin fhisiceacha agus mheabhracha an othair agus déanann clár a phleanáil chun cabhrú leis an othar sin. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teiripeoir Scéimhe | Cuireann cóireáil chosmaide ar fáil chomh maith le comhairle chun feabhas a chur ar chuma agus ar fholláine ghinearálta an chliaint. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teiripeoir Suathaireachta | Baineann úsáid as na lámha agus na géaga chun fíocháin an choirp a bhrú agus a láimhseáil chun feabhas a chur ar shláinte mheabhrach agus fhisiceach an chliaint. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Teiripeoir Urlabhra & Teanga | Déanann an Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cóireáil ar dhaoine a bhfuil bac sa chaint acu nó deacracht acu ag foghlaim teanga agus oibríonn leo. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla | Leagan an Tíleoir/Feisteoir Urláir/Balla amach tíleanna. déanann marcáil ar línte greille agus leibhéalann línte tagartha agus bataí tíleála. Bíonn feistiú tíleanna ceirmeacha ar bhallaí. urláir agus ar chéimeanna i gceist chomh maith. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiománaí Bus | Tiomáineann an Tiománaí seo bus ar bhealach seasta. ag bailiú paisinéirí ar an mbealach. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiománaí Feithiclí Earraí Troma | Bíonn na tiománaí seo freagrach as seachadadh agus bailiúchán earraí ar fud na hÉireann. na Ríochtat Aonaithe agus ar an mór-roinn. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiománaí Tacsaí | Bailíonn custaiméirí agus tugann iad chuig a gceann scríbe i bhfeithicil. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiománaí Traenach | Bíonn an Tiománaí Traenach fostaithe le cuideachtaí iompair chun traenacha paisinéirí nó lastais a thiomáint. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiománaí Veain | Déanann trealamh, postas nó earraí a iompar agus cuidíonn le lastú agus dílastú feithiclí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tionscnóir Turais | Déanann tionscnóirí turas saoirí pacáiste a eagrú, agus déantar iadsan a dhíol trí bhróisiúir an ghníomhaire taistil nó déantar margaíocht orthu go díreach leis an bpobal. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tiúnálaí Pianó | Déanann tiúnadh ar phianó i dtithe príobháideacha nó in áiteanna poiblí eile. Is minic a dhéanann siad tiúnadh ar phianó le haghaidh coirmeacha ceoil nó taifeadadh fuaime. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tógála Bád | Tógann, deisíonn agus athchóiríonn cabhlacha agus feisteas i gcineálacha éagsúla bád, mar shampla luamha, báidíní agus caolbháid. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tréidlia | Déanann an Tréidlia scrúdú ar gach cineál ainmhí tinn agus gortaithe. déanann cóireáil orthu agus tugann comhairle maidir le sláinte agus leas ainmhithe. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Treoraí Gníomhaíochtaí Allamuigh | Oibríonn le daoine ar sheisiúin gníomhaíochta lasmuigh agus ar thurais, nó múineann scileanna dóibh i raon gníomhaíochtaí lasmuigh, mar shampla dreapadóireacht, treodóireacht, rópadóireacht, agus curachóireacht nó cnocadóireacht. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tuairisceoir Cuairte | Breacann an Tuairisceoir Cuairte síos gach focal a deirtear sa chúirt le haghaidh tagartha sa todhchaí. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tuíodóir | Clúdaíonn tuíodóirí díonta tí, tithe tábhairne, sciobóil etc. le giolcacha nó tuí ionas go mbeidh na díonta uice-dhíonach. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Tumaire | Oibríonn faoin uisce i mbun tascanna éagsúla, mar shampla trealamh a shuiteáil, a iniúchadh nó a dheisiú, pléascáin rigí ola a shuiteáil, obair tarrthálais a dhéanamh, turgnaimh muirí a chur i gcrích, grianghraif a thógáil den bhitheolaíocht muirí agus seirbhísí tarrthála a chur ar fáil. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Uirliseoir | Déanann an tUirliseoir uirlisí speisialta le húsáid i monarchana agus i gceardlanna ag úsáid innealra beacht. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Ullmhaitheoir Bia | Cabhraíonn an tUllmhaitheoir Bia in ullmhú bia i gcistin. i mbialann. in óstán srl. | ![]() |
![]() |
| Eolas | Zú-eolaí | Déanann staidéar ar iompraíocht, ar fhiseolaíocht, ar éabhlóid agus ar aicmiú ainmhithe. | ![]() |
![]() |
Leathanach taispeána 6 de 6 leathanaigh
![]() |
||||











