| |
Eolas
|
Cléireach Árachais
|
Oibríonn an Cléireach Árachais do chomhlacht árachais ag déileáil le cliaint agus ag freastal ar a n-éilimh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cléireach Comhdúcháin/Taifead
|
Coinníonn an Cléireach Comhdúcháin/Taifead taifid d’ábhar a comhdaíodh nó a baineadh amach ag úsáid logleabhar nó ríomhairí agus cruthaíonn taifid nua nuair is gá. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cléireach Cúirte
|
Déanann an Cléireach Cúirte tascanna éagsúla riaracháin a bhaineann le reáchtáil laethúil na gcúirteanna a chur i gcrích, mar shampla cásanna a ghlaoch, finnéithe a chur faoi mhionn agus barántais a ullmhú. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cléireach Dlí
|
Oibríonn an Cléireach Dlí go dlúth le dlíodóirí ag déileáil le doiciméid dlí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Clódóir
|
Oibríonn an Clódóir le trealamh clódóireachta ag forbairt teicnící agus próisis chlódóireachta. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Clódóir Scáileáin
|
Baineann clódóirí scáileáin úsáid as scáileán fabraice chun clódóireacht a dhéanamh. Déanann siad dearthaí, pictiúir agus íomhánna eile a phriontáil ar ábhair éagsúla. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Clóghrafóir
|
Déanann formáidiú agus léamh profaí ar théacs agus ar íomhánna a chuireann dearthóirí agus cliaint ar fáil, ag féachaint le leathanaigh chríochnaithe a fháil ar ais ar féidir iad a chur i gcló. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cnáimhsí
|
Déanann Cnáimhsí cúram de mhná ag iompar linbh le linn an toirchis agus na breithe. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cócaire faoi Oiliúint
|
Cabhraíonn an Cócaire faoi Oiliúint le hullmhú. cócaireacht agus cur i láthair bia agus i reáchtáil na bialainne. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cócaire Taosráin
|
Déanann arán agus milseogra, mar shampla cístí agus brioscaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cógaiseoir
|
Oibríonn an Cógaiseoir i gcógaslann ag ullmhú cógas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an gcóir leighis is oiriúnaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cógaseolaí
|
Déanann an Cógaseolaí staidéar ar na héifeachtaí ag ceimicí agus cóireálacha leighis ar ainmhithe agus ar dhaoine. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coigeartóir Árachais
|
Déanann an Coigeartóir Árachais taighde ar éilimh mhóra árachais agus molann socrú cóir do gach duine i gceist. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coimeádaí (Iarsmalann/Gailearaí Ealaíne)
|
Bíonn an Coimeádaí freagrach as cothabháil ghinearálta agus bainistíocht iarsmalainne nó gailearaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coimeádaí Páirce
|
Déanann an Coimeádaí Páirce cúram de pháirceanna spóirt agus d’airéiní amuigh faoin aer amhail galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coimeádaí Zú
|
Cuireann bia, cúram sláinte agus fothain ar fáil do na hainmhithe sa zú. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cóimeálaí sa Tionscal Éadrom
|
Oibríonn siad chun comhpháirteanna a shuiteáil le chéile chun táirgí a chruthú i dtionscail éagsúla, mar shampla déantús troscán, leictreonaic, nó soláthairtí uathghluaisneacha. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cóimeálaithe Trealaimh Leictreonaice
|
Oibríonn Cóimeálaithe Trealaimh ar líne tháirgthe i monarcha ag cur trealamh leictreonach le chéile de láimh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coincréiteoir
|
Déanann an Coincréiteoir struchtúir agus ábhair as coincréit. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cóipeagarthóir
|
Déanann athbhreithniú agus eagarthóireacht ar théacs foilseacháin chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le rialacha eagarthóireachta na cuideachta, go bhfuil an téacs cruinn agus go bhfuil an ghramadach cheart in úsáid. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cóipscríbhneoir Fógraíochta
|
Cuireann an téacs scríofa ar fáil le haghaidh fógraí. Mar shampla sluáin nó téacs d’fhógraí clóite nó bileoga eolais, nó ceolíní don raidió nó scripteanna d’fhógraí teilifíse. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt
|
Traenálann agus cóitseálann an Cóitseálaí/Teagascóir Spóirt lúthchleasaithe agus lucht spóirt. ag cabhrú leo a dteicnící agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir
|
Éisteann Comhairleoir le daoine agus iad ag réiteach a bhfadhbanna pearsanta. chomh maith le tacaíocht a thabhairt dóibh agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir / Bainisteoir Éilimh Árachais
|
Oibríonn an Comhairleoir/Bainisteoir Éilimh Árachais i gcomhlacht árachais ag imscrúdú éileamh. ag measúnú dliteanas agus ag déanamh socruithe deiridh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Airgeadais
|
Cuireann an Comhairleoir Airgeadais comhairle ar dhaoine maidir le conas an t-uasmhéid a fháil as an airgead a thuilleann siad agus a gcoigiltis airgeadais. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Bainistíochta
|
Soláthraíonn an Comhairleoir Bainistíochta comhairle agus treoir ghairmiúil bainistíochta do ghnóthais agus do chumainn. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Cánach
|
Tugann an Comhairleoir Cánach comhairle do ghnóthaí agus do dhaoine maidir le ceisteanna faoi cháin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Earcaíochta
|
Bíonn Comhairleoir Earcaíochta fostaithe ag cliant chun próiseas roghnúcháin a eagrú agus a chur i ngníomh le haghaidh earcaíocht foirne. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Gairme
|
Oibríonn i gcoláistí 3ú leibhéal agus in ollscoileanna ag soláthar eolais agus treorach do mhic léinn maidir le dul chun cinn san oideachas nó post a fháil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Gnó
|
Oibríonn le cliantchuideachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar a bpleananna gnó agus chun optamú a dhéanamh ar chostais fhadtéarmacha agus ar tháirgiúlacht. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir in Ionad Garraíodóireachta
|
Soláthraíonn an Comhairleoir in ionad Garraíodóireachta comhairle bhunúsach ghortóireachta agus gharraíodóireachta do chustaiméirí miondíola. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhairleoir Margaíochta
|
Cuireann an Comhairleoir Margaíochta comhairle ghairmiúil ar fáil maidir le margaíocht ar sheirbhísí cuideachta. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhordaitheoir Imeachtaí Comhdhála/Cóisire
|
Déanann pleanáil agus reáchtáil ar imeachtaí speisialta in ionad do chliaint – mar shampla cruinnithe beaga, comhdhálacha nó seimineáir mhóra seachtaine, bainisí, cóisirí corparáideacha nó ócáidí teaghlaigh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí
|
Comhordaíonn an Comhordaitheoir Táirgeachta Bogearraí taighde agus dearann. forbraíonn agus tástálann bogearraí ag leibhéal córais oibriúcháin agus feidhmchláir ghinearálta ríomhaire. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Comhraiceoir Dóiteáin
|
Freagraíonn an Comhraiceoir Dóiteáin glaonna éigeandála do gach cineál timpiste agus tubaiste. tinte san áireamh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Coslia
|
Speisialaíonn an Coslia i gcúram agus i gcóireáil ionfhabhtuithe agus ghalair na gcos. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Craoltóireacht - Láthreoir
|
Déanann láithreoireacht in obair chraoltóireachta raidió agus teilifíse. D’fhéadfaidís cláir a chur i láthair, míreanna a nascadh le chéile, eolas a chur i láthair agus leithscéal a ghabháil d’éaradh seirbhíse. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Criadóir
|
Dearann agus déanann Criadóir uirlisí agus ornáidí as cré agus uisce. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cruachfhosaitheoir
|
Oibríonn an Cruachfhosaitheoir le barraí agus stíoróipí cruacha a bhíonn de dhíth in ullmhúchán cruaiche a úsáidtear le haghaidh coincréit threisithe. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Crúdóir
|
Sainfheidhmíonn an Crúdóir i ndéanamh agus feistis crúite capaill. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúltaca an Gharda
|
Is é feidhm Chúltaca an Gharda Síochána tacú le hacmhainní na nGardaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cumadóir (Ceoil)
|
Scríobhann agus cóiríonn saothair cheoil le go ndéanfaí iad a fhoilsiú, a úsáid i rianta fuaime nó i meáin eile, nó i léiriú beo ceoil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cumhdaitheoir
|
Clúdaíonn. deisíonn agus athnuachan an Cumhdaitheoir troscán ag úsáid spriongaí. ábhar stuála agus fabraicí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cuntasóir
|
Déanann anailís ar fhaisnéis airgeadais agus ullmhaíonn tuarascálacha airgeadais chun taifead a choinneáil ar nithe cosúil le sócmhainní, dliteanais, brabús agus caillteanas, dliteanas cánach, nó gníomhaíochtaí airgeadais eile san eagraíocht. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cuntasóir Ciste
|
Ullmhaíonn an Cuntasóir Ciste imréiteach cuntais bhainc. déileálann le haistriú airgid. bannaí agus socruithe gnathscaire. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Altranais/Cúraim Sláinte
|
Oibríonn cúntóirí cúraim sláinte in ospidéal nó sa phobal faoi threoir gairmí cháilithe cúraim sláinte. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Baile
|
Cuireann cúntóirí baile cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair uathu maireachtáil ina mbaile féin mar thoradh ar bhreoiteacht, ar fhadhb míchumais nó meabhairshláinte, nó a bhfuil tacaíocht fhisiceach ag teastáil uathu ar chúis éigin eile. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Cistine
|
Oibríonn an Cúntóir Cistine i gcistin ag cabhrú le cócaire nó príomhchócaire leis na dualgais laethúla ghlantóireachta agus ullmhúcháin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cuntóir Cléireachais
|
Bíonn cúntóirí cléireachais freagrach as comhdú a dhéanamh, déileáil le comhfhreagras, sonraí a chothabháil ag úsáid ríomhaire nó córais láimhe, agus dualgais ghinearálta eile san oifig. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Creise
|
Soláthraíonn an Cúntóir Creise seirbhís cúraim lae do thuismitheoirí le páistí óga. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Cuntas
|
Cinntíonn an Cúntóir Cuntas oibriú agus rialú réidh na gcuntas, speansais agus córais mhórleabhair ghinearálta san áireamh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Cúraim Leanaí
|
Cabhraíonn an Cúntóir Cúraim Leanaí le cúram leanaí i láithreáin chúraim leanaí éagsúla. cabhraíonn chomh maith le heagrú gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus le monatóireacht ar leas ginearálta an linbh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Cúraim Otharchairr
|
Bionn Pearsanra Cúraim Otharchairr i mbun othair a thabhairt chuig an ospidéal agus ón ospidéal faoi ghnáthchúisí, nó faoi chúinsí éigeandála. Is minic a bhíonn na hothair sin ina ndaoine scothaosta nó ina ndaoine faoi mhíbhuntáiste. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Cúram Leanaí
|
|
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Deice
|
Cabhraíonn an Cúntóir Deice le cothabháil bád/soitheach. rigeálann téada tarraingthe. osclaíonn agus dúnann geataí agus rampaí. agus tarraingíonn slabhraí cosanta trasna ar shlite isteach. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Díolacháin
|
Oibríonn an Cúntóir Díolacháin i siopa miondíola ag díol táirgí le custaiméirí agus ag cabhrú le cothabháil ghinearálta an tsiopa. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Fáilteachais
|
Bíonn an Cúntóir Fáilteachais fostaithe san earnáil lónadóireachta agus turasóireachta chun cabhair oilte a sholáthar i réimsí turasóireachta agus fáilteachais. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Grúpaí Ceoil ar Thuras
|
Cabhraíonn an Cúntóir seo le leagan amach teicniúil grúpa rac-cheoil nó popcheoil agus iad ar thuras. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir in Ionad Fóillíochta
|
Cabhraíonn an Cúntóir in Ionad Fóillíochta le hoibríochtaí laethúla d’áis chaithimh aimsire. cinntíonn sábháilteacht. spreagann rannpháirtíocht agus dáileann garchabhair nuair is gá. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise
|
Oibríonn an Cúntóir Leabharlainne/Faisnéise i leabharlann faoi mhaoirsiú an Leabharlannaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Léiriúcháin - Scannáin
|
Cabhraíonn an Cúntóir Léiriúcháin le léiritheoir. ag maoirsiú agus ag bainistiú léiriúcháin scannáin. teilifíse nó stáitse. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Marglainne
|
Cabhraíonn an Cúntóir Marglainne i reáchtáil marglainne. Is féidir tascanna éagsúla a bheith i gceist. idir chúram ainmhithe agus ghníomhaíochtaí díolacháin ainmhithe. Bíonn obair le hainmhithe agus feirmeoirí i gceist. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Ranga
|
Bíonn cúntóirí ranga ag obair faoi mhaoirseacht an mhúinteora cháilithe agus cuidíonn siad leis na gníomhaíochtaí ranga agus ar chláir foghlama. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Riachtanas Speisialta
|
Cuireann cúntóirí riachtanas speisialta cúnamh ar fáil le leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama, fisiceacha nó iompraíochta acu. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Saotharlainne Leighis
|
Oibríonn cúntóir saotharlainne leighis i saotharlanna ospidéil. Déanann siad substaintí a ullmhú agus déanann anailís orthu, cuireann tástálacha fola agus fíochán i gcrích agus cuireann torthaí na dtástálacha sin ar aghaidh chuig na dochtúirí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir
|
Déanann an Cúntóir Stáblaí/Grúmaeir cúram de chapaill agus de ghearrchapaill i stáblaí. ag tabhairt bia dóibh. á gcóireáil agus ag cinntiú go ndéanann na hainmhithe gleacaíocht. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Innealtóir
|
Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Innealtóireachta Muirí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dalta sa tSeirbhís Chabhlaigh – Mairnéalach
|
Liostálann an Dalta seo sa tSeirbhís Chabhlaigh chun traenáil mar Oifigeach Feidhmiúcháin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dalta san Aerchór
|
Liostálann an Dalta seo san Aerchór chun oiliúint a fháil mar phíolóta ag eitilt gnáthaerárthach agus aerárthach comhraic. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dalta. Fórsaí Cosanta
|
Faigheann Dalta Airm oiliúint chun dul sna céimeanna coimisiúnta mar oifigeach Airm. atá ina cheannaire laistigh de na Buan-óglaigh. Soláthraíonn siad ceannasaíocht agus bainistíocht sa champa. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Damhsóir
|
Baineann damhsóirí leas as an ngluaiseacht chun scéal a chur i láthair. Mar shampla, d’fhéadfadh léiriú carachtair a bheith i gceist nó léirmhíniú ar ról áirithe, i mbailé damhsa nó taibhiú ceoil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Damhsóir/Múinteoir Damhsa
|
Bíonn an Damhsóir/Múinteoir Damhsa ag rince agus ag teagasc rince do dhaoine. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dealbhóir
|
Dearann agus déanann Dealbhóir dealbha. oibiachtaí agus figiúirí ealaíonta ach ábhair éagsúla a mhúnlú. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Déantóir Caibinéad
|
Speisialaíonn an Déantóir Caibindéad i ndéanamh píosaí troscán. amhail leabhragáin. cupaird agus vardrúis. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Déantóir Gloine
|
Déanann an Déantóir Gloine gach cineál gloine le haghaidh fuinneog. buidéal. maisiúchán agus soithigh óil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Déantóir Samhlacha
|
Déanann leagan mhionnghainní d’fhoirgnimh. siopaí agus dearaí forbartha nó tógála eile. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Amharclainne/Teilifíse
|
Déanann dearthóirí amharclainne/teilifíse na radharcanna seachtracha agus inmheánacha a chruthú nó a roghnú do léiriúcháin teilifíse/scannáin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Ceardaíochta
|
Cruthaíonn dearthóirí ceardaíochta dearthaí do mhíreanna déthoiseacha agus tríthoiseacha. D’fhéadfaidís a bheith ag obair do dhéantúsóirí móra nó bheith féinfhostaithe. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Faisin
|
Dearann agus cruthaíonn an Déarthóir Faisin gach cineál éadaigh agus gabhálais faisin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Feistis/Seite
|
Dearann an Dearthóir Feistis/Seite feistis agus láithreáin stáitse do léiriúcháin teilifíse. scannáin agus stáitse. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Ilmheáin
|
Dearann an Dearthóir Ilmheáin grafaicí agus láithreoireachtaí amhairc d’fheidhmchláir ilmheáin ar an ríomhaire. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Intí
|
Dearann an Dearthóir Intí maisiúchán intí do gach cineál foirgnimh agus déanann bainistiú ar an bpróiseas féin. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Léiriúcháin - Teilifís/Scannánaíocht
|
Tá an fhreagracht ar an Dearthóir Léiriúcháin sa tionscal scannánaíochta agus teilifíse as stíl an léiriúcháin a chruthú agus dearadh físeach a bhunú agus a phleanáil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Ríomhchluichí
|
Smaoineann ar choincheapa nua le haghaidh ríomhchluichí, agus déanann roghanna maidir le dearadh i bhforbairt na gcluichí sin chun feabhas a chur ar thaithí an imreora. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir Tionsclaíochta
|
Bíonn dearthóirí tionsclaíochta, nó dearthóirí tairgí mar a thugtar orthu uaireanta, i mbun beagnach gach táirge do thomhaltóirí agus gach píosa trealaimh caipitil do tháirgeadh mórscála a chruthú. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dearthóir/Déantóir Troscáin
|
Cruthaíonn coincheapa agus dearthaí do throscán spéisiúil, aestéitiúil agus feidhmiúil agus na táirgí bainteacha chun iad a dhíol le siopaí miondíola troscán. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Déileálaí Airgeadais
|
Bíonn an Déileálaí Airgeadais freagrach as seiceáil margaidh airgid a dhéanamh gach lá agus teagmháil a dhéanamh le custaiméirí maidir le gluaiseachtaí sa mhargadh. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Déileálaí Seandachtaí
|
Bíonn Déileálaithe Seandachtaí i mbun míreanna bailitheora a cheannach agus a dhíol, ar míreanna iad a bhfuil luach ealaíne ag baint leo, nó luach mar gheall ar cé chomh maith a caomhnaíodh iad, cé chomh gann is atá siad nó mar gheall ar a n-aois. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil
|
Déanann an Deisitheoir Creatlach Feithicle/Buailteoir Painéil obair dheisiúcháin agus athnuachana ar cháblaí gluaisteáin damáistithe i dtimpistí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Diaitéiteach
|
Is duine an Diaitéiteach ar cás leo cad a itheann tú. cén fáth a n-itheann tú é agus cathain a itheann tú é. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Díolamóir/Oibrí Líne i Monarcha
|
Comhordaíonn agus cuireann an Díolamóir/tOibrí Líne i Monarcha le chéile táirgí/earraí líne de réir nósanna imeachta réamhshocraithe. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Díoltóir Gluaisteán
|
Oibríonn an Díoltóir Gluaistán i ngaráiste nó i seomra taispeána gluaisteán ag díol gluaisteán leis an bpobal. |
 |
 |
| |
Eolas
|
DJ
|
Meascann DJ dioscaí agus rianta le haghaidh siamsaíochta i láithreáin éagsúla - dioscónna. clubanna. bainiseacha. cóisirí príobháideacha srl. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dlíodóir - abhcóide
|
Tugann Dlíodóir sainchomhairle maidir le ceisteanna coimpléascacha dlí agus seasann sé/sí do dhaoine sa chúirt. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dlíodóir -aturnae
|
Tugann comhairle do dhaoine maidir le cúrsaí dlí agus déanann teagmháil le habhcóide le linn cásanna cúirte. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dochtúir
|
Déanann an Dochtúir scrúdaí ar dhaoine. tugann cóir leighis dóibh agus cuireann comhairle ar dhaoine tinne in ospidéal nó i lialann áitiúil. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Dréachtóir
|
Déanann an Dréachtóir líníochtaí sonraithe de réir scála d’fhoirgnimh bheartaithe. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Éachtóir
|
Seasann an tÉachtóir isteach mar leathchúpla d’aisteoir chun éachtaí dainséaracha a dhéanamh i scannán nó i gclár teilifíse. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Eacnamaí
|
Déanann an tEacnamaí anailís ar eolas airgeadais chun réamhaisnéis a thabhairt ar threochtaí eacnamaíochta na todhchaí. |
 |
 |
| |
Eolas
|
Eagarthóir - Foilseachán
|
Bailíonn an tEagarthóir lámhscríbhinní leabhar agus foilseachán eile agus cuireann eagar orthu. |
 |
 |
|