| Scileanna Pearsanta: |
|---|
Is éard atá i gceist le scileanna pearsanta ná scileanna a bhaineann leis an gcaoi a ndéanaimid muid féin a bhainistiú agus a chur in iúl. Léiríonn iad ar an láthair oibre, inár staidéar agus inár ngnáthghníomhartha sa dearcadh agus sna iompraíocht a léirímid.
I measc na scileanna bainistithe pearsanta tá siad seo:
- Dearcadh agus impraíocht dhearfach (e.g. nithe a dhéanamh as do stuaim féin agus do chion den obair a dhéanamh)
- Freagracht a ghlacadh (e.g. spriocanna agus tosaíochta a shocrú; dualgais a chomhlíonadh; bheth iontaofa ionas go mbeadh daoine in ann brath ort)
- Oiriúnaitheacht (e.g. tascanna nó tionscadail iomadúla a dhéanamh; bheith nuálaíoch agus acmhainneach; bheith oscailte agus sofhreagrach d’athruithe)
- Suim a bheith agat san fhoghlai ar feadh an tsaoil
Bíonn sé níos éasca bheith ag obair le daoine a bhfuil Scileana Pearsanta dea-fhorbartha acu mar go gcuidíonn siad timpeallacht thairgiúil éifeachtach a chruthú agus a chothú. Déan do mhachnamh ar na nithe seo thíos
Cé acu ar fearr bheith ag obair leo?
|
An té |
An té |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
| Samplaí de Scileanna Pearsanta: |
|---|
| Scileanna Foghlama | Lorgaíonn tú deiseanna chun bheith ag foghlaim. Léiríonn tú spéis san fhoghlaim agus san fhorbairt phearsanta. Lorgaíonn tú aiseolas chun cur le do thuiscint ar rudaí éagsúla. |
| Inoiriúnaitheacht | Cuireann tú tú féin in oiriúint do dhúshláin nua agus léiríonn tú oscailteach i leith bealaí nua rudaí a dhéanamh. Bíonn tú éifeachtach agus tú ag athrú pleananna nó gníomhartha chun déileáil le cúinsí a bhíonn ag athrú. |
| Socrú Spriocanna | Léiríonn tú go bhfuil de chumas agat cinneadh a ghlacadh faoi céard atá ag teastáil, agus céard is féidir a bhaint amach. Bíonn tú dílis don sprioc agus déileálann tú le constaicí ar bhealach réadúil. |
| Tionscnaíocht | Léiríonn tú an cumas a bheith tionscnaíoch i gcúinsí éagsúla. Bíonn tú ag lorg deiseanna chun cinntí a dhéanamh nó tionchar a imirt ar chúrsaí. |
| Neamhspleáchas | Bíonn tú in ann tascanna a dhéanamh go héifeachtach agus ní bhí mórán cúnaimh ná tacaíochta ag teastáil uait, ná aon mhaoirseacht dhíreach |
| Inspreagthacht | Bíonn tú tiomanta de go n-éireodh leat. Bíonn tú muiníneach as do chumais agus bíonn ag súil leis go n-éireoidh leat sna tascanna a d’aontaigh tú a dhéanamh. |
| Iontaofacht | Bíonn tú iontaofa agus freagrach i gcomhlíonadh do dhualgas. Déanann tú d’obair a sheiceáil go cúramach chun a chinntiú gur smaoinigh tú ar na mionsonraí go léir. |
| Gairmiúlacht | Bíonn tú socair nuair a bhíonn tú faoi bhrú. Déanann tú do dhícheall oibriú ar mhaithe le leas is fearr na heagraíochta i gcónaí agus leanann tú an gnás éadaí atá ag an eagraíocht. |
![]() |
Conas na Scileanna sin a Fhorbairt?Is féidir leat an cleachtadh a dhéanamh atá ar an mbileog eolais atá le híoslódáil anseo. Cuirtear síos ann ar na scileanna is mó éileamh i measc fostóirí. Is féidir leat tú féin a rátáil de réir na scileanna seo, nó d’fhéadfá a fháil amach cad iad na laigí nó na láidreachtaí atá agat. Ansin d’fhéadfá deiseanna a lorg na scileanna sin a fhorbairt. Download:Bileog Oibre - Scileanna Gairme Féin-Mheasúnú |
Cómortas Náisiúnta i SCILEANNA GAIRME 2016 |


