Oideachas & Oiliúint
Foghlaim ar Feadh an tSaoil
Éileoidh an todhchaí orainn feabhas a chur ar ár saibhreas eolais agus glacadh leis go mbeidh gá leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Ní fhéadfadh sé bheith níos simplí – cuir le do scileanna agus cuirfidh tú le do dheiseanna.
Seo an tuairim a bhí ag an Sainghrúpa um Riachtanais Scileanna don Todhchaí ina dtátail i dtuarascáil a bhreathnaigh ar fhás ár ngeilleagair sna deich mbliana amach romhainn. "Éileofar ar fhostaithe i ngach post, níos mó agus níos mó, raon scileanna éagsúla inaistrithe a bheith acu lena n-áirítear scileanna a bhaineann le daoine agus scileanna coincheapúla/smaointeoireachta. Beidh níos mó éagsúlachta ag baint leis an obair, agus éileofar ar dhaoine a bheith níos solúbtha, foghlaim go leanúnach agus tionscnaíocht agus breithiúnas indibhidiúil a léiriú."
Is féidir le gach duine foghlaim, is cuma cibé aois, idir bhunchúrsaí caithimh aimsire agus dhochtúireachtaí. Bain úsáid as na naisc ar an leathanach seo chun cúrsa a oireann duitse a aimsiú.