Ba mhór an tionchar a bhí fionnachtain an leictreachais ar an saol againn, agus ag na forbairtí a rinneadh ó shin i leith. Fiú agus tú á léamh seo, samhlaigh conas is féidir an téacs seo atá á léamh agat a léiriú ar an scáileán ach ‘imirt’ le cáithníní adamhacha!
Is féidir seo a dhéanamh a bhuíochas leis na blianta oibre a rinne Innealtóirí Leictreacha (a bhíonn i mbun soláthar leictreachais) agus Innealtóirí Leictreonaice (ag tiontú leictreachais ina ‘ngiuirléidí’ iléagsúla).
Innealtóireacht Leictreach
Déileálann Innealtóireacht Leictreach le fadhbanna a bhaineann le córais mhóra leictreachas amhail tarchur leictreachais agus rialú mótair. Déanann siad táirgí a chruthú agus a dhearadh de réir prionsabail eolaíochta, ag úsáid scileanna réitigh fadhbanna agus nuálaíochta.
Is féidir le hinnealtóir leictreach a bheith ag dearadh línte cumhachta, i bhfeighil stáisiúin chumhachta, nó i mbun córais leictreacha agus innealra a dhearadh agus a shuiteáil, amhail claochladáin, mótair leictreacha agus leictreonaic chumhachta.
Beidh ról tábhachtach ag innealtóirí leictreacha amach anseo i bhforbairt an chomhshaoil inbhuanaithe. Tá raon leathan gairmréimeanna ar fáil mar innealtóir, theicneolaí nó mar theicneoir. Féadfaidh deiseanna a bheith ar fáil sna réimsí seo a leanas:
- Taighde tionslcaíoch agus saotharlanna fobraíochta
- Corparáidí a sholáthraíonn fuinneamh
- Cuideachtaí bogearraí agus seirbhísí
- An Státseirbhís
- Gníomhaireachtaí a dhéanann monatóireacht theicniúil
- Institiúidí taighde agus oideachais
Bíonn céimithe san Innealtóireacht Leictreach ag obair i réimsí cosúil le hinnealtóireacht ríomhaireacha, innealtóireacht fuinnimh, innealtóireacht iompair, innealtóireacht chumarsáide agus sna meáin.
Innealtóireacht Leictreonaice
Is éard atá i gceist le hInnealtóireacht Leictreonaice ná ciorcaid leictreonacha a dhearadh agus a thástáil a úsáideann na hairíonna leictreonacha de chomhpháirteanna amhail friotóirí, ionduchtóiri,dé-óidí agus trasraitheoiríchun feidhmiúlacht ar leith a bhaint amach. Déanann innealtóirí leictreonaice déantús trealaimh leictrigh agus leictreonaice a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil, a mhaoirsiú agus déanann siad taighde air.
Bíonn ról lárnach acu i soláthar an-chuid den trealamh teileachumarsáide a úsáidimid sa bhaile amhail fóin phóca, an Ríomhaire Pearsanta, an i-pod agus ceamaraí digiteacha. Oibríonn an iliomad innealtóirí Leictreonaice i réimsí a bhfuil dlúthbhaint acu le ríomhairí, gléasanna leighis, intleacht shaorga agus róbataic.
Díríonn a gcuid oibre ar tháirgí leictreonaice nua a dhearadh, a chothú agus a thástáil agus réitigh theicniúla a aimsiú ar fhadhbanna oibríochta. Mar chuid dá n-obair bíonn sé i gceist freisin meastacháin a thabhairt maidir leis san méid ama agus an costas a bheidh i gceist le tionscadail innealtóireachta. Tacaíonn Teicneoirí Innealtóireachta Leictreonaice le hinnealtóirí sa taighde, dearadh, san fhorbairt agus sa chothabháil a dhéantar ar threalamh nó ar tháirgí leictreonaice.
Baineann an obair a bhíonn ar bun acu de ghnáth le deisiúcháin agus cothabháil a dhéanamh ar tháirgi idir fheistí digiteacha, fhóin phóca, ríomhairí pearsanta agus chórais rianaithe satailíte.
Tá deiseanna ann freisin i ndíolacháin theicniúla agus i bhfoilseacháin theicniúla do theicneoirí. Tá an chuma
ar an scéal go bhfuil ganntanas teicneoirí innealtóireachta ann sa tionscal mar go leanann formhór na ndaoine a cháilíonn ina dteicneoirí ar aghaidh chun céim a bhaint amach. Le haghaidh eolas sonrach téigh chuig “Sector Experts”.
Is réimse fáis an innealtóireacht leictreonaice in Éirinn agus thar lear. Tá deiseanna fostaíochta ann d’innealtóirí leictreonacha agus do theicneolaithe le:
- Déantóirí comhpháirteanna leictreonaice
- Cuideachtaí agus corpráidí teileachumarsáide
- Cuideachtaí fóntais cumhachta leictrí
- Taighde agus oideachas
- An Státseirbhís agus an rialtas
- Soláthraithe seirbhísí raidió agus teilifíse
Meicitreonaic/Innealtóireacht leictrimheicniúil
Is éard atá sa Mheicitreonaic (nó Innealtóireacht Mheicniúil agus Leictreonaic) ná na trí réimse seo a leanas nasctha lena chéile innealtóireacht mheicniúil , innealtóireacht leictreonaice agus innealtóireacht bogearraí .
Is cur chuige nua an mheicitreonaic don bheacht-innealtóireacht, rialú leictreonaice agus córais faisnéise d’fhonn córais meaisíní ‘cliste’ a chruthú – idir iPod, DVD agus seinnteoirí DD, róbait agus cheamaraí digiteacha, mhonarchana lán-uathoibríocha agus phróisis déantúsaíochta, agus fhoirgnimh chliste. Is éard atá i gceist leis seo ná comhtháthú a dhéanamh ar innealtóireacht mheicniúil agus leictreonaic le rialú cliste ríomhaireachta i ndearadh agus i ndéantús táirgí agus próiseas.
Chomh maith leis sin, bíonn innealtóirí meicitreonaice i mbun an réimse nuabithmheictreonaic, mar a ndéantar córais a fhorbairt do fheabhsú agus d’athshlánú an duine. I measc samplaí de na córais seo tá cosa saorga cliste agus cultaca eiseachnámharlaigh a chuireann le cumhacht agus teacht aniar an duine.
Innealtóireacht Teileachumarsáide
Díríonn Innealtóireacht Teileachumarsáide ar tharchur eolais trí chainéal amhail cábla, snáithín optúil nó saorspás. Tharla na hathruithe teicneolaíochta uile atá déanta ar chumarsáid nua-aimseartha, amhail blagáil, podchraoladh, fís-sruthú agus teachtaireachtaí SMS a bhuíochas le hobair na n-innealtóirí teileachumarsáide de réir mar a chuir siad modhanna ar fáil le sonraí a sheoladh agus a fháil.
Tá tarchur sonraí ag athrú na slí ina mairimid agus mar sin is réimse spreagúil suimiúil dúshlánach den saol an teileachumarsáid le bheith ag obair ann. Baineann daoine úsáid as gcumarsáid shoghluaiste anois seachas an chumarsáid sheasta, is cuma cá bhfuil siad.
Bíonn ar innealtóirí aghaidh a thabhairt ar éileamh na gcustaiméirí de shíor, ach fós féin a bheith céim chun tosaigh agus teicneolaíocht nua a thuar agus a tháirgeadh a beidh in ann dul san iomaíocht sa mhargadh. Déanann innealtóirí teileachumarsáide córais agus seirbhísí cumarsáide a phleanáil, a dhearadh agus déanann monatóireacht orthu.
Oibríonn siad le córais mhicreaphróiseálaithe agus ríomhaireachta, le cáblú snáthoptaice, le teicneolaíochtaí tarchurtha agus lascacháin, cumarsáid raidió agus le próiseáil comharthaí. Sa réimse seo déileáiltear freisin le bailiú agus le próiseáil sonraí a cianbhraitear ó shatailít, ó eitleáin agus ó radar loinge, agus nascann le hinnealtóireacht bhithleighis maidir le réimsí forbartha amhail sintéis agus aithint urlabhra.
Dul le Gairm san Innealtóireacht
Tá níos mó ná bealach amháin dul le hinnealtóireacht mar ghairm.
An bealach is dírí ná Céim Onórach Innealtóireachta (Leibhéal 8) a déanamh, a chuireann formhór na gcoláistí agus na n-ollscoileanna ar fud na tíre ar fail. Is féidir leat na réimsí speisialtachta innealtóireachta a roghnú is fearr leat ag tús bhliain 4 den chúrsa. Chomh maith leis sin, is féidir cúrsa ginearálta san innealtóireacht a dhéanamh sa chéad bhliain nó sa chéad dá bhliain agus ansin réimse speisialtachta a roghnú ina dhiaidh sin.
De ghnáth bíonn ort grád ar an bPáipéar Onórach matamaitice maille le hábhar eolaíochta amháin eile a bheith agat chun áit a fháil ar na cúrsaí seo. Faightear áit ar na cúrsaí seo bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus baintear feidhm as an gcóras CAO chun iarrthóirí a roghnú. Is féidir cúrsa innealtóireachta Ardteastais a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta gan grád ardleibhéil sa mhatamaitic nó fiú in ábhar eolaíochta san Ardteistiméireacht a bheith agat.
Is cúrsaí dhá bhliain iad seo, as ar féidir cáilíocht a bhaint amach amhail Teicneoir Innealtóireachta. Tá cúrsaí teicneora ar fáil i bhformhór na gcoláistí le haghaidh gach disciplín innealtóireachta ar cuireadh síos orthu. Is féidir leat roghnú obair i do theicneoir leis an gcáilíocht seo nó leanúint ar aghaidh agus gnáthchéim (Leibhéal 7) a dhéanamh agus ansin céim onórach (Leibhéal 8) a bhaint amach.
Tá an chuma ar an scéal go mbeidh sárdheiseanna ar fáil do theicneoirí agus d’innealtóirí gairmiúla araon i ngach ceann de na réimsí thuasluaite. De ghnáth ní athraíonn innealtóirí a ngairm ó chineál amháin innealtóireachta go cineál eile. Is ar an láthair oibre is mó a fhoghlaimíonn innealtóirí a gceird.
Cuireann an cúlra staidéir agus an taithí chúlra ar a gcumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus réitigh theicniúla a sholáthar. Ar an gcúis seo bíonn siad in ann iad féin a chur in oiriúint do thionscail éagsúla. I gcás roinnt mhaith innealtóirí téann siad le róil bhainistíochta sula mbíonn 10 mbliana ag obair sa ghairm sroichte acu. Tá oideachas leanúnach tábhachtach d’innealtóirí leictreacha agus leictreonacha.
Mura mbíonn an t-eolas is déanaí ag an innealtóir is dócha nach bhfaighidh an t-innealtóir sin ardú céime i gcomórtas le daoine eile a bhfuil an t-eolas acu. I láthair na huaire, téann beagnach 80 faoin gcéad de chéimithe le bunchéim caol díreach isteach i bhfostaíocht, agus leanann tuairim is 15 faoin gcéad ar aghaidh le tuilleadh staidéir. An earnáil fostaíochta is mó ná déantúsaíocht agus an earnáil neamhsheirbhísí (innealtóireacht, leictreonaic agus tionscail mhiotail) agus an dara hearnáil is mó ná tógáil agus innealtóireacht shibhialta.
Tosaíonn formhór na gcéimithe ar thuarastal tuairim is 27,000 euro, agus é seo ag méadú chuig díreach os cionn 35,000 euro tar éis cúpla bliain. Tá an-chuid deiseanna ann thar leat – an Ríocht Aontaithe ar an áit is coitianta, agus ansin Tuaisceart na hEorpa agus SAM
Gairmeacha san Innealtóireacht – Íoslódáil 2016 Engineering Sector Overview ó gradireland.com
|
Bileoga Úsáideacha faoi Ghairmeacha ó STEPS to Engineering [comhaid pdf]
|
||
|
Innealtóireacht
Leitreach |
Innealtóireacht Leictreonaice |
Engineering Life
|





1 of 3

