Scileanna Gairme

Gairmeacha Eolaíochta

Gairmeacha Eolaíochta

 

Príomhphointí maidir le gairmeacha eolaíochta ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 19,000 duine fostaithe sna gairmeacha eolaíochta ar leith, sin 1% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.1.1)
  • Bhí beagnach trí cheathrú d’fhostaíocht dírithe ar thrí earnáil: déantúsaíocht (earraí cógaisíochta den chuid is mó),gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla (m.sh. T&F eolaíochta) agus gníomhaíochtaí sláinte an duine
  • Bhí beagnach dhá thrian d’fhostaíocht iomlán ag an leibhéal gairmiúil; bhí an fuílleach ag leibhéal teicneora ( is é sin teicneoirí saotharlainne)
  • Thar an tréimhse 2009 – 2014 níor tháinig ach fás an-bheag ar fhostaíocht iomlán, ag ráta bliantúil de 0.3% ar an meán; tá se seo i gcodarsnacht áfach le fás diúltach bliantúil de 0.5%  go náisiúnta; thar an tréimhse chéanna cúig bliana níor tháinig mórán athraithe ar rátaí fostaíochta sna gairmeacha eolaíochta (Figiúr 9.1.2)
  • Idir 2013 agus 2014 tháinig laghdú de 0.3% ar fhostaíocht iomlán; bhí sé seo i gcodarsnacht le fás dearfach de 1.7% go náisiúnta
  • Bhí beagnach 90% d’eolaithe gairmiúla idir 25-54 bliana d’aois; bhí 70% de theicneoirí saotharlainne san aoisghrúpa céanna; bhí aon chúigiú de theicneoirí saotharlainne 55 bliana d’aois nó os a chionn (Figiúr 9.1.3) 
  • Bhí cáilíocht tríú leibhéal ag tuairim is 95% de ghairmithe eolaíochta; bhí cáilíocht tríú leibhéal ag 70% de theicneoirí saotharlainne (Figiúr 9.1.4)
  • Bhí an fórsa oibre de ghairmithe eolaíochta agus de theicneoirí beagnach cothrom ó thaobh inscne de.
  • D’oibrigh an chuid is mó de ghairmithe eolaíochta agus de theicneoirí go lánaimseartha agus b’Éireannaigh iad
  • I gceathrú 4 2014 bhí ráta dífhostaíochta 5% sna gairmeacha eolaíochta – leath an ráta náisiúnta

Táscairí ganntanais

Cé nach bhfuil ach fórsa oibre beag go leor (6,400 eolaí nádúrtha (eolaithe ceimiceacha, bitheolaíocha agus fisiceacha) agus 6,700 teicneoir saotharlainne, tá scileanna eolaíochta nádúrtha fíorthábhachtach d’fheidhmíocht agus d’fhorbairt earnálacha breisluacha easpórtála de gheilleagar na hÉireann amach anseo, cosúil le  hearraí cógaisíochta, feistí leighis agus próiseáil bia.

Tá an tábhacht a bhaineann le heolaithe nádúrtha a bheith ar fáil soiléir ó infheistíocht an Rialtais san earnáil seo, agus fógraíodh le déanaí go mbeidh ciste de 85 milliún euro ar fáil d’earnáil na n-eolaíochtaí beatha.

Ag cur próifíl aoise na n-eolaithe fostaithe san áireamh (tá níos lú ná 10% os cionn 55 bliana d’aois), ceaptar gur líon beag é na heolaithe atá ag éirí as. Ceaptar áfach go mbeidh éileamh athsholáthair níos mó ann ná an líon atá ag fágáil an fhórsa oibre ( mar gheall ar chúraim bhaile, staidéar agus araile). Chomh maith leis sin táthar ag súil go mbeidh na hearnálacha ina bhfuil eolaithe fostaithe ag feidhmiú go láidir sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Mar gheall ar ghluaiseacht go dtí gníomhaíochtaí breisluacha sna hearnálacha seo beidh méadú sa riachtanas fostaíochta bliantúil d’eolaithe agus do theicneoirí eolaíochta.

Bhí a lán fógraí post ann le déanaí a bhain le hearcú scileanna eolaíochta. Ina measc bhí Horizon Pharma, Life Scientific (T&F i gcosaint na mbarr), Bausch and Lomb (lionsaí tadhaill), ENBIO Space Technology Centre (bainistíocht cóireálacha teirmeacha nó teicneolaíocht grianscéithe do shatailítí, do spásárthaí agus do chrua-earraí a bhaineann le spás), Zimmer (ionchlannáin ortaipéideacha), Advanced Laboratory Testing (bia).

is suntasach an líon céimithe sna heolaíochtaí beatha agus fisiceacha, le breis is 3,500 céimí in 2013/2014, 80% díobh a bhfuil céim onórach nó iarchéim acu. Bunaithe ar na hiarratais CAO, beifear ag súil leis an méid céanna céimithe sna blianta atá le teacht.

In ainneoin an tsoláthair céimithe agus an tsoláthair ón lucht dífhostaíochta (i mBealtaine 2015 bhí 120 eolaí ceimiceach, bitheolaíoch agus fisiceach agus 260 teicneoir saotharlainne (a bhfuil céim tríú leibhéal ag an gcuid is mó díobh) ag lorg oibre agus réidh chun tosú, tá ganntanais scileanna eolaíochta ann. Tá sé deacair d’an-chuid fostóirí na poist seo a líonadh:

  • Eolaithe ceimiceacha agus bitheolaíocha agus bithcheimiceoirí i réimse faireachas cogasaíochta (trialacha cliniciúla agus sábháilteacht drugaí), forbairt anailíseach agus foirmliú táirgí
  • Teicneoirí  cairdiacha (próiseas táirgeachta)
  • Teicneoir biteicneolaíoch (cothabháil ríomhairithe (coisctheach, ceartaitheach, tuarthach),córais innealtóireachta SOPs/EWI agus GMP, seomra íonghlan

Tá saincheist ann freisin maidir leis an méid daoine atá ar fáil chun obair mar theicneoirí saotharlainne toisc go bhfanann an chuid is mó de chéimithe ag leibhéal teicneora (NFQ 6 agus 7) san oideachas chun dul ar aghaidh go dtí cáilíochtaí níos airde, agus bíonn daoine a bhfuil cáilíochtaí NFQ leibhéil 8 agus níos airde acu ag lorg ról níos dúshlánaí ná na cinn atá ar fáil ag leibhéal teicneora.