Gairmeacha Ceardaíochta Foirgníochta
Príomhphointí maidir le gairmeacha ceardaíochta foirgníochta ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 58,000 duine fostaithe sna gairmeacha ceardaíochta foirgníochta ar leith, sin 3% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.10.1)
- Bhí fostaíocht i ngairmeacha ceardaíochta foirgníochta dírithe ar thógáil den chuid is mó
- Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú fostaíochta de 8.7% nó 33,000 duine ar an meán go bliantúil – an luas laghdaithe is láidre agus an laghdú glan is mó i measc na 17 ngrúpa gairme leathana a scrúdaíodh (0.5% an meánráta laghdaithe) (Figiúr 9.10.2)
- Thar an tréimhse chéanna cúig bliana, tháinig laghdú ar fhostaíocht sna gairmeacha ar fad; bhí an meánráta laghdaithe bliantúil is mó ann i measc siúinéirí agus saor adhmaid (10.3%), gairmeacha tógála eile (8.8%) agus bríceadóirí (9.9%); bhí an laghdú glan fostaíochta is suntasaí ann i measc siúinéirí agus saor adhmaid agus gairmeacha tógála eile (12,000 an grúpa)
- Idir 2013 – 2014 bhí méadú fostaíochta de 6.8% nó 4,000 ann; bhí méadú ar bheagnach gach gairm, leis an méadú is mó ann ar shiúinéirí agus ar shaoir adhmaid (beagnach 2,500)
- Bhí breis is 70% de dhaoine fostaithe i ngach gairm idir 25-54 bliana d’aois; bhí an phróifíl aoise is óige agus os cionn an mheánráta i measc pluiméirí – 12% an sciar idir 15-25 bliana d’aois; i gcodarsnacht bhí an phróifíl aoise níos sine i measc na ngairmeacha tógála eile (Figiúr 9.10.3)
- Bhí an sciar de dhaoine fostaithe sna gairmeacha ceardaíochta foirgníochta ar leith a raibh cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET acu (beagnach 66% díobh) agus cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos isle acu go mór os cionn an mheánsciar náisiúnta de 38% agus 15% faoi seach; bhí an sciar a raibh cáilíochtaí tríú leibhéal acu (12%) go mór faoi bhun an mheánsciar náisiúnta (47%) (Figiúr 9.10.4)
- Ba bheagnach fir ar fad a bhí ag obair sa chuid is mó de na gairmeacha
- Cé nach raibh ach 13% d’oibrithe ceardaíochta foirgníochta ag obair go páirtaimseartha, bhí an sciar níos airde do bhríceadóirí, tuairim is aon cheathrú.
- I gceathrú 4 2014 bhí ráta dífhostaíochta 23.2% sna gairmeacha ceardaíochta foirgníochta i gcodarsnacht le 30.4% sa bhliain roimhe sin –níos mó ná dúbailt an meánráta náisiúnta
Táscairí ganntanais
Le bliain anuas tá sé le tuiscint ó roinnt táscairí go bhfuil téarnamh ann san earnáil foirgníochta: tá méadú le feiceáil ar an innéacs táirgeachta tógála, praghasinnéacs réadmhaoine cónaithe, líon na bprintíseach agus leibhéil fostaíochta. Bhí méadú ann freisin ar fholúntais do cheardaithe tógála.
Cé go raibh cuid de na folúntais ann toisc go raibh daoine ag éirí as obair nó ag fágáil ar chúiseanna eile, chomh maith le hathrú fostóirí, bhí éileamh leathnaithe ann freisin.
I rith 2014 bhí deiseanna fostaíochta do cheardaithe tógála teoranta, toisc go raibh an chuid is mó den ghníomhaíocht dírithe ar thógáil foirgneamh trádála (mar gheall ar fhás in earnálacha eile, is é sin bithchógaisíocht/leigheas, fóntais agus TFC)
Beidh éileamh níos mó ar scileanna ceardaíochta tógála nuair a thiocfaidh dlús le téarnamh sa mhargadh réadmhaoine cónaithe, toisc gur gníomhaíocht a bhfuil dlúthfhostaíocht níos mó ag baint léi í tógáil tithíochta ná gníomhaíochtaí tógála eile.
Tá go leor scileanna tógála fós i margadh saothair na hÉireann: i mBealtaine 2015 bhí breis is 2,000 bríceadóir, 1,500 pluiméir, 4,000 siúinéir, 2,000 pláistéir agus 2,700 péintéir/maisitheoir ag cuardach fostaíochta tríd an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí (SFP)
Tá sé le tabhairt faoi ndeara áfach, go bhfuil cáilíocht ArdTeistiméireachta nó níos ísle ag roinnt mhaith cuardaitheoirí poist sna gairmeacha seo. Mar thoradh air seo, d’fhéadfadh ceist a bheith ann maidir le fáil ar cheardaithe oilte de réir mar a thagann dlús leis an téarnamh. In ainneoin an rósholáthair ar an chuid is mó de scileanna tógála faoi láthair, tá ganntanais cruachthógálaithe / cruachfhosaitheoirí ann. |