Gairmeacha Ceardaíochta Eile
Príomhphointí maidir le gairmeacha ceardaíochta ar leith eile
- In 2014 bhí tuairim is 113,000 duine fostaithe sna gairmeacha ceardaíochta ar leith eile, sin 5.9% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.11.1)
- Bhí dhá trian d’fhostaíocht iomlán dírithe ar dhá earnáil: déantúsaíocht (trian amháin) agus mórdhíol agus miondíol (tuairim is aon chúigiú)
- Bhí beagnach 75% d’fhostaíocht iomlán dírithe ar thrí cheird: leictreach agus leictreonach (30%), meaisíniú miotail, feistiú agus déanamh ionstraimí (24%) agus feithiclí (beagnach 20%)
- Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú de 2.1% ar an meán go bliantúil ar ghairmeacha ceardaíochta eile, le cailliúint ghlan de 12,600 post; idir 2013 agus 2014 áfach tháinig fás de 6.4% ar fhostaíocht, le beagnach 7,000 post cruthaithe.
- Idir 2009 agus 2014 bhí na meánrátaí laghdaithe fostaíochta is mó le feiceáil sna ceirdeanna priontála (6.8%) agus sna ceirdeanna leictreacha agus leictreonacha (6.1%); bhí an meath is mó i líon na ndaoine fostaithe le feiceáil sa dara grúpa (tuairim is 12,000); idir 2013 agus 2014 bhí laghdú fostaíochta sna ceirdeanna seo arís, cé gur tháinig méadú ar an líon a bhí fostaithe sna ceirdeanna eile (Figiúr 9.11.2)
- Bhí díreach os cionn 75% de dhaoine fostaithe i ngach gairm idir 25-54 bliana d’aois (Figiúr 9.11.3)
- Bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET ag tuairim is 56% de dhaoine fostaithe sna gairmeacha ar leith, sin os cionn an sciar náisiúnta de 38%; ní raibh cáilíochtaí tríú leibhéal ach ag 30% de na hoibrithe, go mór faoi bhun an mheánráta de 47%; bhí éagsúlacht ann i measc na ngairmeacha: 45% an sciar is mó, ag ceardaithe leictreacha agus leictreonacha (taobh istigh den chatagóir seo, bhí oideachas tríú leibhéal ag 90% d’innealtóirí deisithe agus cothabhála ríomhairí); i gcodarsnacht leis seo 7% an sciar de bhúistéirí, de cheannaithe éisc agus de cheirdeanna gaolmhara.
- Níorbh Éireannaigh iad tuairim is 30% de bhúistéirí, de cheannaithe éisc agus de cheirdeanna gaolmhara.
- Fir ab ea an chuid is mó de na ceardaithe fostaithe agus bhí siad ag obair go lánaimseartha.
Táscairí ganntanais
Leictreoirí – bhí an t-éileamh ar leictreoirí soiléir ón méadú sna folúntais in 2014; bhí a lán de na folúntais ann mar gheall ar éileamh athsholáthair agus daoine ag aistriú poist (bhí 3,5000 aistriú ó fhostóirí ann in 2014); bhí an t-aistriú seo le feiceáil sa líon ard cuardaitheoirí poist (2,700 i mBealtaine 2015) agus folúntas; tháinig laghdú mór ar an soláthar ó chóras na printíseachta le blianta beaga anuas (ó 729 in 2013 go dtí 478 in 2014 amháin), agus d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann sa mheántéarma; ceaptar go mbeidh méadú ar an éileamh ar leictreoirí toisc fás san earnáil tógála agus borradh faoi earnálacha eile.
Táthairí – in 2014 bhí go leor folúntas ann do tháthairí a raibh TIG/MIG, scileanna stuatháthaithe, píopaí, fithiseacha agus buntáthaithe chomhleá acu; bhí a lán de na folúntais sin ann mar gheall ar dhaoine ag aistriú poist (bhí 1,400 athrú fostóirí ann in 2014); i mBealtaine 2015 bhí 1,200 táthaire ag lorg fostaíochta tríd an PSE agus réidh chun tosú ag obair; chomh maith leis sin bhí 286 gradam FET ann i stuatháthú láimhe agus i dtáthú ocsaicéitiléine; mar sin féin tá ganntanas táthairí TIG/MIG fós ann; ceaptar go mbeidh éileamh mór i gcónaí ann mar gheall ar an leathnú tuartha sna fóntais agus sa déantúsaíocht ardteicniúil agus thraidisiúnta agus san fhoirgníocht.
Uirliseoirí/ Feisteoirí – tá méadú ag teacht ar an éileamh ar scileanna uirliseoireachta toisc chomh maith is atá an earnáil déantúsaíochta ardteicniúla ag feidhmiú; mar thoradh ar an éileamh sin thosaigh BOO Shligigh, Mhaigh Eo agus Liatroma cúrsa nua in 2014 agus bhí 16 rollú ann; bhí 20 gradam bronnta trí chúrsaí FET in 2014 freisin (méadú ó 10 ngradam in 2013) agus bhí méadú freisin ar líon na bprintíseach ar glacadh leo; mar sin féin ceaptar go mbeidh ganntanas ceardaithe ann a bhfuil an saineolas acu beachtuirlisí casta a dhéanamh sa ghearrthéarma.
Búistéirí/ Bainteoirí cnámh –tá an tionscal próiseála feola ag feidhmiú go láidir agus chruthaigh sé sin éileamh ar bhúistéirí/ bainteoirí cnámh; bhí an tionscal ag brath ar oibrithe a tháinig ó thíortha taobh amuigh den LEE (31% an sciar d’oibrithe nárbh Éireannaigh iad in 2014); mar thoradh ar an nganntanas bhunaigh an Rialtas, i gcomhar le fostóirí, Acadamh Náisiúnta Búistéireachta in 2012; bhí ceist ann áfach faoi bhúistéirí oilte a choinneáil tar éis dóibh an traenáil a chríochnú; is dúshlán i gcónaí é don tionscal próiseála feola in Éirinn an fhadhb a bhaineann le búistéirí/ bainteoirí cnámh oilte a mhealladh agus a choinneáil agus is dócha go mbeidh fadhb níos mó ann toisc níos mó deiseanna fostaíochta ann in earnálacha eile de réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar. |