Scileanna Gairme

Gairmeacha Ealaíne, Spóirt & Turasóireachta

Gairmeacha Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta

Príomhphointí maidir leis na gairmeacha ealaíon, spórt agus turasóireachta ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 167,000 duine fostaithe sna gairmeacha ealaíon, spórt agus turasóireachta ar leith, sin 8.7% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.12.1)
  • Bhí 119,00 duine fostaithe i ngairmeacha a bhain le hóstáin, le bialanna agus le cúrsaí tábhairne; 28,000 duine fostaithe i ngairmeacha ealaíon, litríochta agus meán cumarsáide agus 19,000 fostaithe i ngairmeacha spórt agus seirbhísí taistil
  • Idir 2009  agus 2014 tháinig méadú de 1.2% ar an meán go bliantúil ar fhostaíocht ghlan, i gcomparáid leis an meánráta náisiúnta de 0.5%; bhí an ráta fáis ba mhó ann ar bhainisteoirí óstáin agus lóistín (9.7% ar an meán go bliantúil), ar fhoireann freastail (4.8%) agus ar ghairmithe ealaíon, litríochta agus meán cumarsáide (3.2%); i gcodarsnacht leis sin bhí an laghdú ba mhó ann ar thábhairneoirí agus ar bhainisteoirí fóillíochta agus spórt (6.3% an ceann) agus ar bhainisteoirí bialainne (4.2%) (Figiúr 9.12.2)
  • Thar an tréimhse chéanna cúig bliana bhí tuairim is 9,5000 post breise glan ann; bhí an dearbhmhéadú is mó ann ar fhoireann freastail, ar ghairmithe ealaíon, litríochta agus meán cumarsáide agus ar bhainisteoirí óstáin agus lóistín; i gcodarsnacht leis sin bhí an dearbhlaghdú is mó ann ar bhainisteoirí bialainne agus ar thábhairneoirí.
  • Ba iad an fhoireann freastail agus tábhairne na foirne oibre is óige as na gairmeacha ar leith – bhí 44% agus beagnach 40% díobh siúd a bhí fostaithe níos óige ná 25 bliana faoi seach- ceann de na foirne oibre is óige go náisiúnta; i gcodarsnacht, bhí an fhoireann oibre is sine i measc tábhairneoirí, bhí dhá chúigiú díobh 55 bliana nó níos sine (Figiúr 9.12.3).
  • Bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag díreach os cionn 80% de na gairmithe cumarsáide- an sciar is mó i measc na ngairmeacha ar leith; ar an lámh eile, ní raibh cáilíochtaí tríú leibhéal ach ag 12% de thábhairneoirí fostaithe.
  • Cé go raibh an fórsa oibre sna gairmeacha ar leith beagnach cothrom ó thaobh inscne de, bhí níos mó ban ag obair mar fhreastalaithe agus mar chúntóirí cistine agus lónadóireachta, 80% agus 60% faoi seach; i gcodarsnacht, fir a bhí i 66% de thábhairneoirí, de lucht tábhairne agus de bhainisteoirí fóillíochta agus spórt.
  • Bhí an choitiantacht d’obair pháirtaimseartha níos airde i measc foirne freastail agus tábhairne – bhí beagnach 60% agus 55% faoi seach ag obair go páirtaimseartha – i measc na sciartha is mó de gach gairm san fhórsa oibre náisiúnta
  • Níorbh Éireannaigh iad beagnach 40% de chefanna agus de chócairí – ceann de na sciartha is mó de gach gairm san fhórsa oibre náisiúnta; bhí sciar ard ann freisin, 36%, de chúntóirí cistine agus lónadóireachta.

 

 

 

 

Táscairí ganntanais

 

In 2014 bhí breis is 110,000 duine fostaithe sna seirbhísí fáilteachais, sin iad bainisteoirí óstáin agus bialainne, chefanna, cúntóirí lónadóireachta agus freastalaithe. Bhí an t-aistriú idir fostaíocht, dífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht níos airde sna gairmeacha seo ná an meán.

In 2014 d’athraigh 2,700 chef fostóirí agus d’aistrigh 1,000 chef go neamhghníomhaíocht (scor san áireamh).

Bhí an líon daoine ag aistriú go dtí neamhghníomhaíocht níos airde fós i measc  cúntóirí lónadóireachta agus lucht freastail/tábhairne, le tuairim is 4,000 agus 10,000 aistriú faoi seach, agus bhí an líon daoine ag aistriú fostóirí mar an gcéanna. Tugann an líon ard aistrithe sin le tuiscint gur fostaíocht ócáideach atá i roinnt mhaith post fáilteachais, agus tacaíonn na torthaí leis go bhfuil an sciar daoine ag obair go páirtaimseartha (46% de chúntóirí lónadóireachta agus 50% de lucht freastail agus tábhairne) dhá oiread níos mó ná an meánráta náisiúnta; ag an am céanna tá líon ard cuardaitheoirí poist ann (2,500 cúntóir lónadóireachta agus 3,300 de lucht freastail agus tábhairne i mBealtaine 2015) agus líon ard folúntas ann (in 2014 bhí na mílte post fógartha ar thairseacha an RSC agus Irishjobs.ie amháin).

Agus an geilleagair ag feabhsú  tá méadú ar an éileamh ar sheirbhísí fáilteachais, spórt agus fóillíochta. Cé gur leor é an soláthar scileanna ísle fáilteachais (cúntóirí lónadóireachta agus lucht freastail/tábhairne), tá ganntanas chefanna cáilithe ann. Cé go raibh beagnach 1,500 chef ag lorg oibre agus réidh chun tosú ag obair i mBealtaine 2015, tá an chuma ar an scéal nach raibh cáilíochtaí scileanna cócaireachta acu, agus ba í an Ardteistiméireacht nó níos ísle an leibhéal oideachais is airde a bhí acu. 600 chef a bhain cáilíocht amach sna cúrsaí NFQ leibhéil 5-8 in 2014/2014.

Ceaptar go mbeidh tionchar dearfach ag an téarnamh geilleagrach ar an éileamh ar scileanna ealaíon, litríochta agus cumarsáide.

I mBealtaine 2015 bhí 1,500 gairmí ann a raibh cáilíochtaí tríú leibhéal acu a bhí réidh chun tosú ag obair sna gairmeacha ealaíon, litríochta, cumarsáide agus deartha comhlaigh. Toisc gur féidir leis na gairmeacha seo cur go mór le dul chun cinn na nuálaíochta i roinnt mhaith earnálacha, is acmhainn fáis thábhachtach iad.

Tá sé riachtanach áfach go gcuirfear scileanna gnó agus fiontraíochta le cumais ealaíne chun cruthaíocht in earnáil na n-ealaíon cruthaitheach a aistriú go dtí deis tráchtála (m.sh mínealaín, tionscal na scannán) agus in earnálacha eile chomh maith (m.sh forbairt táirgí i ndéantúsaíocht, i ndíolachán agus margaíocht agus araile).