Scileanna Gairme

Related Sector Profiles...
Transport & Logistics Transport & Logistics
 

Gairmeacha Iompair & Loighistice

Gairmeacha ar leith in earnáil an iompair agus na lóistíochta

 

Príomhphointí maidir le gairmeacha ar leith in earnáil an iompair agus na lóistíochta

  • In 2014 bhí tuairim is 87,000 duine fostaithe i ngairmeacha ar leith in earnáil an iompair agus na lóistíochta, sin 4.6% d’fhostaíocht náisiúnta
  • B’oibrithe iompair ar bóthar (tiománaithe tacsaí agus feithiclí móra den chuid is mó) iad dhá thrian díobh siúd a bhí fostaithe  (58,000 duine) (Figiúr  9.13.1)
  • Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú de 3% ar an meán go bliantúil ar an bhfostaíocht iomlán i ngairmeacha ar leith in earnáil an iompair agus na lóistíochta, i gcomparáid leis an sciar náisiúnta de 0.5%; in 2014 bhí an leibhéal iomlán fostaíochta 14,000 faoi bhun leibhéal 2009;ó 2012 ar aghaidh áfach tá an leibhéal gan mórán athraithe.
  • Idir 2009 agus 2014 bhí laghdú fostaíochta ar an chuid is mó de na gairmeacha, leis an ráta laghdaithe is mó ann ar thiománaithe meaisíní soghluaiste agus ar oibrithe (5.7% ar an meán go bliantúil), ar bhainisteoirí agus ar stiúrthóirí  iompair agus lóistíochta (4.1% an meán go bliantúil), agus ar oibrithe iompair ar bóthar (2.8% an meán go bliantúil); bhí an laghdú is mó ann ar oibrithe iompair ar bóthar (beagnach 9,000); i gcodarsnacht leis seo, bhí méadú an- bheag ann ar fhostaíocht tiománaithe agus oibrithe iompair eile (Figiúr 9.13.2)
  • Bhí beagnach a thrian d’oibrithe iompair ar bóthar 55 bliana nó níos sine ( go háirithe tiománaithe bus agus cóiste agus tiománaithe tacsaí – bhí dhá chúigiú sa dá ghairm 55 bliana d’aois nó os a chionn)
  • Bhí leibhéil ísle oideachais ag daoine fostaithe sna gairmeacha ar leith: bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle ag 40%, i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 15%; bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET ag 46%, i gcomparáid leis an meán náisiúnta de 38%; ní raibh cáilíochtaí tríú leibhéal ach ag 15%, go mór faoin meán náisiúnta de 47%
  • Mná a bhí in aon cheathrú de dhaoine ag obair i ngairmeacha riaracháin, rialaithe stoic, iompair agus dáileacháin



 

See also:

'Addressing the demand for Skills in the Freight, Transport, Distribution and Logistics Sector in Ireland 2015-2020'

 EFGSN, February 2015





Táscairí ganntanais

Bainfidh an earnáil iompair tairbhe mór as an téarnamh geilleagrach ag baile agus go domhanda toisc go gcumasaíonn sí iompar earraí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D’fhógair roinnt comhlachtaí jabchruthúchán a bhaineann le scileanna iompair ar leith le déanaí, ina measc  SEKO MedTec, Kedington Direct, Emerald Truck & Van agus Dualway Group.

In 2014 aithníodh go raibh ganntanais scileanna bainteach le bainistíocht shlabhra an tsoláthair ann:

  • Rialú stoic/pleanáil
  • Orduithe infhála agus bainistíocht
  • Scileanna ERP
  • Anailís shlabhra an tsoláthair
  • Réitigh r- fhoinsiú
  • SAP
  • Soláthraithe SharePoint
  • Ceannach Indíreach
  • Seoladh lastaí agus rialú custaim

Tá éileamh ar leith ar dhaoine a bhfuil cáilíochtaí proifisiúnta acu (m.sh. APICS, IIPMM (An Foras um Cheannacht agus Bainistíocht Ábhar).

Chomh maith le scileanna teicniúla, tá inniúlacht ar theangacha iasachta (teangacha an AE ach go háirithe) ag teastáil go minic i gcomhar ról shlabhra an tsoláthair (ó riarachán go bainistíocht)

Is beag cúrsa atá ann atá tiomnaithe do scileanna iompair agus lóistíochta.

In 2014 bhí 40 céimí ann ag leibhéal NFQ 5 agus 100 eile ag leibhéil NFQ 7 agus 8.

Tá ganntanas tiománaithe ann. Cé go bhfuil a lán tiománaithe ag lorg oibre agus réidh chun tosú ag obair (7,000 tiománaí trucaile agus 4,000 tiománaí meaisín i mBealtaine 2015), tá roinnt deacrachtaí earcaíochta ann mar gheall ar chostais árachas aoischoibhneasa agus easpa taithí ag iontrálaithe nua.

D’aistrigh tuairim is 4,000 tiománaí trucaile go dtí neamhghníomhaíocht in 2014 agus ní ábhar mór iontais é seo toisc go bhfuil beagnach duine as gach triúr tiománaí trucaile níos sine ná 55 bliana. Chomh maith leis sin is ceist í coinneáil tiománaithe, agus bhí 7,000 aistriú ionghairme ann in 2014 ag tiománaithe trucaile agus meaisín.

Tá deacrachtaí ann maidir le scileanna forcardaitheora agus scileanna tiomána feithiclí speisialta.