Gairmeacha Riaracháin agus Rúnaíochta
Príomhphointí maidir le gairmeacha riaracháin agus rúnaíochta ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 152,000 duine fostaithe sna gairmeacha riaracháin agus rúnaíochta ar leith, sin 7.9 % d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.14.1)
- Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú de 2.8 % ar an meán go bliantúil ar an bhfostaíocht iomlán sna gairmeacha ar leith; bhí an leibhéal fostaíochta in 2014 23,000 faoi bhun ráta 2009 (175,000); ó 2012 áfach tá méadú ag teacht ar fhostaíocht, athrú ar an treocht laghdaithe a bhí ann ó thosaigh an cúlú
- Thar an tréimhse cúig bliana, tháinig laghdú ar an bhfostaíocht i ngach gairm (cé is moite de chléirigh taifid agus leabharlainne agus de bhainisteoirí agus de mhaoirseoirí oifige); bhí na rátaí meatha is tapúla ann i ngairmeacha riarachán rialtais (7.3% ar an meán go bliantúil), cúntóirí pearsanta agus rúnaithe eile (4.2% ar an meán go náisiúnta); bhí an dearbhmheath is suntasaí i ngairmeacha riarachán rialtais (16,500), cúntóirí pearsanta agus rúnaithe eile (7,000) (Figiúr 9.14.2)
- Idir 2013 agus 2014 bhí méadú de 3.1% ar fhostaíocht iomlán, le 4,500 post glan; bhí an méadú is mó ann (rátaí agus leibhéil) ar riarthóirí eile, ar bhainisteoirí agus ar mhaoirseoirí oifige; bhí an meath i leibhéil fostaíochta i ngairmeacha riarachán rialtais ag cobhsú.
- Bhí ar a laghad 70% díobh siúd a bhí fosaithe i ngach gairm idir 25-54 bliana d’aois; ba iad cúntóirí pearsanta agus rúnaithe eile an fórsa oibre is sine, leis an gceathrú cuid díobh 55 bliana d’aois nó níos sine; i gcodarsnacht leis seo ba iad na fáilteoirí an grúpa is óige, le 11% díobh níos óige ná 25 bliana d’aois.
- Cé is moite de chléirigh taifid agus leabharlainne agus de bhainisteoirí agus de mhaoirseoirí oifige, bhí an sciar de chéimithe tríú leibhéal i ngach gairm níos ísle ná an meán náisiúnta
- Mná a bhí i 70% ar a laghad díobh siúd a bhí fostaithe i ngach gairm
- Bhí an sciar de dhaoine ag obair go páirtaimseartha níos airde d’fháilteoirí (45%) agus do chúntóirí pearsanta agus rúnaithe eile (40%)
Táscairí ganntanais
In 2014 bhí a lán folúntas ann do róil riaracháin agus rúnaíochta. Bhí a lán folúntas ann mar gheall ar éileamh athsholáthair (d’aistrigh 5,500 cléireach ginearálta go dtí neamhghníomhaíocht in 2014) agus mar gheall ar athrú fostóra (9,000 aistriú idir fostóirí). Chomh maith leis sin bhí breis is 10,000 cléireach ginearálta ag lorg poist agus réidh chun tosú ag obair i mBealtaine 2015.
Chomh maith leis sin bhí breis is 5,000 céimí ann ó chúrsaí FET i ngnó agus i riarachán in 2014. Meastar gur leor an soláthar chun an riachtanas earcaíochta a shásamh agus níl aon ghanntanas ann faoi láthair. |