Scileanna Gairme

Gairmeacha Díolacháin

Gairmeacha i nDíolachán agus i Seirbhísí do Chustaiméirí

Príomhphointí maidir le gairmeacha ar leith i ndíolachán agus i seirbhísí do chustaiméirí

 

  • In 2014 bhí tuairim is 218,000 duine fostaithe sna gairmeacha ar leith i ndíolachán agus i seirbhísí do chustaiméirí, sin 11.4% d’fhostaíocht náisiúnta
  • Bhí 122,000 duine fostaithe mar chúntóirí díolacháin – an fórsa oibre is mó go náisiúnta (Figiúr 9.15.1)
  • Idir 2009 agus 2014 níor tháinig ach laghdú an-bheag, 0.3% ar an meán go náisiúnta, ar fhostaíocht ghlan sna gairmeacha ar leith, bhí 3,000 cailliúint ghlan ann; bhí an dearbhmheath is mó  ann ar chúntóirí díolacháin (6,500) agus ar fheidhmeannaigh díolachán gnó (4,500); ar an lámh eile bhí an dearbhfhás is mó ann i ngairmeacha seirbhísí do chustaiméirí (5,600) agus i mbainisteoirí díolacháin, cuntas agus forbairt gnó (2,500)
  • Idir 2013 agus 2014 bhí laghdú beag, 1% nó 2,500, ar fhostaíocht iomlán; bhí an dearbhmheath is mó ann ar chúntóirí díolacháin, agus bhí an fás is mó ann i ngairmeacha seirbhísí do chustaiméirí (Figiúr 9.15.2)
  • Bhí an chuid is mó de na daoine a bhí fostaithe i ngach gairm idir 25-54 bliana d’aois; bhí beagnach 30% de chúntóirí díolacháin idir 15-24 bliana d’aois – an fórsa oibre is óige i measc na ngairmeacha ar leith (Figiúr 9.15.3)
  • Bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET ag beagnach 50% de dhaoine fostaithe sna gairmeacha ar leith (os cionn an mheáin náisiúnta);bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag beagnach 40% (faoi bhun an mheáin náisiúnta) agus bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle ag 14% (cosúil leis an meán náisiúnta) (Figiúr 9.15.4)
  • Mná a bhí i mbeagnach 70% de chúntóirí díolacháin, an sciar is airde i measc na ngairmeacha ar leith agus os cionn an sciar náisiúnta; le beagnach trí chúigiú d’fhostaithe mná ann, bhí an sciar níos airde freisin do mhaoirseoirí díolacháin agus do ghairmeacha seirbhísí custaiméirí
  • Bhí díreach os cionn leath de na cúntóirí díolacháin ag obair go páirtaimseartha – ceann de na sciartha is airde i measc gach gairm san fhórsa oibre náisiúnta
  • assistants and marketing associate professionals also exceeded the national average.
  • Níorbh Éireannaigh iad aon cheathrú de dhaoine ag obair i róil maoirseachta díolacháin agus i ngairmeacha seirbhísí custaiméirí; bhí an sciar de chúntóirí díolacháin agus de ghairmithe comhlacha margaíochta, aon chúigiú an ceann, níos airde ná an meán náisiúnta freisin

 

Táscairí ganntanais

.

In 2014 bhí beagnach 6,000 folúntas ann do róil díolacháin ag an leibhéal gairmiúil comhlach agus 9,000 folúntas eile ann do chúntóirí díolacháin agus róil cúram custaiméirí fógartha ar thairseacha PES agus Irishjobs.ie amháin. Bhí a lán de na folúntais ann chun daoine a bhí ag fágáil nó ag athrú fostóra a athsholáthar. Leis an téarnamh geilleagrach agus an borradh faoin éileamh intíre agus domhanda ceaptar go mbeidh fás fostaíochta i ngach ról díolacháin.

Fostaíocht ócáideach ó nádúr atá ann do chúntóirí díolacháin: tá 55% den fhostaíocht páirtaimseartha, tá líon ard aistrithe i ngach aon treo (idir fostaíocht, dífhostaíocht, neamhghníomhaíocht eacnamaíoch (staidéar den chuid is mó), chomh maith le haistriú idir agus taobh istigh de ghairmeacha). Ag an am ceanna tá a lán folúntas  agus a lán cuardaitheoirí poist ann. Cé nach fadhb í an cineál fostaíochta neamhbhuaine atá ann do chúntóirí díolacháin , d’fhéadfadh sé bheith níos dúshlánaí ag iarraidh róil bainistíochta díolacháin a líonadh. Cabhróidh an soláthar céimithe gnó le fostóirí agus iad ag iarraidh na riachtanais fostaíochta a chomhlíonadh ina thaobh seo.

I gcomhthéacs trádáil idirnáisiúnta, tá ceisteanna ann maidir leis na scileanna seo atá bainteach le díolachán agus le cúram custaiméirí a bheith ar fáil:

  • Eolas teicniúil agus táirgí/seirbhísí (m.sh cógaisíocht, feistí leighis, Bogearraí B2B, táirgí SaaS, Salesforce.com agus araile.
  • Scileanna cumarsáide, tuiscint ar chúrsaí cultúir agus teangacha iasachta.

Chomh maith leis seo, tá ganntanas saineolaithe margaíochta ann chun forbairt agus bainistíocht straitéis táirgí a threorú. Tá an ganntanas seo ann in ainneoin 1,5000 céimí ag teacht ó chúrsaí díolacháin agus margaíochta ag leibhéil 6 agus níos airde.

Tá scileanna díolacháin agus margaíochta an-tábhachtach agus Éire ag iarraidh a sciar den mhargadh dá heaspórtálacha a mhéadú. Sa chomhthéacs seo is riachtanas é do níos mó comhlachtaí, dúchais agus idirnáisiúnta, scileanna i dteangacha iasachta, go háirithe Gearmáinis, Fraincis agus Spáinnis, a bheith ag fostaithe; tá Sínis níos tábhachtaí don earnáil dúchais agus tá teangacha eile an AE agus Rúisis níos tábhachtaí do chomhlachtaí idirnáisiúnta.

Faoi láthair tá an Roinn Oideachais agus Scileanna i mbun Teanga Iasachta i Straitéis Oideachais, faoi Phlean Gníomhaíochta  an Rialtais do Phoist 2014, a fhorbairt. Is céim dhearfach í seo chun cumas i dteangacha iasachta a fheabhsú i bhfórsa oibre na hÉireann.

 

Tá an t-éileamh mór ar scileanna díolacháin le feiceáil sna fógraí poist, a bhfuil díolachán nó róil cúram custaiméirí luaite mar riachtanas sa chuid is mó díobh. I measc na bhfógraí poist do dhíolachán (teilidhíol san áireamh) agus do róil cúram custaiméirí a rinneadh le déanaí tá Global Shares, SalesSense Int., StartingDot, Payback Loyalty, Ladbrokes, Qualtrics, Outsource, DMI, Vodafone, Intercall, agus araile.