Scileanna Gairme

Oibríochtaí

Oibrithe

Príomhphointí maidir le hoibrithe agus le gairmeacha gaolmhara ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 67,000 duine fostaithe sna gairmeacha ar leith a bhain le hoibrithe, sin 3.5% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.16.1)
  • Bhí dhá thrian d’fhostaíocht iomlán d’oibrithe (44,000 duine) dírithe ar dhéantúsaíocht (bia, innealra agus trealamh, cógaisíocht, táirgí ríomhaire, leictreonacha agus optúla den chuid is mó); bhí an fuílleach ag obair in go leor earnálacha eile.
  • Idir 2009 agus 2014 tháinig méadú de 4.8% ar an meán go bliantúil ar fhostaíocht iomlán sna gairmeacha ar leith; an ráta fáis is mó as na 17 ngrúpa gairme leathana a iniúchadh agus go mór os cionn an mheánráta bhliantúil de 0.5%. Bhí fás ann ar bheagnach gach gairm (cé is moite d’oibrithe próisis eile agus d’oibrithe innealra agus meaisín (tháinig laghdú de dhíreach os cionn 4% ar an meán go bliantúil orthu) agus ar oibrithe ceimiceacha agus gairmeacha gaolmhara (bhí siad gan athrú i ndáiríre); bhí an ráta fáis is mó ann ar oibrithe bia, dí agus tobac, (18.2%  ar an meán go bliantúil); ar chóimeálaithe (8.4% ar an meán go bliantúil) agus ar oibrithe tógála (6.7% ar an meán go bliantúil) (Figiúr  9.16.2)
  • Thar an tréimhse cúig bliana, tháinig méadú 14,000 ar leibhéil fostaíochta iomlána; bhí an dearbhmhéadú is mó ann ar oibrithe bia, dí agus tobac (7,000) agus ar ghnáthoibrithe (4,500); bhí an laghdú is mó ann ar oibrithe innealra agus meaisín (2,000)
  • Idir 2013 agus 2014 tháinig laghdú de 6.6% nó beagnach 5,000 ar fhostaíocht iomlán; bhí an laghdú is mó ann ar ghnáthoibrithe, athrú sa treocht a bhí ann ó 2009
  • Bhí aon cheathrú d’oibrithe tógála 55 bliana d’aois nó níos sine – dúbailt sciar an mheánráta náisiúnta – agus an fórsa oibre is sine i measc gairmeacha d’oibrithe  (Figiúr 9.16.3)
  • Bhí próifíl oideachais na n-oibrithe fostaithe claonta i dtreo gnóthachtálacha oideachais shóisearaigh; bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle ag beagnach os cionn leath de na hoibrithe tógála; bhí siad ag a thrian d’oibrithe próisis  eile agus d’oibrithe innealra agus meaisín; bhí an sciar a bhí fostaithe i ngach gairm a raibh cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET acu níos airde ná an meán náisiúnta (Figiúr 9.16.4)
  • Níorbh Éireannaigh iad leath d’oibrithe tógála – ceann de na sciartha is airde san fhórsa oibre náisiúnta; níorbh Éireannaigh iad aon chúigiú d’oibrithe sna gairmeacha eile.

 

Táscairí ganntanais

Cé go raibh os cionn 3,500 folúntas d’oibrithe fógartha ar thairseacha PES agus Irishjobs.ie amháin in 2014, bhí breis is 10,000 oibrí (próiseas agus tógáil den chuid is mó) ag lorg oibre trí PES i mBealtaine 2015.

Tá a lán folúntas ann mar gheall ar athrú fostóra, agus d’athraigh gach cineál oibrí fostóir go minic in 2014,  oibrithe bia, próisis agus tógála san áireamh.

Mar sin féin tá ganntanas oibrithe ríomhrialaithe uimhriúil ann, go háirithe i ndéantúsaíocht ardteicniúil (m.sh. feistí leighis agus cógaisíocht) agus in innealtóireacht.

Fuair a lán oibrithe dífhostaithe oiliúint i scileanna oibríocha traidisiúnta agus tá easpa cumais theicniúil agus dhigitigh iontu, cumais atá ag teastáil i ndéantúsaíocht ardteicniúil uathoibrithe. Mar thoradh ar an nganntanas, chuir BOO Shligigh, Mhaigh Eo agus Liatroma cúrsa nua ar siúl in earrach 2014. Ceaptar go dtiocfaidh 30 oibrí cáilithe FRU as an gcúrsa seo.

Ceaptar go mbeidh éileamh mór ann ar scileanna oibríocha  i gcónaí sa mheántéarma mar gheall ar chomh maith is atá (agus a bheidh, meastar) an earnáil déantúsaíochta ardteicniúla ag feidhmiú. Toisc go mbeidh trealamh caipitiúil curtha in áit oibrithe mar thoradh ar uathoibriú leanúnach sna próisis déantúsaíochta, beidh sé seo chun tairbhe oibrithe sciliúla ar chostas oibrithe neamhoilte.

Chun tairbhe a bhaint as na deiseanna fostaíochta beidh sé riachtanach cur le scileanna na n-oibrithe, de réir mar  a éiríonn a róil níos déine ó thaobh eolais agus teicneolaíochta de agus beidh an t-idirdhealú idir ról an teicneora agus ról an oibrí níos doiléire.