Oibrithe Ginearálta
Nóta: Pléitear roinnt gairmeacha sa chuid seo agus, ar son na simplíochta de, tagraítear dóibh mar shaothraithe; ina measc tá glantóirí, póirtéirí, sórtálaithe, cúntóirí éagsúla agus gairmeacha eile nach bhfuil rangaithe in aon áit eile.
Príomhphointí maidir le saothraithe ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 147,000 duine fostaithe sna bunghairmeacha ar leith, sin 7.7% d’fhostaíocht náisiúnta
- Bhí beagnach dhá thrian díobh (nó 94,000 duine) fostaithe i mbunghairmeacha glantóireachta, tógála, díolacháin agus stórála (Figiúr 9.17.1)
- Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú de 3.2% ar an meán go bliantúil ar fhostaíocht iomlán; bhí tuairim is 26,000 cailliúint ghlan ann; bhí an dara meath fostaíochta is mó (meath coibhneasta agus dearbhmheath) ag an ngrúpa gairme seo as na 17 ngrúpa gairme leathana a iniúchadh (i ndiaidh gairmeacha tógála)
- Thar an tréimhse cúig bliana sin bhí na rátaí laghdaithe fostaíochta is mó ann ag bunghairmeacha próisis agus tógála (10.7 agus 9.1% ar an meán go bliantúil faoi seach); bhí an dearbhmheath is mó ann sna gairmeacha seo (21,000 agus 8,000 faoi seach); i gcodarsnacht leis seo bhí an méadú is mó (méadú coibhneasta agus dearbhmhéadú) ar bhunghairmeacha talmhaíochta.
- Idir 2013 agus 2014 áfach, tháinig méadú de 1.8% ar fhostaíocht iomlán, cosúil leis an meánráta náisiúnta; bhí tuairim is 2,500 post glan sa bhreis ann, agus bhí an dearbhmhéadú is mó ann ar bhunghairmeacha tógála (Figiúr 9.17.2)
- Bhí an phróifíl aoise is sine ag daoine a bhí fostaithe sna bunghairmeacha riaracháin (sin iad oibrithe poist, sórtálaithe poist) – bhí 27% díobh 55 bliana nó níos sine – níos airde ná an meánsciar náisiúnta
- Bhí an sciar de dhaoine a raibh cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle acu agus cáilíochtaí iar-bhunoideachais shinsearaigh/FET acu go mór os cionn an mheáin náisiúnta; i gcodarsnacht, bhí an sciar a raibh cáilíochtaí tríú leibhéal acu go mór faoi bhun an mheáin náisiúnta
- Fir is mó a bhí ag obair sa chuid is mó de na gairmeacha, cé is moite de ghlantóirí agus de bhunghairmeacha próisis, le díreach os cionn 70% agus beagnach 40% de mhná ag obair sna gairmeacha seo
- Bhí beagnach 60% de ghlantóirí ag obair go páirtaimseartha, ceann de na sciartha is mó de gach gairm san fhórsa oibre náisiúnta
- Níorbh Éireannaigh iad tuairim is 46% de shaothraithe próisis agus 42% de ghlantóirí – i measc na sciartha is mó de gach gairm san fhórsa oibre náisiúnta
- I gceathrú 4 2014 ba é 12% an ráta dífhostaíocht do na bunghairmeacha tógála i gcomparáid le 20% an bhliain roimhe sin; ach bhí sé fós os cionn an ráta náisiúnta.
Táscairí ganntanais
The data highlights the transitory nature of employment in elementary occupations (e.g. cleaners, security guards, routine testers, elementary construction workers, agricultural labourers etc.):
Léiríonn na sonraí chomh neamhbhuan is atá fostaíocht sna bunghairmeacha (m.sh. glantóirí. gardaí slándála, tástálaithe gnáthúla, bunoibrithe tógála, saothraithe talmhaíochta agus araile)
- Athrú fostóra ar bhonn rialta
- Aistriú ó fhostaíocht go dífhostaíocht ar bhonn rialta
- Aistriú ó fhostaíocht go neamhghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn rialta
- Líon ard folúntas agus líon ard cuardaitheoirí poist ann ag an am céanna
Tá sciar níos airde ná an meán de dhaoine nach Éireannaigh iad ag obair i mbunghairmeacha.
Cé nach bhfuil aon ghanntanas saothraithe ann faoi láthair, beidh sé níos dúshlánaí amach anseo bunoibrithe a mhealladh agus a choinneáil nuair a bheidh níos mó deiseanna fostaíochta ann i ngach earnáil den gheilleagar. |