Príomhphointí maidir le gairmeacha innealtóireachta ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 23,000 duine fostaithe sna gairmeacha innealtóireachta ar leith, sin 1.2% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.2.1)
- Bhí beagnach leath den fhostaíocht iomlán dírithe ar dhéantúsaíocht (earraí cógaisíochta agus innealra/trealamh den chuid is mó) agus aon chúigiú breise dírithe ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla (gníomhaíochtaí ailtireachta agus innealtóireachta den chuid is mí; tástáil agus anailís theicniúil)
- Bhí beagnach 60% d’fhostaíocht iomlán sna gairmeacha innealtóireachta ar leith ag an leibhéal gairmiúil (is é sin innealtóirí) ; bhí an fuílleach ag leibhéal teicneora
- Thar an tréimhse 2009 go 2014 bhí an fás is mó ar an taifead i ngairmeacha innealtóireachta i measc na 17 ngrúpa ghairmeacha a scrúdaíodh (6.5% ar an meán go bliantúil); cé is moite de ghairmithe innealtóireachta eile, tháinig fás i ngach gairm, leis an bhfás is mó in innealtóirí táirgeachta, deartha agus QC (12.2% ar an meán go bliantúil) ) (Figiúr 9.2.2)
- Thar an tréimhse chéanna cúig bliana bhí dearbhfhás iomlán fostaíochta de thuairim is 6,000; leis an bhfás is mó in innealtóirí táirgeachta, deartha agus QC (beagnach 3,000); bhí fostaíocht sna gairmeacha innealtóireachta eile gan mórán athraithe.
- Idir 2014 go 2014 tháinig laghdú de 1.8% i bhfostaíocht iomlán sna gairmeacha innealtóireachta; cé is moite de ghairmithe innealtóireachta eile bhí fostaíocht sna gairmeacha innealtóireachta ar fad gan mórán athraithe.
- Bhí níos mó ná ceithre chúigiú de dhaoine fostaithe i ngach gairm idir 25-54 bliana d’aois (Figiúr 9.2.3)
- Bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag breis is 90% d’innealtóirí fostaithe; bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag 75% de theicneoirí innealtóireachta (Figiúr 9.2.4)
- Bhí an scairde de mhná fostaithe sna gairmeacha innealtóireachta gairmiúla (15%) agus sna gairmeacha teicneora (21%) go mór faoi bhun an ráta náisiúnta (46%); bhí an sciar is mó de mhná (35%) ag obair mar theicneoirí próiseála, táirgeachta agus QA.
- D’oibrigh an chuid is mó de ghairmithe innealtóireachta agus de theicneoirí go lánaimseartha agus b’Éireannaigh iad
- I gceathrú 4 2014 bhí ráta dífhostaíochta de 5.1% sna gairmeacha innealtóireachta, go mór faoi bhun an ráta náisiúnta de 10%
Táscairí ganntanais
in 2014 bhí 13,000 innealtóir agus 10,000 teicneoir innealtóireachta ag obair in Éirinn, an chuid is mó díobh fostaithe sna hearnálacha déantúsaíochta, gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla.
Tá próifíl aoise sna gairmeacha innealtóireachta níos óige ná an meán náisiúnta (go háirithe d’innealtóirí leictreonacha, deartha agus forbartha). Chomh maith leis sin ceaptar gurb é 1,500 an t-éileamh athsholáthair bliantúil (ag cur innealtóirí ag éirí as san áireamh) toisc nach mbeidh mórán daoine ag fágáil na ngairmeacha.
Toisc go bhfuiltear ag súil go mbeidh na hearnálacha gairmiúla, eolaíochta agus seirbhísí teicniúla ag feidhmiú go láidir, chomh maith leis an ngluaiseacht go dtí gníomhaíochtaí breisluacha déantúsaíochta, ceaptar go mbeidh éileamh earcaíochta bliantúil ann do bhreis is 2,000
Tá an t-éileamh mór ar scileanna innealtóireachta le feiceáil sna fógraí post a rinneadh ar na mallaibh, ina measc ABEC ( trealamh próiseála innealtóireachta do dhéantúsaíocht bithchógaisíochta), EPS (cóireáil uisce agus fuíolluisce), Schwungrad Energie Limited (an chéad ghreille san Eoraip atá ceangailte le saoráid seirbhíse do chóras roth lústair hibrideach.
Tacaíonn sonraí folúntas do 2014 leis an toradh seo cé go bhfuil folúntais ann freisin toisc go bhfuil innealtóirí ag éirí as agus tá sé seo le feiceáil i réimse rialaithe cáilíochta ach go háirithe.
Ceaptar go bhfuil níos lú ná 4,300 céimí innealtóireachta tríú leibhéal ann (2013/2014), agus tá céim onórach nó iarchéim ag tuairim is leath díobh. Ní chuireann sé seo céimithe i dteicneolaíocht pholaiméirí in IT Shligigh (leibhéal 6/7) agus in IT Átha Luain (leibhéal 8). Chomh maith leis sin, i mBealtaine 2015 bhí 400 innealtóir agus 270 teicneoir innealtóireachta (céimithe tríú leibhéal) ag lorg oibre agus réidh chun tosú.
In ainneoin an tsoláthair scileanna innealtóireachta ón gcóras oideachais agus an tsoláthair ón lucht dífhostaíochta a bhfuil scileanna innealtóireachta acu, tá ganntanais fós ann. In 2014 tháinig 380 innealtóir ó thaobh amuigh den LEE.
Tá ganntanais sna scileanna seo ag an leibhéal gairmiúil::
- Innealtóireacht táirgeachta agus próiseála – próiseáil uathoibrithe agus córas rialaithe (ríomhrialú uimhriúil (RRU), pleanáil táirgeachta agus bainistíocht agus comhtháthú shlabhra an tsoláthair (m.sh. feistí leighis, biteicneolaíocht agus earraí cógaisíochta)
- Forbairt táirgí agus innealtóireacht deartha ( i bhfeistí leighis agus i mbiteicneolaíocht agus in earraí cógaisíochta)
- Rialú cáilíochta, innealtóireacht dearbhaithe agus bailíochtaithe (m.sh. córais bailíochtaithe ríomhchóras, comhlíontacht rialála
- Innealtóireacht leictreach (m.sh. sábháilteacht leictreach a thástáil d’fheistí leighis
- Innealtóireacht leictreonach
- Innealtóireacht cheimiceach – róil speisialaithe i dtionscal na biteicneolaíochta/earraí cógaisíochta
- Innealtóireacht mheicniúil – cóireáil fuíolluisce agus íonaithe, polaiméirí agus múnlú trí instealladh
Teicneoirí
Ag leibhéal teicneora, tá ganntanais aitheanta in innealtóireacht leictreonach (róil chineálacha agus i dteicneolaíocht ghléasta dromchla (TGS?PTH Oibrithe Áthdhéanaimh (cóimeáil clár ciorcad priontáilte leictreonach (CCCPL)