Scileanna Gairme

Gairmeacha Gnó & Airgeadais

Príomhphointí maidir le gairmeacha gnó agus airgeadais ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 162,000 duine fostaithe sna gairmeacha gnó agus airgeadais ar leith, sin 8.5% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.4.1)
  • Bhí beagnach leath d’fhostaíocht Iomlán dírithe ar ghníomhaíochtaí airgeadais, árachais agus eastáit réadaigh (36%) agus ar ghníomhaíochtaí dlí agus cuntasaíochta (15%) 
  • Bhí an tríú cuid d’fhostaíocht iomlán at leibhéal riaracháin (leabharchoimeádaithe, bainisteoirí párolla agus cléirigh pá den chuid is mó); bhí a thrian ag leibhéal gairmiúil (cuntasóirí agus saineolaithe cánach den chuid is mó); bhí an ceathrú cuid ag leibhéal gairmiúil comhlach agus bhí an fuílleach ag leibhéal bainistíochta.
  • Bhí an chuid is mó fostaithe i ngairmeacha riaracháin airgeadais (54,000) agus i gcuntasaíocht agus i gcánachas (tuairim is 39,000) – sin an tríú agus an ceathrú cuid d’fhostaíocht iomlán faoi seach.
  • Idir 2009 -2014 níor tháinig ach laghdú an-bheag ar fhostaíocht sna gairmeacha gnó agus airgeadais, ag ráta 0.3% go bliantúil; ach bhí éagsúlacht i bhfás fostaíochta sna gairmeacha; bhí an fás ba mhó do shainchomhairleoirí bainistíochta, anailísithe gnó agus bainisteoirí tionscadail agus gairmithe gnó comhlacha eile (gach grúpa ag 12% ar an meán go bliantúil), agus bainisteoirí cuntas airgeadais ( 9.8% ar an meán go bliantúil); i gcodarsnacht bhí an meath ba mhó ann do bhróicéirí agus do fhrithgheallaithe árachais ( 6.8% ar an meán go bliantúil); agus do bhainisteoirí agus do stiúrthóirí institiúidí airgeadais, agus do ghairmeacha riaracháin airgeadais (go comhpháirteach ag 4.2% ar an meán go bliantúil); bhí an dearbhmheath ba mhó ann do ghairmeacha riaracháin airgeadais (Figiúr 9.4.2)
  • Idir 2013 agus 2014 ní raibh mórán athraithe ar fhostaíocht iomlán.
  • Bhí níos mó ná ceithre chúigiú de dhaoine fostaithe sna gairmeacha gnó agus airgeadais ag aois 25-54 (Figiúr 9.4.3)
  • Bhí cáilíocht tríú leibhéal ag níos mó ná 90% de dhaoine fostaithe ag leibhéal gairmiúil; bhí cáilíocht tríú leibhéal ag 80% de dhaoine fostaithe ag leibhéal gairmiúil comhlach; 55% an sciar de dhaoine fostaithe i ngairmeacha riaracháin (Figiúr 9.4.4)
  • Bhí an sciar de mhná fostaithe i ngairmeacha riaracháin airgeadais agus mar bhainisteoirí AD agus mar oifigigh caidrimh thionsclaíoch AD réasúnta ard, ag dul  ó 70% go 75%

Táscairí ganntanais

In 2014 ba líonmhar iad an méid fógraí nua d’fholúntais do dhaoine a raibh scileanna airgeadais agus gnó acu. Mar shampla ar thairsí PES agus Irishjobs.ie amháin bhí 2,300 folúntas ann do ghairmithe airgeadais (cuntasóirí, anailísithe gnó, achtúirí agus eacnamaithe), 2,500 folúntas do theicneoirí airgeadais (cuntasaíocht, árachas agus infheistíocht) agus 2,500 do chléirigh airgeadais.

Tá scileanna airgeadais agus gnó ag teastáil i mbeagnach gach earnáil den gheilleagar, cé go bhfuil a lán daoine fostaithe go díreach sna hearnálacha gníomhaíochtaí airgeadais agus gairmiúla. Bhí a lán folúntas ann toisc daoine ag éirí as obair. Mar shampla, d’aistrigh beagnach 4,000 cléireach airgeadais, 2,000 gairmí airgeadais (cuntasóirí, anailísithe gnó agus araile) agus 1,300 teicneoir airgeadais (cuntasaíocht, árachas agus infheistíocht) ó fhostaíocht go dtí neamhghníomhaíocht eacnamaíochta (scor, cúraim bhaile, staidéar agus araile) rud a chúisigh éileamh athsholáthair. Chomh maith leis sin bhí fágáil post shuntasach i ngairmeacha airgeadais, go háirithe i measc bainisteoirí cuntas airgeadais, eacnamaithe agus cléirigh airgeadais.

É sin ráite, táthar ag súil go mbeidh éileamh mór ar scileanna airgeadais, mar a fheictear sna fógraí post a rinneadh le déanaí: Miagen (réamhaisnéis, pleanáil agus anailís), Zalando (anailísíocht mhór sonraí), Acorn Life (comhairle airgeadais), Accenture (seirbhísí airgeadais san áireamh), Zurich (árachas) agus araile. Ceaptar go mbeidh fás ar an éileamh ar scileanna AD de réir mar a théann an téarnamh i dtreis, mar a fheictear sna fógraí post i réimse AD a rinneadh le déanaí (m.sh. Hays Ireland Recruitment).

Tá go leor soláthair scileanna airgeadais agus gnó ón gcóras oideachais: in 2013/14 bhí 26,000 céimí breisoideachais agus ardoideachais ó chúrsaí eolaíochta sóisialta agus gnó (cuntasaíocht agus airgeadas san áireamh), a raibh 15,000 díobh ag leibhéil 8 nó níos airde NFQ. Bhí tuairim is 500 gairmí airgeadais agus 400 teicneoir airgeadais a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu cláraithe leis an TCS i mBealtaine 2015 mar chuardaitheoirí poist a bhí réidh chun tosú ag obair agus ní líon ollmhór é sin nuair a chuirtear méid an fhórsa oibre agus na dífhostaíochta aimhréirí san áireamh.

Tá ganntanais fós ann in earnálacha gnó agus airgeadais áfach. Eisíodh breis is 350 cead do dhaoine nár náisiúnaigh LEE iad chun dul ag obair i ngairmeacha airgeadais (mar bhainisteoirí, mar ghairmithe agus mar theicneoirí) in 2014

Tá ganntanais scileanna sna réimsí seo a leanas:

  • Bainistíocht riosca
  • Comhlíontacht (ALM, BAEL, MiFID, IAFID, AIFMD)
  • Cuntasaíocht ( cáin, iniúchóireacht, athstruchtúrú airgeadais agus bainistíocht
  • Éirim ghnó (m. sh. Oracle OBIEE, ERP le SAP)
  • Anailísiocht sonraí, eacnamaíocht agus staitisticí (sonraí móra, anailísiocht tuartha, amharcléiriú sonraí/ grafaic faisnéise agus samhaltú sonraí)
  • Comhairleoirí airgeadais (baincéireacht/árachas)
  • Cuntasaíocht ciste/ róil iontaobhaithe agus róil  gníomhaireacht aistriúcháin seirbhísiú cliaint (go háirithe le scileanna AML)
  • Cléirigh airgeadais ilteangacha (rialú creidmheasa agus fiacha)

Tá a lán comhlachtaí airgeadais ag fáil céimithe eolaíochta, mata agus ríomhaireachta do róil i mórshonraí, samhaltú sonraí agus éirim ghnó, de réir mar a dhéanann dul chun cinn teicneolaíochta an líne idir TF, airgeadas, mata, eolaíocht, innealtóireacht agus róil teicniúla eile doiléir. Tá sé seo ag treisiú na saincheiste faoin bhfáil atá ann ar scileanna teicniúla in Éirinn agus go domhanda.

Ceaptar go gcruthóidh  an Chomhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (CTIT) idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá atá faoi chaibidil anois, fás suntasach in earnáil na seirbhísí airgeadais in Éirinn, le hacmhainneacht fáis aitheanta in earnáil an árachais (RPFN, CTIT Tionchar in Éirinn, Feabhra  2015). Cuirfidh sé seo dlús leis an éileamh ar scileanna airgeadais ag an leibhéal gairmiúil, teicneora agus riaracháin.