Scileanna Gairme

Related Sector Profiles...
Medical & Healthcare Medical & Healthcare
Social & Caring Social & Caring
 

Gairmeacha Cúraim Sláinte

Príomhphointí maidir le gairmeacha cúram sláinte ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 103,000 duine fostaithe sna gairmeacha cúram sláinte ar leith, sin 5.4% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.5.1)
  • Ba ghairmithe iad beagnach 90% díobh siúd a bhí fostaithe sna gairmeacha cúram sláinte ar leith (tuairim is 92,000 duine)
  • Bhí 55,000 altra agus cnáimhseach fostaithe, sin leath den fhostaíocht iomlán sna gairmeacha cúram sláinte ar leith: seo an fórsa oibre gairmiúil is mó go náisiúnta agus an ceathrú ceann go náisiúnta i ndiaidh cúntóirí díolacháin, feirmeoirí agus gairmeacha riaracháin eile.
  • Idir 2009 agus 2014 tháinig méadú de 1.1% ar na gairmeacha cúram sláinte ar leith: bhí fás láidir bliantúil ar an meán ar fhisiteiripeoirí (8.9%, cé go raibh leibhéal bunúsach íseal ann in 2009), gairmithe saothair agus teiripe (7.1%) agus dochtúirí (4%); i gcodarsnacht bhí meath an-bheag ar an meán go bliantúil ann do phoitigéirí, d’altraí agus do chnámhaigh.
  • Thar an tréimhse 2009 – 2014 bhí 5,500 post breise ann; bhí an méadú is mó ann ar dhochtúirí (2,000); ach tháinig laghdú sa ghairm seo idir 2013 agus 2014.
  • Idir 2013 go 2014 tháinig laghdú de 0.8% nó de 1,000 i bhfostaíocht iomlán; bhí sé seo i gcodarsnacht le fás dearfach de 1.7% go náisiúnta (Figiúr 9.5.2)
  • Bhí ceithre chúigiú de dhaoine fostaithe i ngairmeacha cúram sláinte 25-54 bliana d’aois; bhí an cúigiú cuid de dhochtúirí agus de theiripeoirí saothair agus teiripe 55 bliana nó os a chionn (Figiúr 9.5.3).
  • Ba chéimithe iad breis is 90% de chéimithe gairmeacha cúram sláinte; breis is 80% an sciar de ghairmithe comhlacha cúram sláinte.
  • Cé gur mhná iad an chuid is mó de na daoine fostaithe i ngairmeacha cúram sláinte, b’fhir iad díreach os cionn a leath díobh.
  • Níorbh Éireannaigh iad an ceathrú cuid de theiripeoirí saothair agus teiripe fostaithe – níos mó ná an sciar náisiúnta de 15%

Táscairí ganntanais

Le blianta anuas chúisigh an rialú fostaíochta maidir le conarthaí fostaíochta buana san earnáil cúram sláinte a bhfuil maoiniú poiblí aici gluaiseacht rialta dochtúirí agus altraí idir fostóirí. Bhí sé seo soiléir sa líon aistrithe ionghairme; d’aistrigh 1,500 dochtúir (bhí cuid den aistriú seo mar gheall ar ghnáthrothlú ospidéil le linn oiliúna) agus d’aistrigh 4,500 altra in 2014. Ba cheart go mbeadh níos lú gluaiseachta ionghairme ann agus, níos tábhachtaí fós, éileamh níos mó ar róil cúram sláinte mar gheall ar chealú ar an gcosc earcaíochta.

Ceaptar nach mbeidh ach méadú beag ar chaiteachas poiblí mar gheall ar riachtanais beart comhdhlúthaithe fioscach amach anseo; beidh níos lú fás ar fhostaíocht i seirbhísí a bhfuil maoiniú poiblí acu, cúram sláinte ina measc, ná mar a bhíothas ag súil leis. Ceaptar nach mbeidh ach cuid an-bheag ann den riachtanas earcaíochta iomlán ann in aon fhás a bheidh ann agus beidh sé sin ann mar gheall ar an éileamh athsholáthair. Meastar go mbeidh 2,00 altra agus 1,500 gairmí cúram sláinte agus gairmí comhlach ag fágáil a bpost. Mar thoradh air sin meastar go mbeidh breis is 5,000 gairmí cúram sláinte agus gairmí comhlach ag teastáil agus riachtanas earcaíochta d’altraí freagrach as a leath díobh siúd.

Tá ganntanas seasta dochtúirí in Éirinn agus sa chuid is mó de thíortha forbartha. Ní fiú trácht ar an lion oibrithe cúram sláinte atá dífhostaithe agus ba chuid thábhachtach de chleachtais AD é scileanna cúram sláinte a thabhairt isteach ón iasacht: eisíodh breis is 1,000 cead do dhochtúirí nár náisiúnaigh LEE iad agus 150 cead d’altraí. in 2014

Tá ganntanais i gcónaí ann sna gairmeacha seo a leanas:

  • Dochtúirí (go háirithe dochtúirí ionaid agus neamh-chomhairleacha ospidéil, dochtúirí cláraitheacha agus speisialtóirí leighis (m.sh. leigheas ginearálta agus éigeandála, ainéistéisithe, péidiatraithe, raideolaithe comhairleacha), altraí – altraí ardchleachtais (m.sh. dianchúram, obrádlann), altraí cláraithe (m.sh. altranas ginearálta, cúram cairdiach, cúram páistí, cúram míchumas intleachta, cúram meabhairshláinte) agus altraí cliniciúla.
  • Raideolaithe (speisialtóirí cliniciúla: raideolaithe ÍAM agus CT
  • Speisialtóirí nideoige (teiripeoirí radaíochta, éisteolaithe, ortoptaigh, próistéicticeoirí, ortótaiceoirí
  • Bainisteoirí seirbhísí sláinte
Mhéadaigh an Roinn Sláinte an líon mac léinn leighis ar glacadh isteach leo roinnt blianta ó shin (bhí breis is 1,500 céimí a raibh leibhéil 8 nó níos airde acu in 2013/2014, cé nach mic léinn LEE cuid acu) agus tá an Roinn ag obair ar na conairí trí oiliúint leighis speisialaithe, ag súil leis an spleáchas ar dhochtúirí eachtrannacha i ngráid neamh-chomhairleacha ospidéil a laghdú agus an líon dochtúirí a oiltear in Éirinn a choinneáil. Ba cheart go maolódh cealú an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí cuid de na ganntanais thuas.