Scileanna Gairme

Related Sector Profiles...
Education Education
 

Gairmeacha Oideachais

Príomhphointí maidir le gairmeacha oideachais ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 116,000 duine fostaithe sna gairmeacha oideachais ar leith, sin 6.1% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.6.1)
  • Bhí beagnach ceithre chúigiú d’fhostaíocht ag an leibhéal gairmiúil ( bhí trí chúigiú i múinteoireacht bunscoile, naíolainne agus meánscoile); agus 8% eile ag obair ag leibhéal gairmiúil comhlach
  • Thar an tréimhse 2009 – 2014 cé nár tháinig ach fás de 0.6% ar fhostaíocht bhliantúil ar an meán, bhí fostaíocht láidir ann do ghairmithe múinteoireachta agus oideachais eile (7.3% go bliantúil ar an meán), traenálaithe/teagascóirí ceirde agus tionsclaíocha (6.9% go bliantúil ar an meán), agus múinteoirí meánscoile (5.2% go bliantúil ar an meán);i gcodarsnacht leis seo, tháinig laghdú i bhfostaíocht sna gairmeacha eile, leis an laghdú is mó i measc gairmithe teagaisc ardoideachais agus breisoideachais.
  • Thar an tréimhse chéanna cúig bliana cruthaíodh 3,500 post breise glan; bhí an méadú fostaíochta ba mhó ann do mheánmhúinteoirí (6,600); i gcodarsnacht leis sin bhí an laghdú ba mhó ann do mhúinteoirí bunscoile agus naíolainne (beagnach 6,000)
  • Idir 2013 agus 2014 tháinig laghdú de 2.2% ar fhostaíocht iomlán agus bhí cailliúint ghlan ann de bheagnach 3,000; cé nár níor athraíodh leibhéil fostaíochta go suntasach sa chuid is mó de na gairmeacha, bhí an chailliúint ba mhó ann i measc meánmhúinteoirí (Figiúr 9.6.2
  • Bhí ceathrú amháin de ghairmithe teagaisc ardoideachais agus breisoideachais 55 bliana d’aois nó os a chionn (Figiúr 9.6.3)
  • Ba chéimithe tríú leibhéal an chuid is mó de dhaoine fostaithe ag an leibhéal gairmiúil nó comhlach; ba chéimithe tríú leibhéal iad dhá chúigiú de chúntóirí oideachais.
  • Ba mhná iad trí chúigiú ar a laghad de dhaoine fostaithe i ngach gairm; bhí an sciar de mhná (90%) ba mhó ann i measc múinteoirí bunscoile agus naíolainne agus cuntasóirí taca oideachais; bhí an bhearna inscne ba lú ann san fhórsa oibre de mhúinteoirí ardoideachais agus breisoideachais, mar fir ab ea níos mó ná a leath den fhórsa oibre sin.

 

Táscairí ganntanais

Le blianta beaga anuas, toisc nach raibh conarthaí buana ar fáil san earnáil oideachais a raibh maoiniú poiblí aici, bhí múinteoirí ag aistriú go minic ó fhostóir go fostóir. In 2014 meastar gur aistrigh 5,500 bunmhúinteoir agus meánmhúinteoir, sin an ráta aistrithe ba mhó do bheagnach aon ghairm eile. Ba cheart go laghdódh cealú an choisc ar earcaíocht  san earnáil phoiblí an ghluaiseacht ionghairme agus go mbeadh éileamh níos mó ann ar mhúinteoirí.

 

Cé go bhfuiltear ag súil le roinnt éilimh nuair a thosaíonn an earnáil phoiblí ag earcú arís, mar gheall ar mhéadú cúramach ar chaiteachas poiblí, beidh an chuid is mó den riachtanas earcaíochta ann mar gheall ar éileamh athsholáthair. In 2014 d’aistrigh beagnach 4,000 bunmhúinteoir agus meánmhúinteoir go dtí neamhghníomhaíocht eacnamaíochta, (cúraim bhaile, agus araile).

In 2014 tháinig beagnach 6,000 céimí ó chúrsaí oideachais a raibh leibhéil NFQ 8 nó níos airde acu (coláistí príobháideacha san áireamh). Go dtí go bhfuil polasaí an Rialtais maidir le caiteachas poiblí ar oideachas soiléir ní féidir a rá an leor an líon céimithe sin chun an riachtanas earcaíochta a shásamh.

Cruthóidh an t- athrú déimeagrafach brú chun an líon múinteoirí a mhéadú. Ceaptar go dtiocfaidh méadú ar an daonra sa mheántéarma sna haoischohóirt  ábhartha – páistí idir 5-12 (bunscoil) agus 13-18 (meánscoil). Don tréimhse 2016-2021 mheas an POS go mbeadh fás tuartha de 35,000 -46,000 ann (ag brath ar an gcás) don chohórt bunscoile agus 32,000-37,000 don chohórt meánscoile. (Réamh-mheastacháin Daonna agus Fórsa Oibre 2016-2946, POS, 2013)

Fiú le déanaí i rith na dtréimhsí de rósholáthar múinteoirí (i mBealtaine 2015 bhí 600 cuardaitheoir poist a raibh cáilíochtaí tríú leibhéal acu réidh le tosú ag obair), bhí saincheisteanna ann maidir le múinteoirí a sholáthar a raibh saineolas acu in ábhair ar leith, eolaíocht agus mata mar shampla.

De réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar tá seans ann go mbeidh sé níos deacra daoine a bhfuil scileanna eolaíochta agus mata acu a mhealladh go dtí an mhúinteoireacht toisc éileamh mór ar na scileanna céanna in earnálacha eile (m.sh. airgeadas)