Scileanna Gairme

Related Sector Profiles...
Medical & Healthcare Medical & Healthcare
Social & Caring Social & Caring
 

Gairmeacha Sóisialta & Cúraim

Gairmeacha sóisialta agus cúraim

Príomhphointí maidir le gairmeacha sóisialta agus cúraim ar leith

 

  • In 2014 bhí tuairim is 102,000 duine fostaithe sna gairmeacha sóisialta agus cúraim ar leith, sin 5.3% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.7.1)
  • Le 52,000 duine fostaithe, b’oibrithe cúraim/cúramóirí baile iad leath díobh seo a bhí fostaithe sna gairmeacha ar leith
  • Bhí 80% d’fhostaíocht iomlán dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhain le sláinte an duine agus le hobair shóisialta.
  • Idir 2009 – 2014 ní raibh mórán athraithe i bhfostaíocht sna gairmeacha sóisialta agus cúraim; tháinig laghdú an-bheag de 0.4% ar an meán go bliantúil (cothrom le 2,000); bhí an ráta laghdaithe céanna seo cosúil leis an meánráta náisiúnta  (Figiúr 9.7.2)
  • Thar an tréimhse chéanna cúig bliana, tháinig fás de 3.5% ar an meán go bliantúil iar fhostaíocht gairmithe comhlacha cúraim agus tithíochta; bhí an ráta fáis céanna ann ar ghairmeacha seirbhísí cúraim pearsanta; cé is moite d’fheighlithe  leanaí, bhí an ráta laghdaithe ar an meán go bliantúil níos mó ná an meánráta náisiúnta.
  • Ba iad na feighlithe  leanaí, le beagnach an cúigiú cuid díobh ag aois 15-24, an fórsa oibre is óige i measc na ngairmeacha ar leith; i gcodarsnacht leis seo, ba iad na fórsaí oibre d’oibrithe sóisialta agus de ghairmithe leasa agus de ghairmithe comhlacha leasa agus tithíochta na grúpaí is aibí, le 30% díobh 55 bliana nó os a chionn (Figiúr 9.7.3)
  • 95% an sciar de chéimithe tríú leibhéal i measc oibrithe sóisialta agus gairmithe leasa; ní raibh cáilíochtaí tríú leibhéal ach ag an tríú cuid d’oibrithe cúraim/cúramóirí baile agus d’oibrithe cúraim agus seirbhísí pearsanta; bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle ag an gcúigiú cuid d’oibrithe cúraim/cúramóirí baile.
  • Fórsa oibre baineann de ghairmeacha sóisialta agus cúraim den chuid is mó a bhí ann; beagnach mná ar fad a bhí ag obair mar fheighlithe leanaí.
  • Bhí dhá chúigiú de dhaoine fostaithe sna gairmeacha sóisialta agus cúraim ag obair go páirtaimseartha, beagnach dúbailt an mheánráta náisiúnta; bhí dhá thrian d’altraí naíolainne agus de chúntóirí fostaithe ag obair go páirtaimseartha (ceann de na sciartha is mó go náisiúnta); díreach os cionn a leath d’fheighlithe leanaí a bhí ag obair go páirtaimseartha.
  • Níorbh Éireannaigh iad an ceathrú cuid d’fheighlithe leanaí, níos mó ná an meánsciar náisiúnta de 14.7%

Táscairí ganntanais

 

In 2014 bhí 51,000 oibrí cúraim agus 19,000 feighlí leanaí ann. Bhí tuairim is leath díobh ag obair go páirtaimseartha agus mná ab ea an chuid is mó díobh. Tá ráta fágála an-ard ag an dá ghairm seo, agus mar gheall ar athrú fostóra d’aistrigh 6,700 agus 4,200 faoi seach in 2014.

Chomh maith leis seo, bhí ceann de na líonta aistrithe ba mhó ann idir fostaíocht, dífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht eacnamaíochta sna gairmeacha seo.

.

Mar gheall ar aistriú go dtí neamhghníomhaíocht eacnamaíochta, measadh gurbh é 7,000 agus 4,000 an t-éileamh athsholáthair ar oibrithe cúraim agus ar oibrithe cúram leanaí faoi seach. Toisc go bhfuil gluaiseacht chomh mór sin ann, tuigtear go mb’fhéidir go bhfuil deacrachtaí ag roinnt fostóirí oibrithe cúraim agus oibrithe cúram leanaí cáilithe a mhealladh agus a choinneáil.

In 2014 bhí 3,300 céimí i gcúram/altranas ag leibhéal NFQ 5 agus 4,000 céimí i gcúram leanaí ag leibhéil NFQ 5 agus 6 ann, le 1,400 céimí eile in obair shóisialta agus i gcomhairleoireacht ag leibhéil NFQ 5 agus 6. Chomh maith leis sin bhí 4,800 cúramóir agus 500 feighlí leanaí ag lorg oibre agus réidh le tosú i mBealtaine 2015.

Le daonra na hÉireann ag dul in aois tiomáinfidh sé sin an t-éileamh ar oibrithe cúraim amach anseo. Tuarann an POS go mbeidh breis is aon cheathrú den daonra 65 bliana d’aois nó os a chionn, agus go mbeidh leathmhilliún den daonra os cionn 80 bliain d’aois faoin mbliain 2046. (Population and Labour Force Projections 2016-2046, CSO, 2013).

 

Braithfidh sé ar pholasaí an Rialtais más ionann an riachtanas seo agus fás fostaíochta toisc go bhfuil maoiniú poiblí ag cuid shuntasach de na seirbhísí cúraim. Bhí roinnt méadaithe fostaíochta le feiceáil cheana féin sna fógraí post a rinneadh le déanaí. Ina measc bhí fógraí ó Euromedic Éireann, cúram Bluebird, teach altranais Morehall Lodge, RHS Daffodil Care agus araile.