Scileanna Gairme

Gairmeacha Dlí & Slándála

Gairmeacha Dlí agus Slándála

Príomhphointí maidir le gairmeacha dlí agus slándála ar leith

  • In 2014 bhí tuairim is 36,000 duine fostaithe sna gairmeacha dlí agus slándála ar leith, sin 1.9% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.8.1)
  • Bhí beagnach 70% d’fhostaíocht iomlán dírithe ar riarachán poiblí agus ar chosaint, agus 25% eile dírithe ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla.
  • Thar an tréimhse 2009 go 2010 tháinig méadú ó 37,000 go dtí 43,000 sna gairmeacha dlí agus slándála ach faoi 2014 bhí sé díreach faoi bhun leibhéal 2009 arís; thar an tréimhse cúig bliana ní raibh mórán athraithe sna gairmeacha ar fad (Figiúr 9.8.2)
  • Idir 2013 agus 2014 tháinig laghdú de 1.6% ar fhostaíocht iomlán; bhí sé seo i gcodarsnacht le fás dearfach de 1.7% go náisiúnta; bhí fás níos mó ná an meánráta náisiúnta, ag 2.9% agus 9.2% faoi seach, i bhfostaíocht gardaí agus i seirbhísí cosanta; bhí an fás glan ar na gairmeacha seo beag go leor
  • Bhí beagnach 90% de dhaoine fostaithe sna gairmeacha dlí agus slándála idir 25-54 bliana d’aois (Figiúr 9.8.3)
  • Bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag beagnach gach duine sna gairmeacha dlí (is é sin abhcóidí, breithiúna, dlíodóirí agus gairmithe dlí gaolmhara); ar an taobh íseal den speictream oideachais, bhí cáilíochtaí iar-bhunoideachais shóisearaigh nó níos ísle ag aon chúigiú de phearsanra airm. (Figiúr 9.8.4)
  • Fir Éireannacha a bhí sa chuid is mó de na daoine fostaithe sna gairmeacha dlí agus slándála agus bhí siad ag obair go lánaimseartha.

Táscairí ganntanais

 

Bhí 10,000  gairmí dlí (abhcóidí, breithiúna agus dlíodóirí ina measc) fostaithe in Éirinn in 2014.

Tá an chuma ar an scéal gur leor é an líon céimithe dlí ón gcóras oideachais agus traenála, 1,500 céimí dlí ó chúrsaí leibhéal 8 NFQ nó níos airde) in 2014 chun an riachtanas earcaíochta a líonadh (meastar go bhfuil  níos lú ná 1,000 atá ag teastáil)

Tháinig méadú ar lion na nGardaí le déanaí; braithfidh aon mhéadú eile ar pholasaí an Rialtais.