Gairmeacha do Ghairmithe Foirgníochta agus do Ghairmithe Comhlacha Foirgníochta
Príomhphointí maidir le gairmeacha do ghairmithe foirgníochta agus ghairmithe comhlacha foirgníochta ar leith
- In 2014 bhí tuairim is 19,000 duine fostaithe sna gairmeacha do ghairmithe foirgníochta agus ghairmithe comhlacha foirgníochta ar leith, sin 1% d’fhostaíocht náisiúnta (Figiúr 9.1.1)
- Bhí beagnach 85% d’fhostaíocht iomlán ag an leibhéal gairmiúil.
- Bhí díreach os cionn 60% den fhostaíocht iomlán dírithe ar ghníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla (gníomhaíochtaí ailtireachta agus innealtóireachta den chuid is ó); bhí 15% eile ag obair i riarachán poiblí agus i gcosaint; ní raibh ach 4% ag obair i dtógáil.
- Idir 2009 agus 2014 tháinig laghdú de 3.5% ar an meán go bliantúil ar fhostaíocht sna gairmeacha ar leith i gcomparáid leis an meánráta náisiúnta de 0.5%; tháinig laghdú i ngach gairm (cé is moite den ghrúpa comhcheangailte – teicneolaithe ailtireachta, bainisteoirí tionscail tógála agus suirbhéirí); bhí an ráta laghdaithe ba mhó ann ar ailtirí agus ar phleanálaithe baile (8.4% ar an meán go bliantúil) agus ar innealtóirí sibhialta (3.5% ar an meán go bliantúil)
- Thar an tréimhse cúig bliana, cailleadh beagnach 4,000 post; bhí an laghdú glan ba mhó ann ar ailtirí agus ar phleanálaithe baile (Figiúr 9.9.2)
- Cé gur tháinig méadú de 2.1% ar fhostaíocht iomlán idir 2013 agus 2014, ní raibh mórán athraithe ar leibhéil fostaíochta.
- Bhí tuairim is 90% de ghairmithe foirgníochta idir 25-54 bliana d’aois; 80% an sciar de ghairmithe foirgníochta comhlacha
- Ba chéimithe tríú leibhéal iad beagnach 95% de ghairmithe foirgníochta a bhí fostaithe; 76% an sciar de ghairmithe foirgníochta comhlacha
- Fir ab ea an chuid is mó de na daoine fostaithe i ngach gairm: bhí an sciar ba mhó de mhná ag obair mar ailtirí agus mar phleanálaithe baile.
Táscairí ganntanais
Tar éis roinnt mhaith blianta nuair nach raibh mórán éilimh ann ar scileanna foirgníochta, bhí roinnt folúntas ann do ghairmithe foirgníochta agus do theicneoirí in 2014. Cé go raibh roinnt folúntas ann mar gheall ar éileamh athsholáthair agus aistriú i bhfostaíocht, cuireann fás san earnáil tógála leis an éileamh. Tá fás ag teacht de réir a chéile ar innéacs táirgeachta, coigeartaithe de réir séasúir, i dtógáil agus i bhfoirgníocht ó 2012. Ceaptar go mbeidh dlús le fás glan agus coibhneasta sa mheántéarma ann, de réir mar a thagann an earnáil chuici féin i ndiaidh na titime a bhí ann nuair a tháinig deireadh leis an mbolgán tithíochta.
Bhí an fás tosaigh dírithe ar fhoirgníocht tráchtála agus tharla sé mar gheall ar fhorbairt in earnálacha eile, is é sin bithchógaisíocht/leigheas, fóntais agus TFC. Tá an fás i bhfoirgníocht trádála le feiceáil ó fhógraí poist a rinneadh le déanaí (m.sh. Bausch agus Lomb (déantúsaíocht cógaisíochta), EPS (cóireáil uisce agus fuíolluisce), Apple (lárionad sonraí nua).
Táthar ag ceapadh go mbeidh fás ann i bhfoirgníocht chónaithe freisin, ag féachaint ar na comharthaí ón margadh réadmhaoine le déanaí: tá praghasinnéacs míosúil réadmhaoine cónaithe ag fás go leanúnach ó Mhárta 2013 (cé go raibh roinnt cobhsúchán praghasanna ann le cúpla mí anuas) agus tá fás ag teacht ar an innéacs táirgeachta ó cheathrú 1 2014.
Tá líon suntasach céimithe ag teacht ó na cúrsaí foirgníochta (breis is 1,500 go bliantúil ag leibhéal 8 nó níos airde). Chomh maith leis sin tá méid áirithe scileanna foirgníochta fós ann (i mBealtaine 2015 bhí 200 innealtóir sibhialta agus 160 ailtire ag cuardach poist agus réidh chun tosú ag obair). Is dócha gur leor an soláthar ó na foinsí seo chun an t-éileamh a líonadh sa ghearrthéarma.
Mar sin féin tá ganntanais scileanna fós ann:
- Suirbhéirí cainníochta agus foirgníochta
MEF (Múnlú eolas foirgníochta, DRC) |